Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Am na cinniúna buailte linn i Sraitheanna Peile Allianz – Torthaí Dheireadh na Seachtaine

An Mhí agus Maigh Eo ó Roinn 2 Thuaidh tríd chuig Cluichí Leathcheannais Peile Shraitheanna Allianz

An Mhí agus Maigh Eo ó Roinn 2 Thuaidh tríd chuig Cluichí Leathcheannais Peile Shraitheanna Allianz

Le Jamie Ó Tuama

Beidh cinniúint go leor contaetha le foghlaim acu go luath tar éis chluichí peile dheireadh na seachtaine i Sraitheanna Allianz. Beidh roinnt contaetha ag troid le fanacht sa Roinn ina bhfuil siad faoi láthair agus beidh an chuid eile ag troid le hardú céime a fháil.

I Roinn 1 Theas den tsraith bhí buanna ag Ciarraí ar Ros Comáin agus ag Áth Cliath ar Ghaillimh agus chríochnaigh an dá chluiche i Roinn 1 Thuaidh idir Ard Mhacha agus Dún na nGall agus idir Tír Eoghain agus Muineachán ar comhscór.

Fágann sé sin go n-imreoidh Dún na Gall in aghaidh Átha Cliath agus go n-imreoidh Tír Eoghain in aghaidh Chiarraí i gCluichí Leathcheannais Roinn 1. Imreoidh Ard Mhacha in aghaidh Ros Comáin agus imreoidh Muineachán in aghaidh na Gaillimhe sna babhtaí dícháilithe.

Tar éis thorthaí dheireadh na seachtaine i Roinn 2 imreoidh Maigh Eo in aghaidh an Chláir agus imreoidh an Mhí in aghaidh Chill Dara sna babhtaí leathcheannais. Imreoidh an Dún in aghaidh Laoise agus imreoidh an Iarmhí in aghaidh Chorcaí sna cluichí dícháilithe.

Imreoidh Doire in aghaidh Luimnigh agus imreoidh Fear Manach in aghaidh Uíbh Fhailí i gCluichí Leathcheannais Roinn 2 agus imreoidh An Cabhán in aghaidh Chill Mhantáin agus An Longfort in aghaidh Thiobraid Árann i mbabhtaí dícháilithe na Roinne sin.

Tabharfaidh Aontroim aghaidh ar Phort Láirge agus tabharfaidh Lú aghaidh ar Cheatharlach i gCluichí Leathcheannais Roinn 4.

Seo thíos torthaí uile dheireadh seachtaine seo ó Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz:

Sraitheanna Peile Allianz

Roinn 1 Thuaidh

Ard Mhacha 1-16 Dún na nGall 1-16

Tír Eoghain 0-14 Muineachán 0-14

Roinn 1 Theas

Áth Cliath 2-16 Gaillimh 1-15

Ciarraí 2-15 Ros Comáin 1-12

Roinn 2 Thuaidh

An Dún 0-13 An Iarmhí 1-09

Maigh Eo 3-17 An Mhí 2-12

Roinn 2 Theas

Corcaigh 0-22 An Clár 1-18

Cill Dara 2-18 Laois 1-08

Roinn 3 Thuaidh

Doire 1-16 An Cabhán 2-11

Fear Manach 1-15 An Longfort 0-18

Roinn 3 Theas

Luimneach 2-19 Cill Mhantáin 1-12

Uíbh Fhailí 1-17 Tiobraid Árann 1-12

Roinn 4 Theas

Ceatharlach 2-12 Loch Garman 2-11

Roinn 4 Thuaidh

Aontroim 2-17 Liatroim 1-19

Lú 3-18 Sligeach 1-14

Sraitheanna Iomána Allianz

Roinn 1B

Cill Chainnigh 2-27 Loch Garman 0-23

Roinn 3A

Sligeach 5-23 An Longfort 2-19

Ard Mhacha 1-27 Muineachán 2-15