Do Chlub, Do Chontae #4 – Cora Finne, Gaillimh
Peileadóirí Chora Finne ag ceiliúradh tar éis a mbua ar Chill Chua i gCluiche Ceannais Club na hÉireann i 2020
Le Jamie Ó Tuama
Suite idir Chomar, Chill Mhaoláin agus Bhéal Chláir i dtuaisceart chontae na Gaillimhe bunaíodh CLG Chora Finne nuair a tháinig dhá chlub bheaga tuaithe le chéile – Béal Chláir agus Cora Finne – sa bhliain 1925 le go bhféadfaidís gabháil san iomaíocht leis na clubanna móra sna bailte móra. Ó shin i leith, tá an club ag gabháil ó neart go neart agus áirítear anois iad i measc na gclubanna is rathúla sa tír.
Nuair a d’éirigh le Cora Finne Corn Andy Merrigan a thabhairt thar an tSionainn sa bhliain 2020, bhain an club áit dhóibh féin amach i leabhair staire an Chumainn. Ba iad an chéad chlub le Craobh na hÉireann a bhuachan trí huaire i ndiaidh a chéile. Bhuaigh siad Craobh Club na hÉireann sna blianta 1998 agus 2015 chomh maith agus tá clú agus cáil bainte amach acu mar aitheantas ar an stíl nadúrtha peile atá acu.
Tá 21 Craobh Shinsir Peile de chuid na Gaillimhe buaite acu agus tá 10 gcinn de Chraobhacha Chonnacht buaite acu.
Labhair gaa.ie le hOifigeach Gaeilge CLG Chora Finne, Alan Rowe, le gairid agus mhínigh sé an tábhacht a bhain leis an gclub do mhuintir an pharóiste.
''Trí mheán na peile déanaimid ár ndícheall cuimsiú pobail, cairdeas a bhunú, gníomhaíocht shóisialta agus fhisiciúil a chur ar fáil agus foghlaim, forbairt agus ardchaighdeán a chur chun cinn.
''Tá sé seo ar fad fréamhaithe go domhain i gcultúr an phobail agus is é mana ár gcumainn óig ná “níos mó ná cluichí”. Oireann an meon seo do na croíphrionsabail lena bhfuil muid ar fad ag iarraidh maireachtáil i gCumann CLG Chora Finne.''
Ní ar an bpáirc imeartha amháin atá duaiseanna agus gradaim mhóra buaite ag an gclub. Is iomaí uair ar chuir an club isteach ar chomórtais Scór thar na blianta agus roinnt Craobhacha uile-Éireann buaite acu. Ina measc siúd bhí Ceol Uirlise 1987, Nuachleas 1990 agus Rince Foirne 2001.
Dar ndóigh, tá ról an-tábhachtach ag an nGaeilge sa chlub, freisin, mar a mhínigh Alan;
''Cosúil le mórchuid na gclubanna CLG, tá meas agus meas mór ar an nGaeilge. Ach, cosúil le go leor clubanna eile lasmuigh den Ghaeltacht, ní dhearnadh mórán ar an talamh go dtí seo. Tá sé seo ag athrú inár bpobal anois agus cosúil le go leor clubanna eile ar fud na tíre tá spéis agus fócas i bhfad níos láidre inár dteanga.
''Tá láithreacht ag an nGaeilge anois i bhformhór na gcruinnithe coiste. Tá nathanna Gaeilge mar ‘Níos Mó ná Cluichí’, mól an óige agus tiocfaidh sí’ agus ‘Is féidir linn’ anois i gceannas ar ár gcuid tairiscintí luacha.
''I mbliana, tá físeán spraíúil curtha ar fáil againn lenár mionaoisigh trí Ghaeilge, Ceannaire ag Caint, agus tá ‘Malartú Cultúrtha’ bunaithe againn le Naomh Anna ó Cheantar na nÓileán i gConamara, leis an dá mhionfhoireann. Táimid thar a bheith buíoch do Naomh Anna as freastal orainn ar an tionscnamh seo. Táimid díreach tar éis clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus táimid ag súil go mór lena dtacaíocht agus lena spreagadh agus muid ag dul ar aghaidh lenár dteanga agus taitneamh á bhaint againn aisti.’’
Tá nasc chuig ‘Ceannaire ag Caint’ le feiceáil anseo:
Bunaithe: 1885
Páirc Bhaile: Páirc CLG Chora Finne
Dathanna: Cróchbhuí agus Glas
Líon Ball: 400 faoi aois, 296 fásta, 250 Peil na mBan
Na rudaí is mó atá bainte amach ag an gCumann: 21 Craobh Shinsir na Gaillimhe, 10 Craobh Chonnachta agus 5 Craobh na hÉireann, Dhá theideal Fhéile Uile-Éireann i 1995 agus 2004.
**Laochra móra i stair an chlub:**Tom Molloy, Dermot Mitchell, Jimmy Duggan, Ray Silke, Martin McNamara, Kieran Comer, Kieran Fitzgerald
Na hImreoirí Móra: Gary Sice, Ronan Steed, Daithí Burke, Ian Burke, Liam Silke, Tracey Leonard, Rosin Leonard, Leanne Coen.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Do Chlub, Do Chontae!