Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cultúr Agus Gaeilge

Gaeilge

Ambasadóir na Gaeilge CLG 2024, Seán O'Shea

Ambasadóir na Gaeilge CLG 2024, Seán O'Shea

Tacaíonn Cumann Lúthchleas Gael le cur chun cinn na Gaeilge, an damhsa Ghaelaigh, an cheoil, na hamhránaíochta agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúir éagsúla i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael.

Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil i gcomhar leis an Oifigeach Gaeilge.

Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ann a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Chumann go náisiúnta. Tá Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gcúige Uladh agus i gcúige Mumhan, freisin.

Tá coistí i ngach contae agus i ngach cúige.

Tá sé de dhualgas ar gach club sa tír Oifigeach Gaeilge/Cultúir a cheapadh.

Tá dhá leabhrán ann le treoir agus cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin – ‘An tOifigeach Gaeilge sa Chlub’ agus ‘Leabhrán Téarmaí Gaeilge’. D’fhoilsigh Coiste Náisiúnta na Gaeilge na leabhráin sin.

Bíonn ailt rialta i nGaeilge le feiceáil ar rannóg Ghaeilge an tsuímh seo. Chomh maith leis sin, tá cuid mhaith de na hacmhainní Gaeilge atá ag CLG le fáil ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.

Is féidir breis eolais faoi ról na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael a fháil ó Pháirc an Chrócaigh ach teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama ag 087 9505695 / 01 8192941 nó tríd an ríomhphost ag jamie.otuama@gaa.ie.