Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

Tús á chur le Sraitheanna Peile Allianz ar an deireadh seachtaine

Gavin White le Corn Mhichíl Uí Mhuircheartaigh. An gcuirfear stop le sodar Chiarraí i Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz i mbliana?

Gavin White le Corn Mhichíl Uí Mhuircheartaigh. An gcuirfear stop le sodar Chiarraí i Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz i mbliana?

Le Jamie Ó Tuama

Tá muid ar ais! Fillfidh Sraitheanna Peile Allianz an deireadh seachtaine agus imreofar 16 cluiche peile ar fad sna sraitheanna uaidh seo go ceann cúpla lá.

Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1 Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Áth Cliath, faoi stiúir a mbainisteora nua, Ger Brennan, aghaidh ar Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh ar 5.00in. Is cinnte go mbeidh foirne Brennan agus Jim McGuinness ar a seacht ndícheall ag iarraidh tús buacach a chur leis an tsraith.

I Roinn 1 De Domhnaigh, tabharfaidh na seanchairde Gaillimh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh. Cuirfidh curaidh na hÉireann, Ciarraí, tús ceart lena mbliain le cluiche in aghaidh Ros Comáin i Staid an Ghearaltaigh, Cill Airne, agus tabharfaidh na comharsana béal dorais, Muineachán agus Ard Mhacha, aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Tighearnach, Cluain Eois.

Maidir le cluichí Roinn 2, cuirfidh An Mhí agus Doire tús lena mbliain nuair a thugann siad aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh ar 3.00in Dé Sathairn. Tabharfaidh Tír Eoghain agus Cill Dara aghaidh ar a chéile ina dhiaidh sin i bPáirc Uí Éilí ar 6.00.

Imreoidh Corcaigh agus an Cabhán in aghaidh a chéile i SuperValu Páirc Uí Chaoimh Dé Domhnaigh agus imreoidh Uíbh Fhailí in aghaidh Lú i bPáirc Uí Chonchubhair Glenisk.

Tabharfaidh an Dún agus an Clár agus Laois agus Luimneach aghaidh ar a chéile i Roinn 3 Dé Sathairn. Imreoidh Fear Mach in aghaidh Loch Garman agus imreoidh an Iarmhí in aghaidh Shligigh Dé Domhnaigh.

I Roinn 4 imreoidh Port Láirge in aghaidh an Longfoirt Dé Sathairn agus imreoidh Londain in aghaidh Thiobraid Árann, Aontroim in aghaidh Cheatharlach agus Cill Mhantáin in aghaidh Liatroma Dé Domhnaigh.

Dé Sathairn, 24 Eanáir

**Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz
**Áth Cliath agus Dún na nGall, Páirc an Chrócaigh, 5in - TG4

**Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz
**An Mhí agus Doire, Páirc an Chrócaigh, 3in - TG4 player
Tír Eoghain agus Cill Dara, Páirc Uí Éilí O'Neills, 6in - GAA+

**Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz
**An Dún agus an Clár, Páirc Esler, 6in
Laois agus Luimneach, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 6in

**Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz
**Port Láirge agus an Longfort, Páirc Uí Fhearchair Cappoquin Logistics, 2.30in

Dé Domhnaigh, 25 Eanáir

**Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz
**Gaillimh agus Maigh Eo, Staid an Phiarsaigh, 1.45in - TG4
Ciarraí agus Ros Comáin, Staid an Ghearaltaigh, 2in - TG4 player
Muineachán agus Ard Mhacha, Páirc Naomh Tighearnach, 2in - GAA+

**Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz
**Corcaigh agus an Cabhán, SuperValu Páirc Uí Chaoimh, 1.30in
Uíbh Fhailí agus Lú, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk, 2in

**Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz
**Fear Manach agus Loch Garman, Páirc Brewster, 1in
An Iarmhí agus Sligeach, Páirc Uí Chíosóig TEG, 2in

**Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz
**Londain agus Tiobraid Árann, Páirc Mhig Shamhráin, Ruislip, 1in
Aontroim agus Ceatharlach, Clan na hÉireann, 2in
Cill Mhantáin agus Liatroim, Páirc Echelon, Eachroim, 2in