Súil chun cinn ar chluichí dheireadh na seachtaine i Sraitheanna Iomána agus Peile Allianz
Beidh John Maughan ag súil le taispeántas maith ó Uíbh Fhailí De Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Dé Sathairn, 19 Meitheamh
Cluiche Ceannais Peile Roinn 3
Doire v Uíbh Fhailí, Páirc an Chrócaigh, 5.00pm – TG4
Imreoidh Uíbh Fhailí in aghaidh Dhoire i gCluiche Ceannais Peile Roinn 3 os comhair 2,400 duine I bPairc an Chrócaigh, De Sathairn seo chugainn agus beidh an dá fhoireann ag iarraidh buachaint go géar.
Tá scór mór curtha suas ag Uíbh Fhailí go dtí seo agus 3-61 ar fad aimsithe acu sna ceithre chluiche a d’imir siad go dtí seo in aghaidh Chill Mhantáin, Luimnigh, Thiobraid Árann agus Fhear Manach. Is cinnte go mbeidh John Maughan agus a fhoireann bainistíochta sásta leis an tús buacach a bhí acu leis an mbliain agus go mbeidh siad ag iarraidh cur leis.
D’imir na foirne céanna in aghaidh a chéile i bPáirc Uí Chonchubhair, Bord na Móna, i Roinn 3 de Shraith Peile Allianz anuraidh agus fuair foireann Rory Gallagher an ceann is fearr ar an bhfoireann baile an lá sin ar scór 1-12 go dtí 1-10. Bheadh Gallagher ag súil le níos mó scóranna óna fhoireann an iarraidh seo, áfach, agus stíl nua peile á cleachtadh acu i mbliana.
Mar atá amhlaidh faoi Uíbh Fhailí, níl aon chluiche caillte ag na hUltaigh fós i mbliana. Fuair siad an ceann is fearr ar an Longfort, ar Fhear Manach, ar an gCabhán agus ar Luimneach go dtí seo agus d’aimsigh siad 6-67 ar fad sna cluichí sin.
Dé Sathairn, 19 Meitheamh
Roinn 3A de Shraith Iomána Allianz
Ard Mhacha v Tír Eoghain, An Pháirc Lúthchleasa, 2.00pm
Muineachán v Sligeach, Páirc Grattan, 2.00
Tabharfaidh Tír Eoghain aghaidh ar Ard Mhacha sa Pháirc Lúthchleasa agus tabharfaidh Muineachán aghaidh ar Shligeach i bPáirc Grattan, Inis Caoin, sa bhabhta deireanach seo de Roinn 3A, de Shraith Iomána Allianz.
Tá an tsraith buaite cheana féin ag Sligeach agus is iad an Longfort a bheidh ag gabháil síos go Roinn 3B an bhliain seo chugainn. Mar sin, úsáidfear na cluichí seo le réiteach do na craobhchomórtais amach romhainn. Casfaidh Ard Mhacha agus Tír Eoghain ar a chéile arís i gCorn Nickey Rackard ar 3 Iúil.