Caitheann Tony Ó Murchú súil chun cinn ar chluichí iomána dheireadh na seachtaine
Tabharfaidh an Clár aghaidh ar Áth Cliath i Sraith Peile Allianz Dé Sathairn i bPáirc Pharnell
Le Jamie Ó Tuama
Tá deireadh seachtaine mór iomána amach romhainn i Sraitheanna Iomána Allianz. Labhair mé le hiarchaptaen Chill Dara, Tony Ó Murchú, an tseachtain seo lena chuid tuairimí a fháil i leith na gcluichí móra atá amach romhainn.
‘Is é an cluiche is mó a bhfuilim ag súil leis an deireadh seachtaine seo, is dócha, ná Áth Cliath agus an Clár. Sílim gurb é sin an ceann is mó atá ag seasamh amach dom. Ar pháipéar bheifeá ag breathnú ar Luimneach agus Corcaigh, ach tá gach seans go mbeidh sórt ‘cluichí’ ar siúl agus Craobh na Mumhan ag teacht go han-tapaidh ar fad.
‘Ar a laghad le hÁth Cliath agus an Clár, tá an Clár faoi an-bhrú faoi láthair. Tá Áth Cliath, is dócha, faoi bhrú i mbliana agus tá siad tosaithe go maith. Sílim gur cluiche oscailte a bheidh ann agus go mbeidh an dá fhoireann sin ag tabhairt faoi sin 100% agus nach mbeidh ‘aon chluichí’ ar siúl sa chúlra. Sílim go mbeidh sé sin an-spéisiúil ar fad.
‘Tá sé sin ar siúl i bPáirc Pharnell, Dé Sathairn, agus beidh géariomaíocht ann. Tá an Clár faoi bhrú anois. Bhí an cluiche buaite acu i gcoinne Loch Garman ach rinneadar praiseach de ag an deireadh. Beidh B’leá Cliath ag breathnú air seo mar cheann sa bhaile a bhfuil orthu a bhuachan i ndáiríre.’
Ní raibh tús chomh maith sin leis an tsraith ag curaidh na Éireann, Luimneach. D’iarr mé ar Tony ar cheap sé go mbeadh aon rud ag déanamh imní de bhainisteoir Luimnigh, John Kiely, ag an bpointe seo.
‘Sílim go mbeidh Kiely beagáinín buartha maidir le cúrsaí smachta agus go háirithe tar éis an chluiche sin i bPort Láirge. Tá an cineál dearcaidh ag teacht amach ó Luimneach go bhfuil gach aoinne ina gcoinne anois agus réiteoirí agus gach aoinne eile. Tá an dearcadh sin go breá a fhad is nach ndéantar rudaí amaideacha ar an bpáirc. Cuireadh beirt den pháirc an lá deireanach de bharr dhá rud scaoilte – dhá chárta dhearga dhíreacha.
‘Bheadh Kiely buartha faoi sin. Ní dóigh liom go mbeadh sé buartha faoi mhórán eile. Tiocfaidh siad le chéile ó thaobh an form atá acu. Easpa smachta, chuirfeadh sé sin imní ormsa dá mba rud é go raibh mé ag ullmhú don chraobh.
‘Seachas sin, ní dóigh liom go bhfuil mórán fadhbanna acu go fóill. Tá, fós, painéal thar a bheith láidir acu agus tá an form ag teacht de réir a chéile.’
Bliain mhór roimh Chill Dara i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha
Bhí tús maith ag Aontroim leis an tsraith i mbliana agus baineadh stangadh as go leor nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an gClár sa chéad chluiche sraithe a bhí acu. Thug siad taispeántais mhaithe sna cluichí eile a d’imir siad ina dhiaidh sin, freisin, in aghaidh Áth Cliath agus Chill Chainnigh. Tá Tony an-tógtha leo go dtí seo.
‘Tá Aontroim tar éis a bheith an-iomaíoch’, a deir Tony. ‘Tá (Darren) Gleeson tar éis sárobair a dhéanamh ansin. Níl aon dabht faoi sin. Tá siad tar éis a bheith an-iomaíoch.
‘I mblianta eile chonaic muid foirne ar nós Aontroma, b’fhéidir, cluiche mór amháin ag an tús ach ansin b’fhéidir go sleamhnódh siad siar, ach thugadar taispeántas an-mhaith i gcoinne Chill Chainnigh chomh maith agus is cosúil go bhfuil siad ag gabháil isteach i ngach cluiche leis an dearcadh ceart.
‘Tá Loch Garman ag dul suas ansin ar an deireadh seachtaine go Páirc Uí Chorragáin agus tá Loch Garman faoi bhrú. Bhíodar go hainnis in aghaidh Chill Chainnigh sa chéad leath ach go háirithe. Bhíodar go maith i gcoinne an Chláir ach ba iad Rory O’Connor agus Chin a tharraing tríd an gcluiche iad níos mó ná aoinne eile, ach, bheadh an ceann seo déarfainn ar fhéilire Aontroma. Beidh siad tar éis a bheith ag breathnú air seo le tamall ag rá leo féin, ‘caithfidh Loch Garman teacht suas chugainn’. Beidh siad réidh agus ullamh dóibh.
‘Ag an am céanna bheifeá ag súil go mbeadh Loch Garman ag súil le cluiche mór anseo agus nach mbeadh siad ag ceapadh go bhfaigheadh siad aon rud ró-éasca thuas ansin.’
Tá Uíbh Fhailí ag suí go compordach ag barr Roinn 2A agus 6 phointe as 6 sé phointe gnóthaithe acu go dtí seo. Tá 48 cúilín de dhifríocht scórála acu tar éis na gcluichí sin. D’iarr mé ar Tony céard a cheap sé faoi fheachtas sraithe Uíbh Fhailí go dtí seo.
‘Tá Uíbh Fhailí tar éis a bheith an-chompordach. Ní raibh mórán dúshlán acu go fóill. Bhí Ceatharlach go maith an chéad lá ina gcoinne ach, is dócha, an rud is mó a thabharfaidh sásamh do bhainistíocht Uíbh Fhailí ná an scóráil atá ar siúl acu. Tá siad ag scóráil go mór. Scaoileadar roinnt mhaith isteach in aghaidh Cheatharlach agus bheadh sé sin ag cur imní orthu ach ní fheicim aon difríocht i gcoinne chontae an Dúin. Gach seans go mbeidh slad eile i gceist ansin.’
Tony Ó Murchú den tuairim go bhfuil sárjab a dhéanamh ag Shane O'Neill
Bhí tús maith ag Cill Dara le Roinn 2B. Nochtann Tony a thuairim faoi sheansanna a chontae dúchais féin i mbliana.
‘Tá Cill Dara ag déanamh an-mhaith i Roinn 2B. An t-aon rud fúthu a bheadh ag cur imní ormsa ná nach raibh aon triail nó tástáil acu go fóill agus tá siad ag ullmhú do Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha. Beidh an caighdeán an-difriúil ansin.
‘Tá siad tar éis a bheith an-láidir ach féach ar na foirne atá siad tar éis a imirt. Tá siad ag imirt in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo. Ní fheicim go mbeidh mórán athrú ansin. Arís, tá siad ag déanamh go leor scórála.
‘Tá cúpla imreoir sa bhreis faighte acu ó anuraidh, ón mbua a bhí acu sa Christy Ring, atá tar éis cur go mór leis an bhfoireann agus i measc na dtosaithe ach go háirithe. Tá an tástáil agus an triail is mó ag teacht sa chraobh dóibh. Sin an t-aon rud a bheifeá a rá leat féin. Beidh athrú mór caighdeáin ansin.’
Níor lig mé do Tony imeacht gan a inse dom cé acu a mbeadh an bua i gcluichí móra dheireadh na seachtaine.
Aontroim v Loch Garman
‘Tá má ag ceapadh go mbeidh Loch Garman in ann an bua a fháil ar Aontroim, ach ar éigean é.’
Áth Cliath v An Clár
‘Tá mé ag ceapadh go mbeidh Áth Cliath róláidir don Chlár sa bhaile. Sílim gur cluiche mór é sin d’Áth Cliath agus go mbeadh sé marcáilte ar an bhféilire acu le fada.’
Luimneach v Corcaigh
‘Luimneach agus Corcaigh, an-deacair a rá. An-deacair a rá cad a dhéanfaidh siad leis na foirne ansin. Cén sórt teaicticí a bheidh san áireamh. Tá mé chun an bua a thabhairt do Chorcaigh. Tá Corcaigh ag dul go han-mhaith i mbliana go dtí seo agus sílim go bhfuil níos mó dóibh anseo ná mar atá ag Luimneach. É sin ráite, tá Luimneach tar éis dhá chluiche as a chéile a chailleadh ach rachaidh mé le Corcaigh.’
Cill Chainnigh v Laois
‘Ar an Domhnach ansin, ní dóigh liom go mbeidh mórán stró ar Chill Chainnigh bua a fháil i gcoinne Laoise sa bhaile. Tá Cill Chainnigh tar éis a bheith go maith i mbliana. Bhíodar an-mhaith i gcoinne Loch Garman. Tá Cody tar éis roinnt imreoirí nua a aimsiú arís agus tá an painéal níos láidre ná mar a bhí, agus tá Laois ag streachailt.’
An Iarmhí v Tiobraid Árann
‘Faraor, beidh lá deacair eile ag an Iarmhí. Tá siad sa bhaile ach tar éis tús deacair i gcoinne na Gaillimhe, bhí siad níos fearr i gcoinne Phort Láirge, ach rinne Corcaigh slad uafásach orthu agus ní bheadh aoinne níos fearr ná Tiobraid Árann chun an slad sin a tabhairt amach arís.’
Gaillimh v Port Láirge
‘Tá Gaillimh sa bhaile. An-deacair dul i gcoinne na Gaillimhe. Sílim gurb iad atá mar rogha na coitiantachta domsa i mbliana. Is iad an t-aon fhoireann atá in ann dul i gcoinne Luimnigh ó thaobh fisiciúlachta de agus cumas iománaíochta. Sílim go bhfuil Shane O’Neill tar éis an grúpa sin a ullmhú go maith. Mar sin, deacair dul i gcoinne na Gaillimhe sa bhaile ansin.
Seo thíos na cluichí eile i Sraitheanna Iomána Allianz a imreofar an deireadh seachtaine seo:
Roinn 2A
Ciarraí v Cill Mhantáin (Dé Sathairn)
Uíbh Fhailí v An Dún (Dé Domhnaigh)
An Mhí v Ceatharlach (Dé Domhnaigh)
Roinn 2B
Ros Comáin v Cill Dara (Dé Domhnaigh)
Doire v Dún na nGall (Dé Domhnaigh)
Roinn 3B
Liatroim v An Cabhán (Dé Domhnaigh)
Lú v Fear Manach (Dé Domhnaigh)