Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Tomás Ó Cadhla – Staitisticí, Comórtais Thráchtaireachta, Sruthú agus Tuilleadh Staitisticí

Tomás Ó Cadhla (geansaí dubh ar chúl agus ar chlé) le foireann bhuacach f21 na hÉireann, Port Láirge, thiar i 2016

Tomás Ó Cadhla (geansaí dubh ar chúl agus ar chlé) le foireann bhuacach f21 na hÉireann, Port Láirge, thiar i 2016

Le Jamie Ó Tuama

Bhí sé de phléisiúr agam labhairt leis an Déiseach díograiseach ildánach, Tomás Ó Cadhla, le gairid. Labhair fear Dhún na Mainistreach-Baile na Cúirte liom faoin 11 bliain a chaith sé ag bailiú staitisticí d’fhoirne idirchontae, faoi Chomórtas Tráchtaireachta Gael Linn agus faoin sruthú a bhí ar bun aige ar chluichí craoibhe ag leibhéal an chlub i bPort Láirge i mbliana agus an tábhacht a bhain leis sin do phobail éagsúla ar fud Phort Láirge.

Cé gur fear ciúin é Ó Cadhla tá aithne ag go leor eile air de bharr an róil cheannródaígh a bhí aige agus é ag coinneáil staitisticí do leithéidí Jason Ryan, Davy Fitzgerald agus Derek McGrath i measc daoine eile. Bhain Loch Garman Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann amach i 2008 le Ó Cadhla i mbun staitisticí agus anailíse sa chúlra agus d’éirigh le Port Láirge Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann a bhaint amach i 2017 le Tomás i mbun an róil chéanna.

Ní raibh an bhéim chéanna ar staitisticí nuair a thosaigh Ó Cadhla amach le foirne idirchontae thiar sa bhliain 2003. Míníonn sé dúinn cén chaoi ar tarraingíodh i dtreo na staitisticí é an chéad lá anseo.

'Bhí mé ag obair in ICU i mBeaumont mar altra sa mbliain 2003 nuair a d’iarr John Kiely, iarbhainisteoir Phort Láirge, orm a bheith ar a fhoireann bhainistíochta mar fhear garchabhrach. Bhuamar Craobh Shóisear na hÉireann in aghaidh Liatroma i 2003 agus ceapadh John ina bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir an bhliain dar gcionn. D’iarr sé orm gabhail leis arís.

Bhí mé leis ar feadh cúpla bliain nuair a tháinig fear darb ainm Jason Ryan ar ais as Londain le himirt linn. Bhí sé tar éis imirt le foirne faoi aois agus le Port Láirge roimhe sin. Chuir mé aithne mhaith ar Jason ina dhiaidh sin.'

Tamall ina dhiaidh sin sa bhliain 2007 ghlac Jason le post mar bhainisteoir ar Chluain Chaoin, club i Loch Garman, agus rinne sé dul chun cinn láithreach leo. Bhí siad ar tí ísliú céime a fháil nuair a tháinig sé isteach ach d’éirigh leis cúrsaí a athrú go mór agus sa deireadh bhuaigh siad craobh an chontae don chéad uair i stair an chlub. Tharla sé nach raibh aon bhainisteoir ag Loch Garman an bhliain dar gcionn agus ghlac Jason leis an bpost nuair a tháinig Bord an Chontae chun cainte leis.

Chuir Jason glao orm go gairid ina dhiaidh sin agus d'iarr sé orm cabhrú leis maidir le staitisticí agus le rudaí teicniúla. Bhí sé ar an mbainisteoir is óige sa tír an t-am sin agus bhí sé ag iarraidh cabhrach le cúpla rud. Chuaigh mé isteach le beirt eile ag an am.

Bhí muide ag tabhairt tacaíochta do Jason ag tógaint staitisticí. Níor cheap muid go mbeadh mórán ag baint leis an séasúr. Cheap muid go mbeadh píosa craic ann agus go leanfadh muid leis, ach, thit rudaí le chéile.'

Nuair a chaill Loch Garman in aghaidh Átha Cliath bhí an-díomá ar Ryan ach rinne siad go maith ina dhiaidh sin sna babhtaí cáilithe agus d’éirigh leo áit a bhaint amach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann in aghaidh Thír Eoghain.

‘’Is docha go raibh smaointe aige ag an am nach raibh ag mórán bainisteoirí eile nár bhain sé le traidisiún. Bhí sé ag iarraidh bainistíochta a dhéanamh bunaithe ar eolaíocht.

Bhí cúlra aige mar mhúinteoir corpoideachais é féin. Bhí sé ag iarraidh smaoineamh lasmuigh den mbosca an t-am ar fad – ar theaicticí ó spóirteanna eile a thabhairt isteach i gcúrsaí peile. Ní bhíodh sé ag déanamh druileanna ar mhaithe le druileanna a dhéanamh agus stopadh sé na druileanna nuair a cheapadh sé nach raibh aon leas le fáil ag na himreoirí astu.

Bhí loighic taobh thiar de gach rud a dhéanadh sé. Is as sin a tháinig na staitisticí ar dtús agus bhí muid ag smaoineamh ar theicneolaíocht a úsáid agus bhuaileamar le roinnt comhlachtaí a bhí i mbun dearadh a dhéanamh ar rudaí den stuif seo. Is cuimhin liom na PDAs. Thosaíomar amach le ‘stats packs’ a dhearadh ar PDA le dream ón Tuaisceart ag an am. Ní raibh aoinne eile á dhéanamh.

Thosaíomar amach ag coinneáil na staitisticí le peann is páipéar agus bhí muid ag foghlaim an t-am ar fad. Ansin, tháinig físanailís isteach ag an am. Bhí muid ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar na cluichí agus ag iarraidh cluichí a bhriseadh síos. Bhí sé deacair ag an am mar ní raibh aon bhogearraí ann mar atá anois.'

B’in é mar a thosaigh turas Thomáis amach mar staitisteoir. Chuaigh sé ó Loch Garman ansin go hiománaithe Phort Láirge agus thóg sé leis an saineolas a bhí bailithe aige faoi stiúir Jason Ryan. Ghlac sé le ról an Oifigigh Chultúrtha agus Ghaeilge ar Bhord Contae Phort Láirge sa bhliain 2011 agus ba thart ar an am sin a bhí foireann staitisticí Davy Fitzgerald tar éis éirí as. Insíonn Tomás dúinn faoin gcaoi ar thosaigh a aistear le Davy Fitzgerald agus lena chontae dúchais, Port Láirge:

'Thart ar 2011 ceapadh mar Oifigeach Gaeilge mé ar Bhord Contae Phort Láirge. Bhí mé ag feidhmiú ar an mBord Contae ach bhí mé fós ag obair le Loch Garman. Idir an dá linn, d’éirigh na leaids a bhí ag déanamh na staitisticí do Davy Fitzgerald in 2010 as agus tháinig Cathaoirleach an Bhoird Chontae, Tom Cunningham, chugam i 2011 ag rá liom go raibh Davy ag iarraidh cúpla duine le dul i mbun na staitisticí. Dúradh liom go raibh bearna ann agus gur mise an duine is fearr leis an mbearna sin a líonadh. Shocraigh mé go ndéanfainn é.'

Bhí go leor laethanta maithe ag Tomás le Davy agus le linn a thréimhse mar bhainisteoir ar Phort Láirge d’éirigh leo dul chun cinn mór a dhéanamh ó thaobh fhorbairt na staitisticí agus an úsáid a bhí á baint astu. Bhí córas maith i bhfeidhm idir é féin agus Davy mar a mhíníonn sé féin:

Mar a bhreathnaíodh oifig Thomáis ar laethanta cluichí

Mar a bhreathnaíodh oifig Thomáis ar laethanta cluichí

'Rud mór a bhí foghlamtha agam ag dul ar ais go dtí an t-am a bhí agam le Loch Garman. Bhí mé ann chun jab a dhéanamh do Jason agus bhí mé ag tabhairt na sonraí dó dubh agus bán. Agus mé á dhéanamh sin bhí cinneadh déanta bunaithe ar na staitisticí sin. Dá dtosóinn amach ag déanamh Stats do Phort Láirge agus dá mbeadh drochlá ag John Mullane, mar shampla, mar Dhéiseach b’fhéidir go dtabharfainn seans eile dhó ach ní bheadh sé sin ceart.

Nuair a thosaigh mé le Port Láirge bhí mé ag iarraidh an creatlach céanna a úsáid leis na staitisticí – iad a chur ar aghaidh chuig an mbainisteoir agus ligean dó féin a rogha rud a dhéanamh leo agus sin mar a bhí. Freisin, caithfidh tú suí síos leis an mbainisteoir agus a fháil amach cad a cheapann seisean a bheith tábhachtach i gcluiche agus an t-eolas atá ag teastáil uaidh féin a chur ar fáil dó. Gheobhaidh tú aon eolas is mian leat a bhailiú ach muna mbaineann sé leis an gcinneadh a thógann sé (an bainisteoir) níl aon phointe é a dhéanamh.

Bhí cuid de na tréithe céanna ag Davy agus a bhí ag Jason.'

Bhí dul chun cinn mór á dhéanamh ag Tomás le Davy agus an rud ba mhó a d’athraigh lena linn ná gur bhog an bhéim ó staitisticí go físanailís. Mar a deir Tomás:

'Mheasamar an luach a bhí le físanailís agus thángamar chuig an bpointe gur thuig muid go raibh luach mór ag baint léi, go raibh muid in ann féachaint siar chuig píosa d’fhíseán iontach. Bhí muid ag leanúint leis na staitisticí a bhailiú ach ansin déarfadh Davy leithéidí ‘I need all the Cork puckouts on video tomorrow night?’ liom.

Bhí mo chroí briste leis. Thógadh se trí uair an chloig orm na pocanna amach go léir a bhailiú.’

Bhí an t-uafás oibre ag baint lena leithéid agus shocraigh Tomás gabháil i mbun taighde ar chóras níos éifeachtaí a aimsiú agus ba as sin a thosaigh Port Láirge ag gabháil isteach níos doimhne in úsáid staitisticí. D'aimsigh siad córas nua a bhí iontach. Rud ceannródaíoch a bhí ann ag an am. Ní raibh aon chontae eile ag úsáid an chórais nua seo.

‘Is cuimhin liom nuair a rinne mé iniúchadh ar chóras ina mbeifeá in ann na píosaí físeáin seo a bhaint amach – pacáiste staitisticí, go bunúsach, ar anailís cluichí. Bheadh airgead mór ag teastáil lena leithéid de phacáiste a fháil. Chuaigh mé ar ais chuig Davy agus, in ainneoin an t-airgead mór a bheadh le híoc air dúirt Davy go bhfaigheadh muid an t-airgead áit éigint.

Fuaireamar an córas. Chuamar lá traenála i gCluain Meala cúpla lá ina dhiaidh sin agus rinneamar anailís bheo le staitisticí beo. Sin i 2011. Bhíomar i bhfad chun cinn ar na conteatha eile. Níor thosaigh go leor de na foirne eile ag déanamh anailíse beo go dtí 2016.

Bíonn tú i gcónaí ag iarradh a bheith céim chun tosaigh ar fhoirne eile. Bhí ár gcóras féin againn agus bhíomar chun tosaigh ar an foirne eile. Nuair a d’imir muid i gCluiche Ceannais Chraobh na Mumhan is cuimhin liom gur mhínigh mé do dhuine éigin ó Chomhairle na Mumhan cad a bhí ag teastáil uaim agus dúirt sé nach raibh aoinne eile ag iarraidh a leithéid. Dúirt mé leis go mbeadh taobh istigh de bhliain nó dhó agus bhí an ceart agam!

Bhíomar blianta chun tosaigh. Bhíomar in ann anailís bheo agus míreanna físeáin a chur síos chuig an taobhlíne láithreach le linn cluichí. Bhí sé sin réabhlóideach sna cluichí Gaelacha ag an am.’

Bhí gaol iontach ag Tomás le Davy ach tháinig deireadh le ré an Chláirínigh mar bhainisteoir ar Phort Láirge sa bhliain 2011. Bhí Cluiche Ceannais na hÉireann bainte amach aige i 2008 ach níor éirigh leis Corn Liam Mhic Cárthaigh a thabhairt ar ais chuig na Deise.

Bhí seal gairid ag Michael Ryan ina bhainisteoir ar Phort Láirge, ina dhiaidh sin, agus ansin tháinig Derek McGrath isteach ag deireadh na bliana 2013. Bhí ról lárnach ag Tomás i gcur chuige bainistíochta McGrath agus bhí beocht nua agus dóchas an athuair ann san fhoireann óg nua a bhí curtha le chéile aige.

Bhí go leor de na himreoirí nua óga sin ar fhoirne buacacha faoi aois Phort Láirge agus bhí Tomás i mbun staitisticí dóibh. Bhuaigh Port Láirge Craobh Mionúir na hÉireann sa bhliain 2013 agus bhuaigh siad Craobh faoi 21 na hÉireann sa bhliain 2016. Faoin am ar tháinig na himreoirí sin tríd chuig foireann McGrath bhí siad cleachtaithe go maith le cur chuige Thomáis.

‘I 2013 bhuaigh na mionúir an Chraobh agus bhí mé bainteach leis an dream sin. Bhí sé suimiúil mar is iad cnámh droma na foirne reatha. Mar shampla tá Aussie agus Stephen Bennett ann. Thosaigh siad faoi aois againn. Conor Prunty faoi 21, Conor Gleeson faoi 21. Thuigeadar siúd a bhí ag teacht le linn Derek McGrath go raibh níos mó ná imirt i gceist agus go rabhamar ag féachaint ar rudaí eile. Thuigeadar an luach a bhain leis an anailís.’

Faraor, níor éirigh le foireann sin Phort Láirge Corn Liam Mhic Cárthaigh a thabhairt ar ais go dtí na Déise cé gur bhain siad Cluiche Ceannais na hÉireann amach sa bhliain 2017 nuair a chaill siad le trí chúilín in aghaidh na Gaillimhe. Tháinig deireadh le ré McGrath agus Uí Chadhla, tar éis seacht mbliana le Port Láirge, sa bhliain 2018.

Tomás (5ú duine chun tosaigh ó chlé) i measc ochtar eile ó Phort Láirge a roghnaíodh ar fhoireann na mbliana faoi 21 i 2016

Tomás (5ú duine chun tosaigh ó chlé) i measc ochtar eile ó Phort Láirge a roghnaíodh ar fhoireann na mbliana faoi 21 i 2016

Tá Tomás anois ina bhainisteoir ar Rannóg Scéimeanna Gael Linn. Níor chuir sé sin stop le nasc Thomáis leis na cluichí ná le Cumann Lúthchleas Gael, áfach. Ag eascairt as na bacanna agus na dúshláin éagsúla a chruthaigh Covid-19 dóibh shocraigh foireann Gael Linn comórtais thráchtaireachta a fhógairt le gairid atá dírithe ar pháistí bunscoile agus meánscoile, cé gur féidir le daoine cur isteach air tríd a gcuid clubanna nó taobh amuigh den scoil, freisin.

I gcomhar leis an gcomhlacht teilifíse Nemeton, tabharfar deis do dhaltaí scoile tráchtaireacht a dhéanamh ar a rogha cluiche idir Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí i 1982, Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus an Clár sa 2013, nó, Cluiche Ceannais Peile na mBan idir Áth Cliath agus Corcaigh sa bhliain 2014.

Beidh trí chomórtas éagsúla ann agus i measc na nduaiseanna a bheidh le buachan beidh duaiseanna airgid, deis seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta le Nemeton, ticéid chuig cluichí sraithe peile nó iomána agus ticéid do thuras Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh. Mar a mhínigh Ó Cadhla;

‘Tá Nemeton agus TG4 tar éis an méid sin a dhéanamh don phobal. Chonaiceadar bearna 20 bliain ó shin i gcluichí club agus i gcluichí scoile a chraoladh agus thuigeadar go mbeadh luach iontu mar dhrámaí teilifíse.

Bíonn Irial Mac Murchú ag trácht ar an ‘tríonóid’ – CLG, an Ghaeilge agus an teilifís. Is dócha go bhfuil nasc iontach déanta idir an trí rud sin ag Nemeton agus TG4. Rud eile atá déanta acu ná go bhfuil tráchtairí acu, go háirithe Brian Tyrers agus Mac Dara Mac Donncha, atá aitheanta anois ag an tír de bharr gur tráchtairí iontacha iad.

Leis an gcomórtas seo, tá muid ag iarraidh guthanna nua a aithint. Sin an rud is mó atá ag teastáil uainn. Is deis é dúinn teacht ar dhaoine nua ‘is ar ghuthanna nua. Tá muid ag súil go mbeidh éileamh mór ar an gcomórtas seo agus go mbeidh píosa craic leis chomh maith do an-chuid daoine.

Bíonn daoine ag déanamh aithrise ar dhaoine a bhíonn ag tráchtaireacht, sa mbaile nó ar scoil – ar chúl mór a d’aimsigh a gcontae agus ar na gluaiseachtaí a bhain leis an gcúl. Seo a seans é a dhéanamh i gcomórtas!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn ANSEO.

Le linn na dianghlasála bhí Tomás gafa le tograí eile. Ní raibh aon chur amach aige ar an gcaoi le cluichí a shruthú, ach, nuair a tháinig dream ó CLG Mhaigh Dheilge chuige ag fíorú dhó an mbeadh sé sásta a leithéid a dhéanamh ní fhéadfadh sé diúltú! Bhí sé ar sheachtain saoire ón obair agus shocraigh sé tabhairt faoi cheird an tsruthaithe a fhoghlaim!

‘’Tháinig club beag tuaithe chugam darb ainm Maigh Dheilge. Ghlaoigh siad orm Aoine éigint ag fiosrú cad é an scéal a bhí leis an sruthú. An bhfuil sé éasca? Cad tá i gceist leis?

Bhí siad buartha mar chlub beag go gcaillfeadh daoine amach. Ní raibh cead ach le 200 ag an am dul chuig na cluichí club agus bhí siad ag iarraidh nach gcaillfeadh aoinne amach ar an gcluiche a fheiscint.’

Chuaigh an togra sin ó neart go neart agus bhí Tomás thar a bheith gnóthach le linn an tsamhraidh ach go háirithe nuair a socraíodh nach mbeadh aon chead ag slua ar bith freastal ar na cluichí. Bhí sé sásta go raibh sé in ann deis a thabhairt do dhaoine, mar sin féin, laochra a bpobal a fheiceáil ar an bpáirc imeartha. Ag amantaí áirithe bhí go maith os cionn ceithre mhíle duine ag breathnú ar chuid de na cluichí a bhí á sruthú aige.

‘Ta 52 club i bPort Láirge. Measaim anois go bhfuilim tar éis 26 a chlúdach agus laistigh de sin tá mé tar éis 15 cluiche camógaíochta a dhéanamh agus 4 nó 5 cluiche peile na mban. Measaim go bhfuil idir 80,000 agus 100,000 tar éis féachaint ar na cluichí seo.

Bíonn daoine i gcónaí ann nach bhfuil in ann taisteal chuig cluichí toisc go bhfuil siad in áit éigint difriúil sa tír nó in áiteanna eile ar domhan. Bhí cluiche ann idir Maigh Dheilge agus an Chlais Mhór agus bhuail os cionn 15 ón dá chlub le chéile i Meiriceá leis an gcluiche a fheiscint. Sin an cumhacht a bhaineann leis.’

Comórtas tráchtaireachta Gael Linn an chéad togra eile atá ar na bacáin do Thomás Ó Cadhla ach bí cinnte go gcloisfear a thuilleadh faoi sna blianta amach romhainn…