Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Foireann CLG ag baint taitnimh as Seachtain na Gaeilge
Foireann CLG ag baint taitnimh as Seachtain na Gaeilge

Foireann Chumann Lúthchleas Gael Gnóthach ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge


Bhí an-spórt ag foireann Chumann Lúthchleas Gael ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le seachtain anuas. Chomh maith leis an rang seachtainiúil Gaeilge a bhíonn ag an bhfoireann i bPáirc an Chrócaigh, bhí ‘Seomra na Gaeilge’ ann don tseachtain agus bhí deis ag baill foirne teacht le chéile ag am lóin le Gaeilge a labhairt.

Bhí an chéad ‘Pop Up Gaeltacht’ ag an bhfoireann oíche Déardaoin agus bhí siad an-ghníomhach ar na meáin shóisialta le linn na seachtaine, freisin. Seo a leanas cuid de beartais ar thug siad fúthu le linn na seachtaine:

Spotify

Cuireadh an chéad seinnliosta oifigiúil #GAAgaeilge amach ar spotify i rith na seachtaine. Is féidir éisteacht leis an seinnliosta anseo:

https://open.spotify.com/user/y2622b0suk0btaxvrbs4iwu9h/playlist/3OpKanzCX854d2yNz7TViD?si=qrn-r8LeTOmqnlnmORbrBw

An Fáinne

Ag tús na seachtaine fógraíodh plean Chumann Lúthchleas Gael an fáinne a chur chun cinn i measc bhaill an Chumainn agus bhí Comhairle Uladh an-ghníomhach agus iad á chur chun cinn ar a gcuid ardán cumarsáide féin.

https://www.gaa.ie/news/paul-conroy-agus-declan-hannon-ceaptha-mar-ambasadoiri-ar-phlean-clg-don-fhainne/

Podchraoladh

Cuireadh an dara heagrán den phodchraoladh amach Dé Céadaoin agus is féidir éisteacht leis anseo: https://www.gaa.ie/news/tomas-o-flathara-faoi-agallamh-ar-phodchraoladh-gaagaeilge/

Músaem

Tar éis an mhéid sin uilig níl an tseachtain thart fós agus beidh deis ag lucht leanta na gcluichí teacht chuig an Músaem Dé Sathairn, ag meán lae, chun turas trí Ghaeilge a fháil timpeall na staide agus an Mhúsaeim. Tá tuilleadh eolais faoi sin le fáil anseo: https://www.gaa.ie/news/turas-gaeilge-ar-phairc-an-chrocaigh-do-sheachtain-na-gaeilge/

Ná déanaimis dearmad ar na céadta imeachtaí a d’eagraigh contaetha agus clubanna fud fad na tíre le linn na seachtaine ach an oiread. #GAAgaeilge Abú!