Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall – an nasc Gaeilge agus Gaeltachta
Seán O'Shea, Ciarraí, á chur faoi bhrú ag Daire Ó Baoill, Dún na nGall
Le Jamie Ó Tuama
Tabharfaidh dhá chontae mhóra Ghaeltachta aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann inniu – Ciarraí agus Dún na nGall. Déanfar ionadaíocht ar go leor de mhuintir na Gaeltachta agus ar chlubanna atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó páirtlonnaithe sa Ghaeltacht.
Cúis mhór bhróid do go leor cainteoirí Gaeilge fud fad na tíre nuair a bhíonn cainteoirí Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ag imirt ar an stáitse is mó agus sin mar a bheidheas inniu i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Is maith le lucht labhartha Gaeilge nuair a éiríonn go maith le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu sa saol seo agus beidh súil ghéar á coinneáil againn ar lucht na Gaeilge ón dá fhoireann – agus níl aon ghanntanas acu ann!
Cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta sa sneachta ar 4ú Eanáir 1969 i Machaire Gathlán, Gaoth Dobhair. Ba chlubanna as Ciarraí (An Ghaeltacht) agus Dún na nGall (Gaoth Dobhair) amháin a d’imir sa chéad ‘Comórtas Peile na Gaeltachta’ agus sa chéad chluiche idir-Ghaeltachta a bhí ann riamh. Nach tráthúil go bhfuil imreoirí ón dá chlub bhródúla Ghaeltachta sin ag gabháil chun páirce agus ag déanamh ionadaíochta ar na clubanna sin i gCluiche Ceannais na hÉireann inniu.
Feicfidh muid Conallaigh in aghaidh Ciarraíoch. Muintir Uíbh Ráthach agus Chorca Dhuibhe in aghaidh mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill, ó Ghleann go Fánaid. Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars (mar a cuireadh síos orthu ar tuairisc.ie i rith na seachtaine!), Ó Beaglaoich in aghaidh Uí Bhaoill, Mac Aoidh in aghaidh Mhic Ghearailt.
Labhair Seán ’Fada’ Ó Domhnaill le lucht an Spota Dubh tráth faoin mbuntáiste a bhíodh aige féin agus ag Seán Óg de Paor nuair a bhí Gaillimh i mbarr a réime ag deireadh na nóchaidí agus ag tús na mílaoise de bharr an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu. ‘Thuas’ nó ‘thíos’ a deireadh siad lena chéile agus iad ag briseadh na liathróide, ‘ar dheis’, ‘ar chlé’, ‘gabh fúm’. Bhíodh buntáiste beag le fáil acu i gcónaí de bharr na Gaeilge – cé nár oibrigh sé go rómhaith nuair a bhíodh Darragh Ó Sé agus muintir Chiarraí ag gabháil in iomaíocht leo i lár na páirce.
Cúis cheiliúrtha é Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ar an gcaid agus ar an bpeil, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis. Músclaítear mothúcháin ionainn agus bíonn bród uafásach againn as an áit ar as muid, as ár muintir agus as an dream a d’imigh romhainn i measc go leor eile. Ag cuid againn bíonn an nasc sin atá againn leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht – rud a dhéanann difriúil muid – ag croílár na mothúchán sin, freisin.
Tabharfaidh an dá chontae Ghaeltachta, Ciarraí agus Dún na nGall, aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann inniu
Beidh go leor de mhuintir na Gaeltachta bainteach leis an dá fhoireann a ghabhfaidh chun páirce inniu. Beidh Jack O’Connor agus Aodán Mac Gearailt ar an taobhlíne do na Ciarraígh. Tá Brian Ó Beaglaoich ó Chumann Caide na Gaeltachta ainmnithe le tosú ag uimhir a cúig agus beidh imreoirí ag déanamh ionadaíochta ar Dhaingean Uí Chúis agus ar Phiarsaigh Na Dromada, freisin – Paul, Conor agus Dylan Geaney chomh maith le Tom O’Sullivan ó Dhaingean Uí Chúis agus Graham O’Sullivan ó Phiarsaigh Na Dromada. Cé gur as Neidín do Sheán O’Shea ní fhéadfaí alt mar seo a scríobh gan Ambasadóir Gaeilge CLG 2024 a lua – ná Dylan Casey agus Diarmaid O’Connor beirt imreoirí eile de chuid Chiarraí a bhfuil togha na Gaeilge acu!
Maidir le Dún na nGall beidh neart imreoirí ó chlubanna Gaeltachta, nó ó chlubanna atá páirtlonnaithe sa Ghaeltacht, le feiceáil Dé Domhnaigh chomh maith – Gaoth Dobhair, Cill Chartha agus Naomh Conaill i measc clubanna eile. Ainmnithe ar an mbinse ó Ghaoth Dobhair tá Dáire Ó Baoill, Odhrán Mac Pháidín Ó Fearraigh agus Domhnall Mac Giolla Bhríde. Beidh Niall Mac Aoidh ar an taobhlíne dóibh. Beidh triúr as Cill Chartha ann freisin - Ryan McHugh, Eoin McHugh agus Paddy McBrearty. Is i gCill Chartha a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta an chéad bhliain eile dar ndóigh.
Tosóidh Finnbarr Roarty ag uimhir 2 do Naomh Conaill agus caithfidh Ciarán Thompson geansaí 11. Beidh Jeaic Mac Ceallabhuí agus Odhrán Doherty ar an mbinse. Déanfar ionadaíocht ar Naomh Náille agus ar Ghleann tSúilí nuair a théann Michael Murphy chun páirce do lucht Ghleann tSúilí agus nuair a théann Brendan McCole, Peadar Mogan agus Gavin Mulreany chun páirce do lucht Naomh Náille. Clubanna iad seo atá páirtlonnaithe sa Ghaeltacht dar ndóigh!
Sula gcaithfear an liathróid isteach inniu tabharfar ómós d’fhoireann bhuacach Chiarraí a bhuaigh Corn Shomhairle Mhig Uidhir faoi stiúir Pháidí Uí Shé thiar sa bhliain 2000, ag thart ar 2.35in. Cé a dhéanfadh dearmad ar an óráid bhuacach a thug Páidí féin ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin thiar sa bhliain 1985.
Nuair a théann foireann sin Chiarraí agus na hIubhaile chun páirce Dé Domhnaigh déanfar ceiliúradh ar a thuilleadh laochra caide Gaeltachta – Dara Ó Cinnéide, Darragh agus Tomás Ó Sé agus Aodán Mac Gearailt ina measc!
Ar 3.30in inniu beidh atmaisféar spleodrach ann. Beidh an pharáid díreach críochnaithe. Beidh Amhrán na bhFiann casta. Beidh deora bróid agus deora áthais á sileadh ar fud na staide agus ar fud an domhain. Beidh cuislí ag preabadh le mórtas agus beidh sceitimíní ar mhuintir Chiarraí, ar mhuintir Dhún na nGall agus ar Ghaeil ar fud an domhain. Beidh cúiseanna éagsúla áirithe leis na mothúcháin sin – áit, muintir, pobal, Éireannachas, clann, stair, comhar na gcomharsan agus go leor eile. Beidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht lárnach sna mothúcháin sin ag go leor, freisin. Bí cinnte de sin.
Mar atá luaite ar shuaitheantas Chumann Caide na Gaeltachta, Sprid, Croí, Caid, Teanga.