Lú ag ceiliúradh agus torthaí eile dheireadh na seachtaine
Iománaithe Lú - Buaiteoirí Roinn 3B de Shraith Iomána Allianz
Le Jamie Ó Tuama
Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, a chéad chorn mar Uachtarán ar an deireadh seachtaine tar éis do Lú an ceann is fearr a fháil ar Fhear Manach i Roinn 3B de Shraith Iomána Allianz. Chuir an toradh sin as radharc ag barr na sraithe iad. Is iad Uíbh Fhailí curaidh Roinn 2A tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Dún.
I Roinn 1A agus 1B bhí buanna ag an gClár, ag Cill Chainnigh, ag Tiobraid Árann, ag Gaillimh agus ag Luimneach. Chríochnaigh an cluiche idir Aontroim agus Loch Garman ar comhscór thuas i bPáirc Uí Chorragáin.
Torthaí Dheireadh na Seachtaine
Roinn 1A
Tiobraid Árann 4-27 An Iarmhí 0-16
Gaillimh 4-28 Port Láirge 3-23
Luimneach 0-33 Corcaigh 2-19
Roinn 1B
Aontroim 1-21 Loch Garman 2-18
An Clár 0-34 Áth Cliath 2-23
Cill Chainnigh 1-29 Laois 0-22
Roinn 2A
Ciarraí 4-30 Cill Mhantáin 1-17
Uíbh Fhailí 5-25 An Dún 1-19
Ceatharlach 5-28 An Mhí 0-17
Roinn 2B
Cill Dara 4-25 Ros Comáin 0-10
Doire 3-22 Dún na nGall 3-21
Roinn 3B
An Cabhán 1-20 Liatroim 1-17
Lú 3-16 Fear Manach 0-15