Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Tráth na gCeist Gaeilge CLG 2025

An Bhréadach buacach ag Babhta Ceannais Thráth na gCeist Gaeilge

An Bhréadach buacach ag Babhta Ceannais Thráth na gCeist Gaeilge

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais do Thráth na gCeist Gaeilge CLG 2025 faoi láthair. Más mian le do chlub a bheith páirteach ann cuir scéala chuig jamie.otuama@gaa.ie (roimh an Aoine, 19 Mean Fómhair).

Ag brath ar éileamh, d'fhéadfadh se tarlú go mbeadh ar chlubanna níos mó ná babhta amháin a dhéanamh le Babhta Ceannais na hÉireann a bhaint amach. Eagrófar na babhtaí cúige i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna agus socrófar dáta do Bhahtaí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ina dhiaidh sin. Ta rialacha an Chomórtais le fáil thíos. Ní mór a bheith i do bhall den chlub le páirt a ghlacadh ann.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Jamie Ó Tuama ag an seoladh ríomhphoist thuasluaite.