Beidh Shea Cassidy agus iománaithe Dhoire ag súil leis an mbeart a dhéanamh nuair a thugann siad féin agus Cill Mhantáin aghaidh ar a chéile Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Imreofar Babhta 5, an babhta deireanach sna grúpaí, de Chraobhchomórtais Choirn Chríostóir Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair an deireadh seachtaine seo agus fios ag na foirne uilig go bhfuil go leor idir chamáin do na foirne an deireadh seachtaine seo.
Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn
Is ar leathuair tar éis a haon a imreofar na cluichí uilig i gCraobhchomórtas Chríostóir Uí Rinn Dé Sathairn. Tabharfaidh Doire agus Cill Mhantáin aghaidh ar a chéile i gcath mór bharr an ghrúpa i bPáirc na gCeilteach. Imreoidh an Mhí in aghaidh Dhún na nGall i mBaile Átha Troim agus imreoidh Londain in aghaidh Thír Eoghain i bPáirc Mhig Shamhráin, Ruislip.
Má chríochnaíonn Doire agus Cill Mhantáin ar comhscór gabhfaidh an dá fhoireann ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais. Má tá Londain leis an gcluiche ceannais a bhaint amach ní mór dóibh an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain agus ní mór do Chill Mhantáin an ceann is fearr a fháil ar Dhoire. Gabhfaidh Cill Mhantáin ar aghaidh chuig an gcluiche ceannais mura gcailleann siad in aghaidh Dhoire. Tá ísliú céime i ndán do Thír Eoghain go Craobhchomórtas Niocláis Mhic Riocaird i 2026 beag beann ar scléip dheireadh na seachtaine.
Craobhchomórtas Chorn Mhic Riocaird
Is ar a dó a chlog a imreofar na cluichí deireanacha grúpa i gCraobhchomórtas Chorn Mhic Riocaird Dé Sathairn. Tabharfaidh Fear Manach agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i bPáirc Brewster, tabharfaidh Sligeach agus Ard Mhacha aghaidh ar a chéile i bPáirc Mhic Giolla Chaoin agus tabharfaidh Lú agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Bríd.
Faoi mar a sheasann rudaí sa ghrúpa faoi láthair tá Maigh Eo ag gabháil ar aghaidh chuig an gcluiche ceannais agus imreoidh siad in aghaidh Ros Comáin, Sligeach nó Ard Mhacha ag brath ar thorthaí dheireadh na seachtaine. Beidh Fear Manach ag imirt i gCraobhchomórtas Labhraí Uí Mheachair i 2026.
Craobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair
Is ar dó a chlog a bheidh na cluichí deireanacha grúpa de Chraobhchomórtas Labhraí Uí Mheachair. Imreoidh Warwickshire in aghaidh Lancaisír i bPáirc na hÉireann, imreoidh Muineachán in aghaidh an Longfoirt in Inis Caoin agus imreoidh an Cabhán in aghaidh Liatroma i bPáirc Bhreifne Kingspan.
Ag an bpointe seo is iad an Cabhán atá ag barr na an ghrúpa agus gabhfaidh siad ar aghaidh chuig an gcluiche ceannais beag beann ar thorthaí dheireadh na seachtaine. Imreoidh na tánaistigh sa ghrúpa in aghaidh Nua-Eabhrac sa chluiche leathcheannais agus beidh an Cabhán ag fanacht ar bhuaiteoirí an chluiche sin sa chluiche ceannais. Is idir Muineachán agus an Longfort atá sé le haghaidh áite sa chluiche leathcheannais.
Dé Sathairn, 17 Bealtaine
Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn, Babhta 4
Doire agus Cill Mhantáin, Páirc na gCeilteach, 1.30in
Londain agus Tír Eoghain, Ruislip, 1.30in
An Mhí agus Dún na nGall, Baile Átha Troim, 1.30in
Craobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird, Babhta 4
Fear Manach agus Maigh Eo, Inis Ceithleann, 2.00in
Lú agus Ros Comáin, Mullach an Dúdálaigh, 2.00in
Sligeach agus Ard Mhacha, Páirc Mhic Giolla Chaoin, 2.00in
Craobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair, Babhta 4
An Cabhán agus Liatroim, Páirc Bhreifne Kingspan, 2.00in
Muineachán agus An Longfort, Inis Caoin, 2.00in
Warwickshire v Lancaisír, Páirc na hÉireann, 2.00in