Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

hurling

Súil chun cinn ar Phort Láirge in aghaidh Luimnigh an deireadh seachtaine seo

Tá scléip mhór amach romhainn Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Port Láirge agus Luimneach aghaidh ar a chéile i gCraobh Iomána na Mumhan

Tá scléip mhór amach romhainn Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Port Láirge agus Luimneach aghaidh ar a chéile i gCraobh Iomána na Mumhan

Le Jamie Ó Tuama

Tabharfaidh Port Láirge agus Luimneach aghaidh ar a chéile i bPáirc an Bhreathnaigh Dé Sathairn ar 6.00. Is é an t-aon chluiche a imreofar i gCraobh Iomána na Mumhan an deireadh seachtaine seo.

Tá dhá chluiche imeartha ag gach foireann i gCraobh Iomána na Mumhan seachas an dá fhoireann seo. Tuigidh siad an tábhacht a bhaineann leis an dá phointe a fháil sa chluiche seo agus na foirne dírithe ar Chorn Uí Mhaca agus Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachan níos faide anonn.

Bhí comhscór idir Luimneach agus Tiobraid Árann nuair a d’imir siad sa chéad chluiche craoibhe coicís ó shin agus d’éirigh le Port Láirge an ceann is fearr a fháil ar an gClár an tseachtain seo caite nuair a bhí ocht gcúilín le spáráil acu ar sheaimpíní na hÉireann.

Níl aon amhras faoi ach go mbeadh foireann John Kiely réidh don chluiche seo inniu tar éis briseadh coicíse a bheith acu. Beidh sé féin agus a fhoireann bhainistíochta ag súil le níos mó scóranna an iarraidh seo ó Ghearóid Hegarty agus ó Tom Morrissey. Is cinnte go mbeidh tionchar ag leithéidí Aaron Gillane agus Shane O’Brien ar chlár na scór arís Dé Sathairn, chomh maith.

Maidir le Port Láirge, bheadh siad an-sásta leis an mbua a fuair siad ar an gClár an tseachtain seo caite agus is cinnte go dtabharfadh sé misneach d’fhoireann Peter Queally agus iad ag breathnú chun tosaigh. Má tá siad leis an mbeart a dhéanamh arís eile an deireadh seachtaine seo, beidh siad ag brath go mór ar Stephen Bennett taispeántas iontach eile a thabhairt. 2-08 ar fad a d’aimsigh Bennett dá fhoireann in aghaidh an Chláir. Beidh na Déisigh ag brath ar leithéidí Dessie Hutchinson, Tadhg de Búrca agus ar Jamie Barron, freisin.

Cá bhfios cé acu Port Láirge nó Tiobraid Árann a mbeidh an bua Dé Sathairn ach rud amháin atá cinnte ná go bhfuil sárchluiche eile amach romhainn i gCraobh Iomána na Mumhan.

Babhta 2 de Chraobhchomórtas Iomána na Mumhan

Dé Sathairn

Port Láirge agus Luimneach, Páirc an Bhreathnaigh, 6.00in, GAA+