Le Jamie Ó Tuama
Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin tháinig grúpa ceannródaithe le chéile in uimhir 6 Sráid Fhearchair agus cuireadh cumann nua de chuid Chumann Lúthchleas Gael, Na Gaeil Óga, ar bun. Is minic a chuirtear cumainn nua ar bun ach bhí rud éicint difriúil agus speisialta faoi Na Gaeil Óga. Cumann nua lán-Ghaeilge a bheadh ann agus iad lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Insíonn Cathaoirleach agus duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga, Rónán Ó Dálaigh, dúinn anseo faoin mbealach ar bhláthaigh an smaoineamh sin a bhí ag na ceannródaithe sin i Sráid Fhearchair thiar sa bhliain 2010:
‘’An tseachtain seo deich mbliana ó shin eagraíodh cruinniú ar Shráid Fhearchair agus chaith Ciarán Mac Fhearghusa amach an smaoineamh go bhféadfadh club lán-Ghaeilge a bheith i mBaile Átha Cliath agus, dar ndóigh, d’aontaigh go leor againn leis an méid sin.
Bhí roinnt mhaith ag an gcruinniú agus ina measc bhí mé féin, Ciarán Ó Feinneadha, Edel Ní Bhraonáin, Daithí de Buitléir, Eoin Ó Murchú, Cathal Ó Murchú agus go leor daoine eile nach iad’’.
Míníonn Rónán cuid de na fáthanna ar cuireadh an club ar bun an chéad lá.
‘’Pléadh an smaoineamh agus is dócha gurbh é an rud ba mhó a rith liomsa ná go raibh deireadh ag teacht le mo thréimhse ollscolaíochta agus cosúil le go leor mac léinn eile, ní bheadh na deiseanna céanna agam mo chuid Gaeilge a úsáid ina dhiaidh sin.
Ní hamháin sin, ach pléadh na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí roimh na ceantair Ghaeltachta. Bhraith muid go mbeadh sé tábhachtach samhail nua a chruthú do chur chun cinn na Gaeilge.’’
Tá an t-uafás dul chun cinn déanta ag an gclub le deich mbliana anuas ach ní gan dua ná dúthracht a tharla sé sin. Tá cúig chéad ball cláraithe leis Na Gaeil Óga inniu ach is cuimhin le Rónán go maith na laethanta tosaigh ina mbíodh deacrachtaí acu cúigear déag féin a chur chun páirce.
‘’Is cuimhin liom an chéad séasúr sin nuair a bhíodh deacrachtaí againn cúigear déag a chur chun páirce. Thuig muid go raibh sé sin ceart go leor, áfach, mar thuigeamar go raibh muid ann ar mhaithe leis an nGaeilge. Ní hé go raibh muid ag iarraidh gabháil agus imirt i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh – cé go mbeadh sé mar sprioc anois againn agus muid i bhfad níos mó mar chlub. Ba í an rud ba thábhachtaí dúinn ag an am ná go raibh muid ag teacht le chéile ar mhaithe leis an nGaeilge.
Bhí sé deacair daoine a mhealladh le himirt linn ag an tús ach, de réir a chéile, scaipeadh an scéal go raibh muid ann. Bhí amhras ar dhaoine go mairfeadh muid. Scata leaids a bhí ionainn a chaill gach uile chluiche sa chéad bhliain!
Bhí muid ceanndána, áfach. B’fhéidir go raibh muid amaideach! Leanamar orainn agus de réir a chéile thosaigh muid ag fás agus ag forbairt. Chuir Daithí de Buitléir, ach go háirithe, tuilleadh brú orainn níos mó is níos mó a dhéanamh. Chuir muid foireann iomána ar bun. Ansin, chuir muid foireann camógaíochta ar bun. Ansin, thóg muid an chéim ba mhó go dtí sin nuair a chuir muid tús le foirne faoi aois. An chéad rud eile, d’ardaigh an uaillmhian agus an méid oibre a bhí á déanamh againn. Bhí orainn an obair a chur i gcrích.’’
Chonaic Na Gaeil Óga go raibh fás as cuimse ag teacht ar an gclub agus ba ag an bpointe sin a socraíodh gur cheart foirne faoi aois a chur chun páirce agus iarrachtaí a dhéanamh baile a aimsiú dhóibh féin i Leamhcán.
‘’Chonaic muid go raibh fás rábach ag teacht orainn agus bhí neart dúshlán ag baint leis sin. Tagann daoine ó fud fad na cathrach le himirt linn mar gheall ar an nGaeilge. Tá 500 ball ar fad anois againn agus tá ag éirí linn 20 foireann faoi aois a chur chun páirce agus iad go léir ag déanamh dul chun cinn iontach.
Feiceann tú an fás atá ag tarlú os do chomhair amach beagnach ar bhonn míosúil agus feictear ar bhealaí éagsúla é. Mar shampla, caithfidh muid dhá pháirc sa bhreis a fháil anois os rud é go bhfuil ceithre fhoireann nua againn i mbliana. Tarlaíonn rudaí mar sin go tobann.
Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí an chlub agus do chaighdeán imeartha an chlub go mbeadh baile buan againn. Sin é an rud is mó ar a bhfuil muid ag obair faoi láthair.
Tá Coiste Forbartha againn ina bhfuil Micheál Ó Muircheartaigh ina Chathaoirleach air. Tá an Coiste ag breathnú ar roinnt suíomhanna thimpeall ar Leamhcán faoi láthair. Tá muid sásta leis an dul chun cinn atá déanta againn. Beidh orainn tabhairt faoi go leor tiomsuithe airgid ach tá muid dóchasach go mbeidh foinsí eile airgeadais againn, freisin.’
Dar ndóigh, Gaeilge teanga labhartha an chlub agus insíonn Rónán dúinn faoin tionchar atá á imirt acu ar chlubanna eile i mBaile Átha Cliath agus faoin mbealach a gcaití leo i dtús aimsire.
‘’Is cuimhin liom go mbíodh daoine ag spochadh asainn agus muid ag labhairt Gaeilge ar an bpáirc. Déarfadh siad leithéidí, ‘An bhfuil cead agam dul chuig an leithreas linn’’. Ní chloistear a leithéid ach go fíorannamh anois, áfach. Tuigeann clubanna agus imreoirí eile gurb ann dúinn anois agus de réir a chéile tá muid théis gabháil i bhfeidhm ar dhaoine agus tá muid théis an dúshlán sin a shárú. Taitníonn se sin liom’’.
Tá go leor clubanna in Áth Cliath gnóthach na laethanta seo ar na meáin shóisialta ag cur amach giolcanna i nGaeilge agus tá sé sin feicthe ó leithéidí Baile Buadáin-Naomh Éanna, Baile Munna, Cill Mochuda Na Crócaigh, Naomh Fionnbarra, Cuain Tairbh agus ó Chuala i measc clubanna eile, agus iad ag réiteach le haghaidh cluichí mór de chuid a gclubanna le deireanas. Thug Rónán a thuairim ina leith sin nuair a thug mé le fios go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag Na Gaeil Óga ar a leithéid:
‘’Feictear dom go mbíonn tionchar againn ar fhoirne eile. Cuireann muid aithne ar Ghaeilgeoirí eile i mBaile Átha Cliath atá ag imirt peile, ar réiteoirí a bhfuil Gaeilge acu agus ar chaptaein ó fhoirne eile a bhfuil Gaeilge acu.
Chloisfeá leaids ó fhoirne eile, go háirithe tar éis dóibh an bua a fháil orainn, ag rá leithéidí, ‘Lads does anyone know how to say hard luck in Irish? Does anyone speak Irish?’. Sheolfaidís Gaeilgeoir trasna chugainn ansin le comhbhrón nó le comhghairdeas a dhéanamh linn.
Feiceann muid an tionchar sin ach go háirithe i Leamhcán. Feiceann muid go bhfuil na Sáirséalaigh ag iarraidh an Ghaeilge a tharraingt isteach i ngach rud atá ar siúl acu anois. Is ceart sin. Ba cheart go mbeadh CLG lárnach i saol na Gaeilge.’’
Ar an bpáirc imeartha féin tá dul chun cinn mór déanta ag Na Gaeil Óga, freisin. Insíonn Rónán dúinn anseo faoi na laethanta a bhíodh an club ag gabháil chuig Comórtas Peile na Gaeltachta le haghaidh an chraic amháin. Insíonn sé, freisin, faoin gcultúr nua atá cruthaithe sa chlub.
‘’Is cuimhin liom an deich nó cúig déag léasadh sin a fuair muid sa chéad bhliain agus is cuimhin liom a bheith ag gabháil chuig Comórtas Peile na Gaeltachta bliain i ndiaidh bliana ar mhaithe leis an gcraic agus gan aon súil againn a bheith iomaíoch sa pheil. Dá ndéarfaí linn an t-am sin go mbeadh muid iomaíoch ag an gComórtas deich mbliana níos deireanaí ní chreidfeadh muid é. Dá ndéarfaí linn go mbeadh muid i Sraith 5 agus go bhfaigheadh muid cúig cinn d’arduithe céime ní chreidfeadh muid é!
Tá buíochas mór as sin ag gabháil do leithéidí Dhaithí de Buitléir, do Chiarán Ó Feinneadha agus do Chiarán Mac Fhearghusa, ach go háirithe. Bhí siad thar a bheith uaillmhianach agus tá an uaillmhian sin sáinnithe anois i gcultúr an chlub. Tá lucht an chlub anois ag caint ar chraobhacha, ar shraitheanna agus ar chomórtais a bhuachan.
Tá muid anois ag díriú ar na rudaí atá le déanamh le cinntiú go mbeidh lucht na bhfoirne faoi aois ag imirt i bPáirc an Chrócaigh amach anseo. Rud fíorchumhachtach is ea cultúr den chineál sin a chruthú i gclub.’’
Dar ndóigh, bunaíodh Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus Gaeil na Gaillimhe i gcathair na Gaillimhe le roinnt blianta anuas – dhá chlub eile lán-Ghaeilge. Níl amhras ar bith ach go mbunófar tuilleadh clubanna den chineál sin timpeall na tíre. Seo an chomhairle a chuirfeadh Rónán ar dhaoine a bheadh ag smaoineamh ar a leithéid:
‘’Bí foighneach agus coinnigh ort! Tógann rudaí den chineál seo go leor ama ach má tá foighne agat agus má tá tú sásta go bhfuil beagán dul chun cinn á dhéanamh agat mí i ndiaidh míosa, bliain i ndiaidh bliana, is leor sin. Is togra fadtéarmach atá anseo. Tá muid ag cruthú rud anseo a mhairfidh na blianta agus caithfidh tú smaoineamh air ar an mbonn sin. Ní tharlóidh sé thar oíche.
Níl Na Gaeil Óga sásta suí siar anois de bharr go bhfuil an oiread bainte amach acu is atá. Tá siad fós chomh huaillmhianach is a bhí riamh. Feiceann Rónán tuilleadh fáis agus tuilleadh forbartha sna Gaeil Óga sa chéad deich mbliana eile atá amach romhainn.
‘’Shamhlóinn go mbeinn ag déanamh an agallaimh seo ó lárionad spóirt den chéad scoth i Leamhcán i gceann deich mbliana. Beidh ceann de na clubthithe is fearr sa tír againn. Creidim sin go láidir agus creidim go mbeidh foirne an chlub ag imirt ag an leibhéal is airde. Cá bhfios ach go mbeidh club Gaelach eile i mBaile Átha Cliath agus go mbeidh cluichí dúshlánacha á n-imirt againn ina n-aghaidh.
Ceapaim go bhfuil ról ann dúinn breathnú ar an mbealach le tuilleadh cothaithe a dhéanamh ar an nGaeilge sa cheantar ina bhfuilimid. B’fhéidir comhlachtaí as Gaeilge agus gníomhaíochtaí eile Gaeilge a shocrú thimpeall an chlub agus go mbeidh cineál de lárionad Gaeilge ann. Bheinn an-dóchasach faoi sin.’’
Le daoine ar nós Rónáin Uí Dhálaigh ag an stiúir níl aon amhras ach ó neart go neart a ghabhfas Na Gaeil Óga sa chéad deich mbliana eile amach romhainn. Gach rath orthu!