
DOWNLOADS
STRAITÉIS CHUMANN LÚTHCHLEAS GAEL DON GHAEILGE V2[5]
Leabhrán Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
Scileanna Peile / Football Channels
Téarmaí do Chruinnithe - Terms for Meetings
Imreoirí/Bainisteoirí - Players/Managers
Cúigí agus Contaetha Provinces
Ábhar do Chláir Chluiche / Material for Programmes
Oifigigh Ghaeilge - Chultúrtha
Rialacha Thráth na gCeisteanna CNG 2019
Ag Eagrú Seisiún Cóitseála agus Aclaíochta Ar Líne do Dhaoine Óga
Ceistneoir Sláinte do na Cluichí Gaelacha
Foirm Dhearbhaithe Maidir le Stádas Slainte do na Cluichí Gaelacha
Tacaíonn Cumann Lúthchleas Gael le cur chun cinn na Gaeilge, an damhsa Ghaelaigh, an cheoil, na hamhránaíochta agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúir éagsúla i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael.
Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil i gcomhar leis an Oifigeach Gaeilge. Foilsíodh Straitéis Chumann Lúthchleas Gael don Ghaeilge ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mí an Mheithimh 2019 (is féidir í a íoslódáil ar an leathanach seo).
Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ann a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Chumann go náisiúnta. Tá Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gcúige Uladh, freisin.
Tá coistí i ngach contae agus i ngach cúige.
Tá sé de dhualgas ar gach club sa tír Oifigeach Gaeilge/Cultúir a cheapadh.
Tá dhá leabhrán ann le treoir agus cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin – ‘An tOifigeach Gaeilge sa Chlub’ agus ‘Leabhrán Téarmaí Gaeilge’. D’fhoilsigh Coiste Náisiúnta na Gaeilge na leabhráin sin.
Tugann an tOifigeach Gaeilge i gcomhar le Coiste Náisiúnta na Gaeilge cabhair agus tacaíocht do eagrais eile a bhíonn ag cur chun cinn na Gaeilge. Is iad seo a leanas baill reatha Choiste Náisiúnta na Gaeilge:
Seosamh Mac Donncha, Cathaoirleach, Carna Caiseal, Gaillimh
Jamie Ó Tuama, Rúnaí, Dún Doire, An Mhí
Cormac Ó Donnchú, Na Fianna, Áth Cliath
Marc Ó Síocháin, Achadh Bolg, Corcaigh
Cliodhna Ní Giolla Chearra, Naomh Colmcille, An Charraig Mhór, Tír Eoghain
Réamonn Ó Ciaráin, Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin, Ard Mhacha
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, CLG Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
Tomás Ó hAiniféin, Lios Póil, Ciarraí
Lorcán Mac Gabhann, Cill Mochuda na Crócaigh, Áth Cliath
Liam Ó Laochdha, (An Mhumhain) CLG Eochaill, Co. Chorcaí
Tricia Ní Chearra, (Ulaidh) CLG Sheáin Uí Mháirtín, An Dún
Séamus Ó Mídheach, (Laighin) CLG Ard Cloch, Co. Chill Dara
Barra Mac Thiarnáin, (Connachta) CLG Chill Tiobraid, Co. Liatroma
Is féidir breis eolais faoi ról na Gaeilge i Cumann Lúthchleas Gael a fháil ó Pháirc an Chrócaigh ach teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama ag 087 9505695 / 01 8192941 nó tríd an ríomhphost ag jamie.otuama@gaa.ie.