Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Dhá chluiche ceannais peile le socrú an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh Gaillimh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Peile Chraobh Chonnacht Dé Domhnaigh

Tabharfaidh Gaillimh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Peile Chraobh Chonnacht Dé Domhnaigh

Le Jamie Ó Tuama

Tá cúrsaí ag gabháil i ndéine i gcraobhacha peile na gcúigí agus dhá chluiche ceannais le socrú Dé Domhnaigh. Imreoidh Ciarraí in aghaidh an Chláir i Staid an Ghearaltaigh i gCluiche Ceannais Peile na Mumhan ar 1.45i.n. Dé Domhnaigh agus imreoidh Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo ina dhiaidh sin i bPáirc Mhic Éil Hastings Insurance ar 4.00i.n. i gCluiche Ceannais Peile Chonnacht.

Ciarraí agus An Clár

Tá Ciarraí ar thóir a gcúigiú craobh i ndiaidh a chéile agus tá an Clár sa chluiche ceannais don tríú bliain i ndiaidh a chéile agus iad ar thóir a gcéad chraobh ó 1992 i leith.

D’éirigh le foireann Jack O’Connor an cluiche ceannais a bhaint amach a buíochas le bua ar Chorcaigh sa chluiche leathcheannais. Dar ndóigh, thóg sé am breise ar na Ciarraígh an beart a dhéanamh an lá sin agus chríochnaigh an cluiche ar scór 3-21 go dtí 1-25. Beidh tosaithe Chiarraí an-dainséarach agus ní mór don Chlár plean a bheith acu le David agus Paudie Clifford a choinneáil ciúin chomh maith le Seán O’Shea agus Paul agus Dylan Geaney. Chríochnaigh David Clifford le 0-09 agus chríochnaigh Paul Geaney le 1-03 in aghaidh Chorcaí.

Maidir leis an gClár, d’éirigh leo an cluiche ceannais a bhaint amach tar éis go raibh sé chúilín le spáráil acu ar Thiobraid Árann sa chluiche leathcheannais. Bhi sárchluiche ag Mark McInerney an lá sin agus d’éirigh leis 2-05 ar fad a aimsiú d’fhoireann Peter Keane. Bíonn Eoin Cleary agus Keelan Sexton i gcónaí contúirteach do na Cláirínigh, freisin.

Tá aithne mhaith ag bainisteoir an Chláir, Peter Keane, ar imreoirí Chiarraí tar éis dó trí bliana a chaitheamh mar bhainisteoir ar Chiarraí. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén sórt plean atá aige lena chontae dúchais a chloí.

Maigh Eo agus Gaillimh

50 cinn ar fad de Chraobhacha Peile Chonnacht atá buaite ag Gaillimh agus 47 ar fad atá buaite ag Maigh Eo. D’imir na foirne in aghaidh a chéile 93 uair ar fad sa Chraobh agus tá 44 cinn de na cluichí sin buaite ag Gaillimh agus 43 buaite ag Maigh Eo. Bhí sé chomhscór idir na foirne. Seo é an 51ú cluiche ceannais idir na foirne seo i gCraobh Peile Chonnacht. Tá 23 bua an taobh acu agus bhí ceithre chomhscór idir na foirne.

Tá cluiche ceannais na bliana seo bainte amach ag Gaillimh a bhuíochas le buanna ar Nua-Eabhrac agus ar Ros Comáin. Chríochnaigh an cluiche in aghaidh Nua-Eabhrac ar scór 3-28 go dtí 0-20 agus chríochnaigh an cluiche in aghaidh Ros Comáin ar scór 1-24 go dtí 0-18. Is iad Matthew Tierney (3-07) agus Robert Finnerty (0-14) is mó a d’aimsigh na scóranna do Ghaillimh sna cluichí sin. Is cinnte go mbeidh ar fhoireann Kevin McStay a bheith réitithe don bheirt sin chomh maith leis na tosaithe eile de chuid na Gaillimhe Dé Sathairn.

Maidir le Maigh Eo, bhaineadar an cluiche ceannais seo amach a bhuíochas le buanna ar Shligeach sa chluiche ceathrú ceannais agus ar Liatroim sa chluiche leathcheannais. Bhí bua trí chúilín acu ar Shligeach i gCaisleán an Bharraigh (2-20 go dtí 2-17) agus bhí seacht gcúilín le spáráil acu ar Liatroim nuair a d’imir na foirne in aghaidh a chéile i bPáirc Seán Mac Diarmada (0-20 go dtí 0-13) coicís ó shin. Ryan O’Donoghue, 1-13, agus Aidan O’Shea, 1-04, is mó a chuir le clár na scór do Mhaigh Eo sna cluichí sin agus is cinnte go mbeidh Pádraic Joyce agus a fhoireann bainistíochta dírithe ar an mbeirt sin ach go háirithe Dé Domhnaigh.

An éireoidh le Maigh Eo an bhearna a laghdú ar an rolla onóra agus a 48ú craobh Chonnacht a bhuachan nó an ngabhfaidh Gaillimh céim eile chun tosaigh agus a 51ú craobh a bhuachan? Beidh le feiceáil…

Cluichí Dheireadh na Seachtaine

Cluiche Ceannais Peile Chonnacht

Dé Domhnaigh

Maigh Eo agus Gaillimh, Páirc Mhic Éil Hasting Insurance, 16.00, RTÉ

Cluiche Ceannais Peile na Mumhan

Dé Domhnaigh

Ciarraí agus An Clár, Staid an Ghearaltaigh, 13.45, RTÉ