Do Chlub, Do Chontae #3 – Laochra Loch Lao, Aontroim
Laochra Loch Lao ag gabhail ó neart go neart
Le Jamie Ó Tuama
Suite ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste tá Laochra Loch Lao ar an bhfód mar chomhchumann ó 2006 i leith. Ba mar chomhchumann a bunaíodh iad an chéad lá le go bhféadfadh siad páirt a ghlacadh i gComórtas Peile na Gaeltachta.
Sa bhliain 2017, áfach, seoladh CLG Laochra Loch Lao mar chumann scartha neamhspleách agus bhí tús curtha le ré nua do lucht na Gaeilge agus do lucht na peile Gaelaí i gcontae Aontroma agus níos faide i gcéin. Tá an Ghaeilge ag croílár gach rud a dhéanann an club ar an bpáirc, agus ar shiúl ón bpáirc, ó shin i leith.
Faoi mar a mhínigh rúnaí an chlub, Seán Ó hEacháin:
‘’Maidir le tábhacht na Gaeilge sa chlub, tá an Ghaeilge lárnach in achan uile rud a dhéanann muid agus sin an rud a thugann chuig an chumann cuid mhór againn. Tá cúlra i gCumann Lúthchleas Gael ag go leor againn le cumainn eile agus mhothaigh muid go raibh rud inteacht speisialta ag baint leis an togra seo, Laochra Loch Lao, agus go dtabharfadh sé sin seans dúinn gné eile dar saoil a chaitheamh trí Ghaeilge.
‘’Bhí daoine a tháinig go Béal Feirste as baile amach’’, a deir Seán, ‘’daoine eile atá ag obair anseo agus mic léinn. Tagann siad chugainn mar gheall ar an Ghaeilge. Meallann an Ghaeilge baill eile as contaetha agus as bailte eile nuair a thagann siad go Béal Feirste – rud atá iontach!
‘’B’fhéidir go mbeadh na daoine sin, mara mbeadh na Laochra ann, ag imirt le cumainn eile i mBéal Feirste nach bhfuil an Ghaeilge cineál chomh tábhachtach nó chomh lárnach iontu. Mar sin, coinníonn an Ghaeilge na Gaeil le chéile agus tugann sé deis dúinn í a chleachtadh.
‘’Rud eile, fosta, ná go dtugann an Cumann deis do dhaoine óga agus dúinne ar fad normálú a dhéanamh ar an teanga. Déanann sé rud normálta den teanga. Ní rud scoile í an Ghaeilge a labhrann tú ar scoil amháin. Tá an Ghaeilge mar mhodh cumarsáide, mar mhodh saoil. Is féidir leat do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge agus tugann Laochra Loch Lao an normálú sin do na daoine óga.’’
Maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an gclub sa cheantar, tá Ó hEacháin den tuairim go bhfuil an club ag soláthar deiseanna ar leith don phobal agus na cluichí agus an Ghaeilge fite fuaite ina chéile go nádúrtha.
‘’Is é an tábhacht a bhaineann leis an chlub do na baill agus don cheantar seo ná gur muidne an t-aon Chumann lán-Ghaeilge i mBéal Feirste’’, arsa Ó hEacháin. ‘’Is rud ar leith é sin. Tugann sé deis do na baill agus do na himreoirí a bheith ag meascadh go sóisialta trí mheán na Gaeilge.
‘’Tugann Laochra Loch Lao deis do dhaoine a bheith aclaí agus a bheith ag imirt spóirt agus a bheith ag traenáil is achan rud trí mheán na Gaeilge. Ta muid lonnaithe sa Cheathrú Gaeltachta anseo i mBéal Feisrte, cóngarach don Chultúrlann, cóngarach do bhunscoltachta, do Ghaelscoil na bhFál.
‘’Tá Coláiste Feirste ar an Ghaelcholáiste is mó sa tír agus tá sé mar chineál lárionaid againn anseo. Bhí cuid mhór dár mbaill ar scoil ann. Ní thiocfadh leat áit ní ba fhóirsteanaí a fháil dúinn i mBéal Feirste ná an áit ina bhfuil muid.’’
Cé gur club nua iad Laochra Loch Lao tá 350 ball acu cheana féin. Tá foirne f6, f8, f10 agus f12 á gcur chun páirce acu agus tá dhá fhoireann ag na fir agus foireann amháin ag na mná. Labhair Seán linn faoin dul chun cinn a bhí déanta ag na Laochra ar an bpáirc imeartha.
‘’Is dóigh liom gurb é an rud is mó atá bainte againn ar an pháirc imeartha ná nuair a bhain na mná Comórtas Seachtar an Taobh Chonradh na Gaeilge anuraidh. Bhí cúpla bua iontach acu insa chraobh anuraidh fosta.
‘’Tá foireann na bhfear ag gabháil leo ó bhliain go bliain agus ag iarraidh forbairt i rith an ama agus, dar ndóigh, tá na foirne faoi aois ag gabháil go hiontach, fosta. An rud is mó atá bainte amach againn gur bhunaigh muid an cumann mar chumann scartha i 2017 agus go bhfuil muid ag gabháil ó neart go neart ó shin.
‘’Tá muid ag mealladh páistí, Gaeil óga, as na bunscoltachta agus as an cheantar thart orainn le theacht chun páirce lá i ndiaidh lae, oíche i ndiaidh oíche, le peil Ghaelach a imirt agus le bheith sóisialta trí mheán na Gaeilge.
‘’Is dóigh liom, fosta, go bhfuil muid muiníneach go mbeidh buanna móra agus go mbainfidh muid rudaí móra amach sa todhchaí ach tuigeann muid fosta gur próiseas giota beag níos faide ná sin é agus nach dtarlóidh sé thar oíche.‘’
Bunaithe: 2006 mar chomhchumann agus 2017 mar chlub scartha, neamhspleách
Dathanna: Dubh agus Ómra
Líon Ball: 350
Ógchumann: Foirne f6, f8, f10 agus f12
Foirne daoine fásta: Dhá fhoireann shinsir agus foireann na mban
Na rudaí is mó atá bainte amach ag an gCumann: Comórtas Seachtar an Taobh Chonradh na Gaeilge, 2019
Laochra móra an chlub: Lucht a bhunaithe agus d’imir roinnt imreoirí móra idirchontae de chuid Aontroma leis an gcomhchumann ag Comórtas Peile na Gaeltachta thar na blianta, ina n-áirítear iománaí Aontroma Niall Mac Cionnaith agus peileadóirí Aontroma, Pádraig Ó Cuinneagáin, Déaglán Ó Loinsigh agus Pádraig Mac Giolla Bhríde.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Do Chlub, Do Chontae, Do Ghaeilge!