Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

hurling

Neart le socrú i gCraobhacha Iomána Laighean, na Mumhan, Mhic Dhonncha agus Uí Mheachair 

Beidh go leor idir chamáin ag Corcaigh agus ag Port Láirge nuair a thugann siad aghaidh ar a chéile i gCraobh na Mumhan ar an deireadh seachtaine

Beidh go leor idir chamáin ag Corcaigh agus ag Port Láirge nuair a thugann siad aghaidh ar a chéile i gCraobh na Mumhan ar an deireadh seachtaine

Le Jamie Ó Tuama

Imreofar Babhta 5 de Chraobhacha Iomána Laighean, na Mumhan agus Sheosaimh Mhic Dhonncha an deireadh seachtaine seo chomh maith le Cluiche Leathcheannais Chorn Labhraí Uí Mheachair. Beidh a fhios againn tráthnóna Dé Domhnaigh cé a thabharfaidh aghaidh ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Laighean, cé a imreoidh in aghaidh Luimnigh i gCluiche Ceannais na Mumhan, cé hiad na foirne atá fágtha sa chraobh agus go leor eile. Tá scléip mhór amach romhainn uaidh seo go ceann cúpla lá.

Craobhchomórtas Iomána na Mumhan

Dé Domhnaigh

Corcaigh agus Port Láirge, SuperValu Páirc Uí Chaoimh, 4.00, RTÉ

Imreoidh Corcaigh in aghaidh Phort Láirge sa chluiche mór i gCraobh na Mumhan. Tuigfidh an dá fhoireann go maith go bhfuil toradh ag teastáil uathu má tá siad ag iarraidh fanacht sa chraobh an samhradh seo agus le seans a bheith acu ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh. Is leor comhscór do na Corcaígh ach ní mór do na Déisigh an dá phointe a thabhairt leo.

Beidh Pat Ryan ag brath go mór ar Patrick Horgan arís eile má tá a fhoireann leis an mbeart a dhéanamh chomh maith le Alan Connolly agus Brian Hayes.

Is ar Stephen Bennett agus ar Jamie Barron a bheidh foireann Peter Queally ag brath le haghaidh scóranna na nDéiseach.

Beidh an dá fhoireann ar a seacht ndícheall ag iarraidh an bua a fháil sa chluiche seo rud a chinntíonn go mbeidh sárchluiche ann.

Anois nó go brách do na foirne.

CORCAIGH: Patrick Collins; Ger Millerick, Eoin Downey, Seán O'Donoghue; Cormac O'Brien, Ciarán Joyce, Mark Coleman; Tim O'Mahony, Brian Roche; Shane Barrett, Darragh Fitzgibbon, Séamus Harnedy; Patrick Horgan, Alan Connolly, Brian Hayes. Ionadaithe: Brion Saunderson, Damien Cahalane, Eoin Roche, Tommy O'Connell, Ethan Twomey, Luke Meade, Conor Lehane, Diarmuid Healy, Jack O'Connor, William Buckley, Shane Kingston.

PORT LÁIRGE: Billy Nolan; Ian Kenny, Conor Prunty, Iarlaith Daly; Mark Fitgerald, Tadgh de Burca, Paddy Leavey; Darragh Lyons, Gavin Fives; Sean Walsh, Stephen Bennett, Jamie Barron; Jack Prendergast, Michael Kiely, Patrick Fitzgerald. Ionadaithe: Shaun O'Brien, Dessie Hutchinson, Kevin Mahony, Kieran Bennett, Shane Bennett, Patrick Curran, Austin Gleeson, Conor Sheahan, Tom Barron, Padraig Fitzgerald, Carthach Daly.

Luimneach agus an Clár, Páirc na nGael TUS, 16.00

Imreoidh Luimneach in aghaidh an Chláir i bPáirc na nGael Dé Domhnaigh seo chugainn ar 16.00. Tá Luimneach tríd chuig Cluiche Ceannais na Mumhan agus tá curaidh na hÉireann 2024, an Clár, as an iomaíocht don bhliain.

Beidh an Clár ag iarraidh clabhsúr dearfach a chur leis an mbliain, mar sin féin, agus beidh siad dírithe go hiomlán ar an gceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic Dé Domhnaigh. Bheadh díomá ar Bhrain Lohan faoin gcaoi ar thit an bhliain amach agus is cinnte go raibh tuirse orthu tar éis a gcuid gaiscí anuraidh.

Maidir le Luimneach, beidh siad dírithe go hiomlán ar Chraobh na Mumhan a bhuachan don seachtú bliain i ndiaidh a chéile agus beidh siad ag iarraidh an fuinneamh a choinneáil tar éis a mbua mhóir ar Chorcaigh an tseachtain seo caite.

LUIMNEACH: Shane Dowling; Barry Murphy, Dan Morrissey, Michael Casey; Diarmaid Byrnes, Declan Hannon, Colin Coughlan; Darragh O'Donovan, William O'Donoghue; Gearoid Hegarty, Cathal O'Neill, Tom Morrissey; Seamus Flanagan, Shane O'Brien, Peter Casey. Ionadaithe: Jason Gillane, Adam English, Vince Harrington, Ethan Hurley, Barry Nash, Aidan O'Connor, Fergal O'Connor, Donnacha Ó Dálaigh, Paddy O'Donovan, David Reidy, Eddie Stokes.

AN CLÁR: Eibhear Quilligan; Adam Hogan, Darragh Lohan, Rory Hayes; Cian Galvin, John Conlon, David McInerney; Sean Rynne, Cathal Malone; Tony Kelly, Mark Rodgers, Shane Meehan; Ryan Taylor, Peter Duggan, David Reidy. Ionadaithe: Eamon Foudy, Daithi Lohan, Ross Hayes, Diarmuid Ryan, Paddy Donnellan, Aron Shanagher, David Fitzgerald, Jack O'Neill, Ian Galvin, Colm O'Meara, Shane O'Donnell.

An mbeidh freagra ag Áth Cliath ar ghaiscí Chathail Mannion ar an deireadh seachtaine

An mbeidh freagra ag Áth Cliath ar ghaiscí Chathail Mannion ar an deireadh seachtaine

Craobhchomórtas Iomána Laighean

Dé Domhnaigh

Loch Garman agus Cill Chainnigh, Páirc Loch Garman Chadwicks, 14.00

Imreoidh Loch Garman in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Loch Garman Chadwicks ar 14.00 Dé Domhnaigh. Tá Cill Chainnigh tríd chuig an gcluiche ceannais agus beidh deireadh le bliain iomána Loch Garman bealach amháin nó bealach eile tar éis an chluiche seo.

Mar sin féin, is cinnte go mbeidh na Carmanaigh ag iarraidh deireadh buacach a chur leis an mbliain os comhair a muintire féin i Loch Garman. Má tá siad leis an mbeart a dhéanamh beidh siad ag brath ar Lee Chin uair amháin eile agus é i mbarr a mhaitheasa le cúpla mí anuas.

Beidh foireann Derek Lyng ag iarraidh an fuinneamh a choinneáil ag imeacht agus, cé go bhfuil roinnt athruithe ann ón bhfoireann a d’imir in aghaidh Átha Cliath seachtain ó shin, beidh siad féin ar a seacht ndícheall ag iarraidh na pointí a thógáil.

LOCH GARMAN: Mark Fanning; Cian Molloy, Simon Donohoe, Conor Foley; Eoin Ryan, Damien Reck, Darragh Carley; Conor Hearne, Corey Byrne Dunbar; Jack O'Connor, Lee Chin, Rory O'Connor; Kevin Foley, Mikie Dwyer, Cian Byrne. Ionadaithe: Andrew Kennedy, Chalrie McGuckin, Cathal Dunbar, Niall Murphy, Conor McDonald, Jack Redmond, Seamus Casey, Darren Codd, Tomás Kinsella, Simon Roche, Oisín Pepper

CILL CHAINNIGH: Eoin Murphy; Peter Connellan, Padraic Moylan, Tommy Walsh; David Blanchfield, Adrian Mullen, Zach Bay Hammond; Killian Doyle, Peter McDonald; Luke Connellan, John Donnelly, Fionán Mackessy; Billy Drennan, TJ Reid, Owen Wall. Ionadaithe: Aidan Tallis, Huw Lawlor, Mikey Butler, Shane Staunton, Richie Reid, Cian Kenny, Jordan Molloy, Stephen Donnelly, Gearoid Dunne, Martin Keoghan, Niall Shortall.

Áth Cliath agus Gaillimh, Páirc Parnell, 14.00, RTÉ

Tabharfaidh Áth Cliath agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i mórchluiche dheireadh na seachtaine i gCraobhchomórtas Iomána Laighean. Gabhfaidh na buaiteoirí ar aghaidh chuig Cluiche Ceannais Laighean, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Chill Chainnigh. Gabhfaidh an fhoireann a chailleann ar aghaidh chuig Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann.

Tá foireann Néill Uí Cheallacháin ag feabhsú le gach cluiche agus cé go ndearna Cill Chainnigh scrios orthu sa chéad leath an tseachtain seo caite tháinig siad ar ais go láidir sa dara leath rud a thabharfaidh dóchas do imreoirí Átha Cliath don chuid eile den bhliain. Má tá siad leis an mbeart a dhéanamh beidh siad ag brath ar thaispeántais mhóra ó leithéidí Conor Donohoe, Seán Currie agus ó Ronan Hayes Dé Domhnaigh.

Maidir le Gaillimh bheadh Micheál Donoghue réasúnta sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag a fhoireann ó thús na bliana. Tá Cathal Mannion ag imirt chomh maith agus a d’imir sé riamh. Beidh Gaillimh ag brath ar leithéidí Conor Cooney agus Conor Whelan freisin, mar sin féin, má tá siad leis an mbeart a dhéanamh i bPáirc Parnell.

ÁTH CLIATH: Eddie Gibbons; John Bellew, Paddy Smyth, Conor McHugh; Paddy Doyle, Chris Crummey, Paddy Dunleavy; Conor Burke, Conor Donohue; Brian Hayes, Cian O'Sullivan, Darragh Power; Seán Currie, John Hetherton, Ronan Hayes. Ionadaithe: Sean Brennan, Colin Currie, Andy Dunphy, Daire Gray, Andrew Jamieson-Murphy, David Lucey, James Madden, Riain McBride, Diarmaid Ó Dúlaing, Conal O'Riain, Fergal Whitely.

GAILLIMH: Darach Fahy; Padraic Mannion, Fintan Burke, Daithí Burke, Cianan Fahy, Gavin Lee, TJ Brennan; David Burke, Tom Monaghan; John Fleming, Cathal Mannion, Tiernan Killeen; Conor Whelan, Brian Concannon, Anthony Burns. Ionadaithe: Eanna Murphy, Jack Grealish, Joshua Ryan, Shane Cooney, Seál Linnane, Ronan Glennon, Dan Loftus, Kevin Cooney, Conor Cooney, Rory Burke, Colm Molloy.

Uíbh Fhailí agus Aontroim, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk, 14.00, GAA+

In íochtar an ghrúpa atá Aontroim agus Uíbh Fhailí agus gan aon phointí gnóite ag ceachtar acu go dtí seo. Tá an cluiche seo fíorthábhachtach don dá fhoireann agus fios maith acu go bhfanfaidh an fhoireann a bhuann i gCraobh Laighean i 2026 agus go ngabhfaidh an fhoireann a chailleann síos go Craobh Sheosaimh Mhic Dhonncha.

D’fhéadfá an argóint a dhéanamh gur imir Uíbh Fhailí níos fearr ná Aontroim sna cluichí a bhi acu go dtí seo. Mar sin féin, tá níos mó taithí ag Aontroim a bheith ag imirt i gCraobh Laighean tar éis dóibh taispeántais mhaithe a thabhairt le linn 2023 agus 2024 ach go háirithe.

Beidh an dá fhoireann ar a seachtain ndícheall ag iarraidh an ceann seo a bhuachan rud a fhágann go mbeidh an-chluiche ann.

UÍBH FHAILÍ: Mark Troy; Ben Conneely, Ciaran Burke, James Mahon; Ross Ravenhill, Donal Shirley, Jason Sampson; Cathal King, Colin Spain; Killian Sampson, Daniel Bourke, Oisin Kelly; Dan Ravenhill, Charlie Mitchell, Brian Duignan. Ionadaithe: Liam Hoare, Sam Bourke, Eoghan Cahill, Brecon Kavanagh, Jack Clancy, Eoin Burke, Padraig Cantwell, David King, DJ McLoughlin, Ben Miller, David Nally.

AONTROIM: Ryan Elliott; Stephen Rooney, Paddy Burke, Niall O'Connor; Conall Bohill, Joe Maskey, Conor Boyd; Gerard Walsh, Eoghan Campbell; Ryan McCambridge, Nigel Elliott, Scott Walsh; Joseph McLaughlin, Eoin O'Neill, Cormac McKeown. Ionadaithe: Ruairi McCormick, Eoin McFerran, Ryan McGarry, Rory McCloskey, Sean McKay, Paul Boyle, James McNaughton, Aodhan McGarry, Keelan Molloy, Fred McCurry, Jack McCloskey.

Tabharfaidh Ceatharlach agus Laois aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha Dé Sathairn

Tabharfaidh Ceatharlach agus Laois aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha Dé Sathairn

Craobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha

Dé Sathairn

Ceatharlach agus Laois, Páirc Uí Chuilinn Netwatch, 14.00

Tá seans ag an dá fhoireann seo cáiliú le haghaidh Chluiche Ceannais Chorn Mhic Dhonncha. Má bhíonn comhscór ann nó má bhuann Laois beidh siad sa chluiche ceannais. Teastaíonn bua ó Cheatharlach lena gcur tríd chuig an gcluiche ceannais. Má bhuann an Dún ar Chill Dara, is leor comhscór do Cheatharlach.

CEATHARLACH: Brian Tracey; Paul Doyle, Dion Wall, Niall Bolger; Evan Kealy, Kevin McDonald, Jack McCullagh; Ciaran Whelan, Fiachra Fitzpatrick; Jon Nolan, James Doyle, Donagh Murphy; Chris Nolan, Martin Kavanagh, Conor Kehoe. Ionadaithe: Kyle Foley, Paidi O’Shea, John Michael Nolan, Jack Treacy, Paddy Boland, Sean Joyce, Richard Coady, John Doyle, Ted Joyce, Fiach Ó Toole, Tony Lawlor.

LAOIS: Cathal Dunne; Cody Comerford, Lee Cleere; Diarmaid Conway; Tom Cuddy, Padraig Delaney, Ryan Mullaney; Fiachra C Fennell, David Dooley; Aidan Corby, Charles Dwyer, Paddy Purcell; James Duggan, Tomás Keyes, Ben Conroy. Ionadaithe: Eoin Fleming, Padraic Dunne, Donnacha Hartnett, Jordan Walshe, John Lennon, James Keyes, Martin Phelan, Jer Quinlan, Mark Dowling, Willie Dunphy, Aaron Dunphy.

Cill Dara agus An Dún, Páirc Naomh Connladh Cedral, 14.00

Tabharfaidh Cill Dara agus an Dún aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Connladh Cedral, Dé Sathairn. Tá Cill Dara ar thairseach na staire agus tá seans acu Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhaint amach don chéad uair riamh. Beidh siad dírithe go hiomlán orthu féin sa chluiche seo in ainneoin go bhféadfadh le torthaí ó chluichí eile tionchar a imirt air sin. Má éiríonn leo comhscór nó an bua a fháil beidh siad sa chluiche ceannais.

Is iad an Dún atá ag bun an ghrúpa le dhá phointe. Tá an Iarmhí agus Ciarraí ar dhá phointe freisin, mar sin féin, agus tuigfidh an Dún go dtabharfadh bua sa chluiche seo slán iad i gCraobh Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha.

CILL DARA: Paddy McKenna; Richy Hogan, Rian Boran, Daniel O’Meara; Paul Dolan, Cian Boran, Simon Leacy; Daire Guerin, James Burke; Cathal McCabe, Jack Travers, David Qualter; Gerry Keegan, Cathal Dowling, Jack Sheridan. Ionadaithe: Mark Doyle, Darragh Melville, Harry Carroll, Liam O’Reilly, James Dolan, Jack Higgins, Oisin Lynam, Killian Harrington, Conn Kehoe, Cormac Byrne, Frank Bass.

AN DÚN: Stephen Keith; Matt Conlan, John McManus, Niall McFarland; Ruairi McCrickard, Caolan Taggart, Ben Taggart; Tim Prenter, Phelim Savage; Pearse Óg McCrickard, Donal Hughes, Finn Turpin; Paul Sheehan, Eoghan Sands, Daithi Sands. Ionadaithe: Cahal Lavery, Shea Pucci, Michael Dorrian, Liam Savage, Jordan Murphy, Owen McGreevy, Conor Cassidy, Owen McDermott, Marc Fisher, Tiernan Connolly, Chris Egan.

Ciarraí agus an Iarmhí, Pairc Aibhistín de Staic, 14.00

Imreoidh Ciarraí in aghaidh na hIarmhí i bPáirc Aibhistín de Staic Dé Sathairn ar 14.00. Ní mór do Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic sa chluiche seo, nó comhscór ar a laghad, le fanacht i gCraobh Sheosaimh Mhic Dhonncha an bhliain seo chugainn agus ní mór don Iarmhí an bua a fháil le fanacht inti. Cinnteoidh sé sin go mbeidh sárchoimhlint againn i dTrá Lí idir na foirne seo, Dé Sathairn.

CIARRAÍ: Louis Dee; Kyle O’Connor, Flor McCarthy, Dara Kearney; Darragh Shanahan, Kevin Goulding, Daithí Griffin; Paudie O’Connor, Killian Hayes; Tom Doyle, Luke Rochford, Daniel Casey; Niall Mulcahy, Padraig Boyle, Shane Nolan. Ionadaithe: Diarmuid Quirke, Luke Crowley, Jermey McKenna, Adam Segal, Tomás Godley, Darragh Conway, Seamie Foran, Rory Mahony, Sean McGrath, Ronan Walsh, Oisín Maunsell.

AN IARMHÍ: Ciarán O’Brien; Conor Gaffney, Tommy Doyle, Gary Greville; Eoin Keyes, Robbie Greville, David Hickey; Davy Glennon, Éamon Cunneen; David O’Reilly, David Williams, Mark Cunningham; Peter Clarke, Niall O’Brien, Killian Doyle. Ionadaithe: Jack Gillen, Joseph Boyle, Aaron Craig, Matthew Cunningham, Adam Ennis, Dean Ennis, Oisín Loughlin, Rory Keyes, Niall Mitchell, Kevin Regan, Shane Williams.

Cluiche Leathcheannais Labhraí Uí Mheachair

Dé Sathairn

Muineachán agus Nua-Eabhrac, Páirc an Chíosógaigh TEG, 13.00

Tabharfaidh Muineachán agus Nua-Eabhrac aghaidh ar chéile i bPáirc an Chíosógaigh TEG sa Mhuileann gCearr Dé Sathairn i gCraobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair. Gabhfaidh na buaiteoirí ar aghaidh chuig an gcluiche ceannais Dé Sathairn seo chugainn áit a mbeidh an Cabhán ag fanacht orthu.

Is é seo an chéad chluiche craoibhe ag Nua-Eabhrac agus beidh sé suimiúil cén sórt taispeántais a thabharfaidh siad agus iad ag imirt sa chomórtas seo don chéad uair. Maidir le Muineachán d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Liatroim, ar Warwickshire agus ar Lancaisír sa ghrúpa agus bhí comhscór acu leis an Longfort. Chaill siad in aghaidh an Chabháin dar ndóigh.