Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

CLG agus Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025

Iománaithe óga ó Ghaeltacht Iorrais agus ó Dhaingean Uí Chúis ag na Go Games Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh níos túisce sa bhliain

Iománaithe óga ó Ghaeltacht Iorrais agus ó Dhaingean Uí Chúis ag na Go Games Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh níos túisce sa bhliain

Ábhar bróid do Chumann Lúthchleas Gael go mbeidh an Cumann ag glacadh páirte i bhféile mhór Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 a bheidh ar siúl idir 16-24 Lúnasa i mbliana.

Cuireann Cumann Lúthchleas Gael oidhreacht dhúchasach na hÉireann chun cinn ó cheann ceann na bliana tríd na cluichí Gaelacha, trí ghníomhaíochta eile ar nós Scór agus tríd an gclár oibre atá ag an gCumann don Ghaeilge.

Is é téama Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2025 ná ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’ agus ‘tugtar cuireadh dúinn na tradisiúin agus cleachtais, eolas agus na scileanna a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile a fhiosrú.’

Le linn na féile beidh Cumann Lúthchleas Gael, mar eagras náisiúnta, ag leagan béime ar leith ar na clubanna sin atá tar éis tús a chur leis an iomáint agus leis an gcamógaíocht ina gcuid clubanna le deireanas agus ar na clubanna siúd atá tar éis na cluichí sin a athbheochan ina gcuid pobal.

Is féidir le clubanna páirt a ghlacadh san fhéile agus sa cheiliúradh mór seo ar a mbealach féin, freisin. Tá roinnt samplaí de na rudaí a d’fhéadfadh na clubanna a dhéanamh anseo thíos:

LÁ OSCAILTE: Lá oscailte a eagrú sa chlub. Tabhair cuireadh don phobal earraí nó rudaí eile a bhaineann le CLG a thabhairt chuig an gclub. D’fhéadfaí rud ar bith a thabhairt ó chamáin go boinn, go geansaithe go sínithe imreoirí. Is féidir leo siúd ar leo na hearraí seo scéal na n-earraí a insint don phobal. D’fhéadfaí an lá oscailte a dhíriú orthu siúd nach bhfuil sa phobal i bhfad, nó orthu siúd nach bhfuil mórán bainte acu le CLG. Deis a bheadh ann ardán a thabhairt do chluichí agus do ghníomhaíochta uile an Chumainn chomh maith le cúrsaí staire an Chumainn.

AN TOGRA STAIRSHEANCHAIS: Tabhair cuireadh do lucht ICAN (Gréasán Cartlainne Phobail na hÉireann) teacht chuig an gclub le stairsheanchas an chlub, an pharóiste agus na gcluichí móra ina raibh an club páirteach iontu a bhailiú. Lean Comhairle Thogra na nGlúnta de chuid CLG agus gríosaigh baill óga an chlub le scéalta na ndaoine aosta sa chlub a bhreacadh síos agus a thaifead chun an nasc maidir le féiniúlacht an phobail áitiúil a neartú.

TAISPEÁNTAS GRAINGHRAF: Tabhair cuireadh do bhaill an chlub agus an pharóiste grianghraif ó ghníomhaíochta éagsúla de chuid an chlub a chur ar aghaidh agus a chur ar taispeáint.

LÉACHT A EAGRÚ: Tabhair cuireadh do staraí nó leabharlannaí áitiúil teacht le labhairt faoi stair Chumann Lúthchleas Gael sa cheantar nó sa chontae. D’fhéadfaí labhairt faoin oidhreacht a bhaineann le clubanna áitiúla agus faoin gcaoi ar tháinig forbairt ar na cluichí i do cheantar thar na blianta. Cén fáth a bhfuil dathanna áirithe ag an gclub? Cad é stair ainm an chlub? Cár imríodh cluichí tosaigh an chlub? Cé a chuir an club ar bun?

SCÓR/FSMD: Eagraigh ceolchoirm de chuid Scór sa chlub ina bhfuil béim ar amhráin nó ar rannta áitiúla faoin gceantar nó faoin gclub. D’fhéadfaí an ócáid a eagrú go dátheangach nó i nGaeilge amháin mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, freisin. Bíodh damhsa Gaelach, filíocht agus scóraíochtaí/nuachleasanna mar chuid de. Gaeilge / GAA - Glór na nGael

TÚS A CHUR LE CARTLANN STAIRE SA CHLUB: D’fhéadfaí é a dhéanamh mar thogra digiteach. Tabhair cuireadh do bhaill de chuid an chlub taighde a dhéanamh ar stair an chlub agus réitigh cur i láthair a d’fhéadfaí a thaifead nó a thabhairt os comhair slua. D’fhéadfaí airgead a fháil ó chiste deontais oidhreachta de chuid Chomhairle na Oidhreachta dá leithéid. Cuir tús le cartlann club trí mhiontuairiscí, sheancháipéisí, phleananna srl. a bhaineann leis an gclub a bhailiú. Tabhair cuireadh do bhaill óg agus aosta gabháil i mbun oibre ar an gcartlann nua. Bíodh sé mar chuid den togra staire béil thuasluaite.

CLUICHÍ A EAGRÚ: Is é an bealach is fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar CLG ná cluichí a eagrú agus a imirt. Poc Fada, Cic Fada, Daideanna agus Laideanna, Gaelic4Mothers&Others. Iomáint agus Camógaíocht Shóisialta. Tugann na rudaí seo uilig deis do dhaoine teacht amach agus páirt ghníomhach a ghlacadh i gceiliúradh ar CLG agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha.