Beidh Gaillimh ag súil le roinnt scóranna dhá phointe arís eile ó Paul Conroy in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Tabharfaidh Ciarraí agus Ros Comáin aghaidh ar chéile i nGrúpa 2 Dé Sathairn i bPáirc an Ghearaltaigh, Cill Airne, ar 2.30 agus ina dhiaidh sin tabharfaidh Gaillimh agus Áth Cliath aghaidh ar chéile i nGrúpa 4 i Staid an Phiarsaigh, Gaillimh, ar 5.00.
Imreoidh an Clár in aghaidh an Dúin i nGrúpa 3 ar 2.00 i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg Dé Domhnaigh agus imreoidh Maigh Eo in aghaidh an Chabháin i nGrúpa 1 i bPáirc Mhic Éil Hastings Insurance ar 2.30 an lá céanna.
Ciarraí agus Ros Comáin
Is ó neart go neart atá Ciarraí ag gabháil ó thus na bliana agus is cinnte go mbeidh ar Ros Comáin a bheith i mbarr a maitheasa má tá siad chun an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic Dé Sathairn.
Beidh curaidh na Mumhan ag díriú ar an liathróid a chiceáil isteach fada agus sciobthaí i dtreo na dtosaithe agus ní mór do Ros Comáin plean a bheith acu lena stopadh. Seacht gcúl ar fad atá aimsithe ag Ciarraí sa dá chluiche dheireanacha a d’imir siad.
D’aimsigh David Clifford 0-10 ar an meán sna cluichí a d’imir sé i gCraobh na Mumhan ach ní ó fhear an Fhosaidh amháin a thiocfas scóranna Chiarraí Dé Sathairn. Tá Seán O’Shea agus na col ceathracha, Paul agus Dylan Geaney, an-chontúirteach, freisin, i measc daoine eile.
Maidir le Ros Comáin, tá tosaithe dainséaracha dá gcuid féin acu a dhéanfaidh damáiste. Má éiríonn leo neart liathróidí a chur isteach chuig leithéidí Ciarán Murtagh agus Enda Smith, déanfaidh siad damáiste. Tá neart athruithe déanta ag Davy Burke i measc na gcúlaithe agus tá Senan Lambe, Ronan Daly agus John McManus istigh ón gcluiche deireanach in aghaidh na Gaillimhe.
CIARRAÍ: Shane Ryan; Dylan Casey, Jason Foley, Tom O'Sullivan; Brian O Beaglaoich, Mike Breen, Gavin White; Diarmuid O'Connor, Barry Dan O'Sullivan; Joe O'Connor, Sean O'Shea, Micheal Burns; David Clifford, Paul Geaney, Dylan Geaney. Ionadaithe: Shane Murphy, Tadhg Morley, Tony Brosnan, Armin Heinrich, Paul Murphy, Graham O'Sullivan, Killian Spillane, Mark O'Shea, Conor Geaney, Evan Looney, Sean O'Brien, Damien Bourke, Ruairi Murphy.
ROS COMÁIN: Conor Carroll; Niall Higgins, Brian Stack, David Murray; Senan Lambe, Ronan Daly, John McManus; Eddie Nolan, Keith Doyle; Dylan Ruane, Enda Smith, Conor Hand; Daire Cregg, Ben O'Carroll, Ciarain Murtagh. Ionadaithe: Aaron Brady, Pearse Frost, Tim Lambe, Colm Neary, Shane Killoran, Shane Cunnane, Conor Cox, Declan Kenny, Diarmuid Murtagh, Ciaran Lennon, James Fitzpatrick.
Gaillimh agus Áth Cliath
Beidh Pádraig Joyce agus Dessie Farrell beirt ag súil le tús buacach a chur leis an ngrúpa. Ní bheidh aon chluichí éasca i nGrúpa 4 agus tuigfidh na bainisteoirí go mbeidh sé ríthábhachtach an lámh in uachtar a fháil sa chluiche seo leis an mbrú a bhaint óna gcuid foirne.
Chaill Áth Cliath cluiche i gCraobh Laighean don chéad uair le 15 bliain anuas ina aghaidh na Mí trí seachtaine ó shin agus beidh siad ar a seacht ndícheall a thaispeáint go bhfuil splanc iontu i gcónaí. Filleann Luke Breathnach agus Seán McMahon ar an mbinse d’Áth Cliath, ach níl Seán Bugler réidh fós.
D’éirigh le hÁth Cliath an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh sa tsraith i mbliana agus beidh Joyce agus a fhoireann ag iarraidh an toradh sin a chur ina cheart Dé Sathairn. Tá Gaillimh an-dainséarach sna tosaithe agus beidh an fhoireann bainistíochta ag súil le cluichí móra ó Chillian McDaid, Matthew Tierney agus ó Rob Finnerty i measc daoine eile. Beidh siad ag súil le cúpla scór dhá phointe ó Paul Conroy, freisin. Dea-scéala do na Gaillimhigh go mbeidh Shane Walsh ag filleadh ar an bhfoireann tosaithe don chluiche seo.
GAILLIMH: Connor Gleeson; Johnny McGrath, Sean O Maoilchiarain, Jack Glynn; Dylan McHugh, Sean Kelly, Liam Silke; Paul Conroy, John Maher; Cein Darcy, Shane Walsh, Cillian McDaid; Matthew Tierney, Rob Finnerty, Matthew Thompson. Ionadaithe: Conor Flaherty, Daniel O'Flaherty, Cian Hernon, Kieran Molloy, Sean Fitzgerald, John Daly, Sam O'Neill, Cathal Sweeney, Liam O Conghaile, Tomo Culhane, Peter Cooke.
ÁTH CLIATH: Stephen Cluxton; David Byrne, Theo Clancy, Conor Tyrrell; Cian Murphy, John Small, Brian Howard; Peadar O Cofaigh Byrne, Tom Lahiff; Niall Scully, Lorcan O'Dell, Ciaran Kilkenny; Paddy Small, Con O'Callaghan, Colm Basquel. Ionadaithe: Evan Comerford, Luke Breathnach, Cormac Costello, Nathan Doran, Alex Gavin, Davy Keogh, Sean MacMahon, Greg McEneaney, Killian McGinnis, Brian O'Leary, Dan O'Leary.
0-10 ar an meán atá aimsithe ag David Clifford do Chiarraí ó thús na craoibhe
Maigh Eo agus an Cabhán
Beidh imreoirí Mhaigh Eo ag gortú tar éis gur chaill siad Cluiche Ceannais Chonnacht in aghaidh na Gaillimhe. Is cinnte go mbeidh siad réidh don Cabhán Dé Domhnaigh.
Beidh Kevin McStay ag súil go mór le taispeántais mhaithe arís eile ó Ryan O’Donoghue agus ó Aidan O’Shea má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic.
Maidir leis an gCabhán, ní raibh cluiche acu ó chaill siad in aghaidh Thír Eoghain i gCraobh Uladh os cionn míosa ó shin. Thug sé sin deis d’fhoireann Raymond Galligan oibriú ar go leor rudaí éagsúla ag traenáil. Beidh siad ag iarraidh tús buacach a chur le Grúpa 1 i gCaisleán an Bharraigh De Domhnaigh.
MAIGH EO: Colm Reape; Jack Coyne, Donnacha McHugh, Rory Brickenden; Sam Callinan, David McBrien, Enda Hession; Stephen Coen, Mattie Ruane; Davitt Neary, Jack Carney, Jordan Flynn; Aidan O'Shea, Darren McHale, Ryan O'Donoghue. Ionadaithe: Adrian Phillips, Bob Tuohy, Conal Dawson, Conor Reid, Dylan Thornton, Fenton Kelly, Fergal Boland, Frank Irwin, Kevin Quinn, Paddy Durcan, Paul Towey.
AN CABHÁN: Gary O'Rourke; Cian Reilly, Brian O'Connell, Niall Carolan; Jason McLoughlin, Ciarán Brady, Padraig Faulkner; Killian Clarke, Evan Crowe; Gerard Smith, Dara McVeety, Oisín Kiernan; Cormac O'Reilly, Ryan Donohoe, Cian Madden. Ionadaithe: Liam Brady, Luke Fortune, Killian Brady, Barry Donnelly, Luke Molloy, Ruairi Curran, Thomas Edward Donohoe, Ryan O'Neill, Seán McEvoy, Oisín Brady, Paddy Lynch.
An Clár agus An Dún
Beidh an dá fhoireann seo ar a seacht ndícheall na pointí a thabhairt leo an deireadh seachtaine. Chaill an Clár in aghaidh Chiarraí i gCluiche Ceannais na Mumhan ach bheadh Peter Keane réasúnta sásta leis an gcaoi a bhfuil a fhoireann ag imirt. Beidh leithéidí Keelan Sexton agus Eoin Cleary contúirteach don Chlár agus má chuirtear an liathróid isteach chucu d’fhéadfaidís an-damáiste a dhéanamh.
Maidir leis an Dún, cé go raibh bua sé chúilín ag Dún na nGall orthu i gCluiche Leathcheannais Uladh, beidh siad féin réasúnta sásta leis an gcaoi a bhfuil siad ag imirt. Bhuaigh siad Corn Tailteann anuraidh agus beidh siad ag iarraidh cur leis an dul chun cinn atá á dhéanamh acu faoi stiúir Conor Laverty Dé Domhnaigh. Le himreoirí ar nós Pat Havern agus Danny Magill, ní féidir an Dún a chur as an áireamh riamh.
AN CLÁR: Eamon Tubridy; Manus Doherty, Cillian Brennan, Ronan Lanigan; Ikem Ugwueru, Cillian Rouine, Alan Sweeney; Brian McNamara, Conor Meaney; Keelan Sexton, Emmet McMahon, Aaron Griffin; Mark McInerney, Eoin Cleary, Dermot Coughlan. Ionadaithe: Tristan O'Callaghan, Fionn Kelleher, Daniel Walsh, Shane Griffin, Gavan Murray, Darragh Burns, Rory McMahon, Evan Cahill, Diarmuid O'Donnell, Jamie Stack, Brendan Rouine.
AN DÚN: Ronan Burns; Patrick McCarthy, Peter Fegan, Ceilum Doherty; Ryan Magill, Pierce Laverty, Miceal Rooney; Daniel Guinness, Ryan McEvoy; Danny Magill, Odhran Murdock, Eugene Branagan; James Guinness, Pat Havern, John McGeough. Ionadaithe: John O'Hare, Finn McElroy, Aaron McClements, Donal Scullion, Shay Millar, Adam Crimmins, Oisín Savage, Caolan Mooney, Finn Murdock, Patrick Brooks, Conor McCrickard.
Dé Sathairn, 17 Bealtaine
Ciarraí agus Ros Comáin, Páirc an Ghearaltaigh, 2.30, GAA+
Gaillimh agus Átha Cliath, Staid an Phiarsaigh, 5.00, GAA+
Dé Domhnaigh, 18 Bealtaine
An Clár agus An Dún, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 2.00
Maigh Eo agus An Cabhán, Páirc Mhic Éil Hasting Insurance, 2.30