An dara babhta de Chiste Miondeontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar oscailt!
Tá an dara babhta de Chiste Miondeontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar oscailt!
Tá an dara babhta de chiste miondeontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar oscailt anois agus glacfar le hiarratas suas go dtí 5.00in ar an Aoine, 25 Iúil, 2025. Scéim deontais í seo do chlubanna (atá cláraithe leis an bhFondúireacht) ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Tá uasmhéid de €500 le fáil ón scéim seo agus cuireann an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón gciste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil.
Scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir leat do chlub a chlárú leis an bhFondúireacht ANSEO