Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 amach romhainn i gCill na Martra

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn i gCill na Martra. 

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn i gCill na Martra. 

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 ar siúl i nGaeltacht Mhúscraí i gCill na Martra, Contae Chorcaí, i mbliana idir 31 Bealtaine agus 3 Meitheamh agus beidh sé á reáchtáil ag CLG Chill na Martra. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Is é an 53ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta (féach an sceideal thíos).

Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta thiar sa bhliain 1969 agus d’aidhm aige lucht labhartha na Gaeilge ó chlubanna ar fud na gceantar Gaeltachta a thabhairt le chéile. Le linn na mblianta sin, d’imir plúr na bpeileadóirí ag an gcomórtas. I measc cuid acu sin bhí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí, Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua, Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair, Nollaig Ó Laoire ó Chill na Martra, Graham Geraghty na Mí agus Micheál Ó Cróinín Naomh Abán agus go leor leor eile nach iad.

Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2024:

Comórtas Sóisir na mBan: Micheál Breathnach (Gaillimh), Cill tSéadhna (Maigh Eo), Naomh Fionnbarra (Corcaigh), Bhulf Tón (An Mhí), Cumann Caide Chorca Dhuibhne (Ciarraí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Naomh Abán (Corcaigh)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Naomh Conaill (Dún na nGall), Naomh Anna-Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Tearmann (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cárna Caiseal (Gaillimh), Cill Chomáin (Maigh Eo), Laochra Loch Lao (Aontroim), Naomh Muire (Dún na nGall), Cill na Martra (Corcaigh), Naomh Abán (Corcaigh), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sinsir na bhFear: Cill Chartha (Dún na nGall), Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), Daingean Uí Chúis (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh)

Ionadaithe ó na foirne fear a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile ar an deireadh seachtaine in éineacht le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin

Ionadaithe ó na foirne fear a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile ar an deireadh seachtaine in éineacht le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin

Tá sceideal iomlán Raidió na Gaeltachta agus TG4 do Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil anseo.

Raidió na Gaeltachta – Beo ar an raidió, ar líne agus ar an aip ar fud an domhain

ó 11.00am Dé Sathairn, 1 Meitheamh

ó 11.45am Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh

ó 10.00am De Luain, 3 Meitheamh

TG4

CLÚDACH TG4

Dé Sathairn, 1 Meitheamh - Ionad: Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

11:15 Sinsear na bhFear - Béal Átha’n Ghaorthaidh v Béal a’Mhuirthead

1:15 Cluiche ½ ceannais na mBan – Idirmheánach - Naomh Conaill v Naomh Anna Leitir Móir, Beo ar YouTube Spórt TG4

3:15 Sinsear na bhFear - An Daingean v Naomh Anna Leitir Móir, Beo ar YouTube Spórt TG4

5:15 Sóisear na bhFear - Buaiteoirí Réamhbhabhta A v Buaiteoirí Réamhbhabhta B, Beo ar YouTube Spórt TG4

7:15 Sinsear na bhFear - Cill Chartha v Buaiteoirí Béal Átha’n Ghaorthaidh / Béal a’ Mhuirthead, Beo ar YouTube Spórt TG4

Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh- Ionad: Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

11:45 Cluiche ½ ceannais Sóisear na bhFear - Laochra Locha Lao/Lios/Póil v Na Gaeil Óga/An Seanphobal, Beo ar YouTube Spórt TG4

1:45 Cluiche ½ ceannais Sóisear na bhFear - Cill na Martra / Naomh Abán / Cill Chomáin / Clann na nGael v Naomh Muire / Carna Caiseal - Beo ar YouTube Spórt TG4

3:45 Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan - Naomh Abán v Buaiteoirí Naomh Conaill/Naomh Anna Leitir Móir, Beo ar YouTube Spórt TG4

5:45 Cluiche ½ ceannais Sinsear na bhFear - An Rinn / Bhulf Tón v An Daingean / Naomh Anna Leitir Móir – Sinsear na bhFear - Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

7:45 Cluiche ½ ceannais Sinsear na bhFear - Cill na Martra v Cill Chartha / Béal Átha’n Ghaorthaidh / Béal a’ Mhuirthead - Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

An Cailín Gaelach - Beo ar Molscéal (www.facebook.com/MOLSCEALTG4/)

Dé Luain, 3 Meitheamh - Ionad: Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

10:00 Cluiche Ceannais Sóisear na mBan, Beo ar YouTube Spórt TG4

12:00 Cluiche Ceannais Sinsear na mBan

Baile Chlár na Gaillimhe v An Tearmann, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

2:00 Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

4:00 Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain