Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Sceideal lán cluichí ó Shraitheanna Peile Allianz ar an teilifís an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh Dún na nGall agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gcath bharr na sraithe i Roinn de Shraitheanna Peile Allianz an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh Dún na nGall agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gcath bharr na sraithe i Roinn de Shraitheanna Peile Allianz an deireadh seachtaine seo

Le Jamie Ó Tuama

Tá deireadh seachtaine mór eile peile amach romhainn i Sraitheanna Peile Allianz an deireadh seachtaine seo agus beidh plúr na gcluichí sin le feiceáil ar an teilifís idir RTÉ agus TG4.

Le tús a chur le haicsean dheireadh na seachtaine, tabharfaidh Ciarraí agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i bPáirc Aibhistín De Staic ar 5.00in Dé Sathairn agus beidh an cluiche sin le feiceáil beo ar RTÉ. Bua amháin an taobh atá ag na foirne go dtí seo. Fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Ros Comáin sa chéad chluiche sraithe agus fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Ard Mhacha a bhuíochas le scór deireanach ó Rob Finnerty i bPáirc Lúthchleasa BOX-IT coicís ó shin.

Díreach tar éis an chluiche sin, craolfar an cluiche idir Áth Cliath agus Muineachán beo ó Pháirc an Chrócaigh ar 7.00in. Tá an dá fhoireann ar thóir a gcéad bhua sa tsraith i mbliana, rud a chinntíonn go bhfuil sárchluiche amach romhainn.

Cuirfear tús leis an aicsean ar an teilifís Dé Domhnaigh ar TG4 nuair a thugann Dún na nGall agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Dhomhnaill ar 1.45in i Roinn 1. Tá dhá bhua ag an dá fhoireann go dtí seo sa tsraith rud a chinntíonn go mbeidh Jim McGuinness agus Andy Moran ar a seacht ndícheall ag iarraidh cur leis an tús buacach a bhí ag a bhfoirne leis an tsraith.

Ina dhiaidh sin, craolfar an cluiche idir Tír Eoghain agus an Cabhán i Roinn 2 beo ó Pháirc Uí Éilí O’Neills ar 3.45in. Tá pointe amháin ag na hEoghanaigh go dtí seo agus tá an Cabhán fós ag fanacht ar a gcéad phointí sraithe. Mar sin, beidh an dá fhoireann ag déanamh a míle dícheall an dá phointe a thógáil Dé Domhnaigh.

Craolfar an cluiche eile i Roinn 1 idir Ros Comáin agus Ard Mhacha beo ó Pháirc de hÍde ar Sheinnteoir TG4 ar 2.00in Dé Domhnaigh, freisin.

Dé Sathairn 14 Feabhra

Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz

Ciarraí agus Gaillimh, Páirc Aibhistín De Staic, 5.00in, RTÉ
Áth Cliath agus Muineachán, Páirc an Chrócaigh, 7.00in, TG4

Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz

An Mhí agus Lú, Páirc an Chrócaigh, 5.00in
Cill Dara agus Doire, Páirc Naomh Connladh Cedral, 6.30in

Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz

An Dún agus an Iarmhí, Páirc Esler, 6.00in
Laois agus Sligeach, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 6.00in

Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz

Port Láirge agus Cill Mhantáin, Páirc Uí Fhearchair Cappoquin Logistics, 6.00in

Dé Domhnaigh 15 Feabhra

Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz

Dún na nGall agus Maigh Eo, Páirc Uí Dhomhnaill, 1.45in, TG4
Ros Comáin agus Ard Mhacha, Páirc de hÍde King & Moffatt, 2.00in, Seinnteoir TG4

Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz

Uíbh Fhailí agus Corcaigh, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk, 2.00in
Tír Eoghain agus an Cabhán, Páirc Uí Éilí O'Neills, 3.45in, TG4

Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz

Fear Manach agus an Clár, Páirc Brewster, 1.00in
Luimneach agus Loch Garman, Páirc Mhichíl Uí Nia, 1.00in

Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz

Londain agus Liatroim, Páirc Mhig Shamhráin, 1.00in
Aontroim agus an Longfort, Clan na hÉireann, 2.00in
Tiobraid Árann agus Ceatharlach, Staid Semple FBD, 2.00in