Tabharfaidh Ard Mhacha agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Uladh tráthnóna
Le Jamie Ó Tuama
Imreofar Cluichí Ceannais Peile Uladh agus Laighean agus cuirfear tús leis an scléip i gCraobhchomórtas Chorn Tailteann an deireadh seachtaine seo.
Cluiche Ceannais Peile Uladh
Athimirt ar Chluiche Ceannais Peile Uladh na bliana seo caite a bheidh againn i mbliana nuair a thugann Ard Mhacha agus Dún na nGall aghaidh ar chéile i gCluain Eois inniu ar 17.25. Thóg sé ciceanna éirice ar na Conallaigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic anuraidh agus cé a déarfadh nach amhlaidh a bheidh arís tráthnóna?
Bhí buanna ag foireann Jim McGuinness ar Dhoire, ar Mhuineachán agus ar an Dún leis an gcluiche ceannais a bhaint amach. Bhí ar Ard Mhacha an ceann is fearr a fháil ar Aontroim agus ar Thír Eoghain leis an gcluiche ceannais a bhaint amach.
Beidh ar Dhún na nGall an bhagairt ó Oisín Conaty, Rory Grugan agus Oisín O’Neill a mhaolú má tá siad chun an chraobh a bhuachan don dara bliain i ndiaidh a chéile.
Is cinnte go mbeidh Kieran McGeaney agus a fhoireann dírithe ar leithéidí Michael Murphy, Paddy McBrearty, Dara Ó Baoill agus Ryan McHugh i measc go leor eile. Tuigfidh siad go mbeidh orthu iad a choinneáil ciúin má tá siad leis an gCorn Angla-Cheilteach a thabhairt leo.
Cluiche Ceannais Peile Laighean
Imreoidh an Mhí in aghaidh Lú i gCluiche Ceannais Laighean os comhair breis agus 65,000 duine Dé Domhnaigh. D’imir na foirne céanna in aghaidh a chéile sa chluiche ceannais go deireanach sa bhliain 2010 nuair a d’éirigh leis an Mí bua conspóideach a fháil ar a gcéilí comhraic. Is iomaí cainte agus plé atá déanta le coicís anuas ar an gcluiche sin agus is cinnte go mbeidh Ger Brennan agus a fhoireann ar a seacht ndícheall díoltas a bhaint amach don lá míchlúiteach sin.
Beidh Robbie Breannan agus peileadóirí na Mí dírithe go hiomlán ar an sprioc mhór, mar sin féin. D’éirigh leo buanna a fháil ar Cheatharlach, Uíbh Fhailí agus ar Áth Cliath leis an gcluiche ceannais a bhaint amach. Is cinnte go dtabharfadh an bua stairiúil sin ar Áth Cliath coicís ó shin an-mhisneach dóibh agus iad ag díriú ar an gcluiche seo.
Maidir le Lú, tá an cluiche ceannais bainte amach acu a bhuíochas le buanna ar Laois agus ar Chill Dara sa chluiche leathcheannais.
Má tá an Mhí leis an mbeart a dhéanamh beidh siad ag brath go mór ar scóranna ó leithéidí Matthew Costello, Eoghan Frayne agus beidh siad ag súil le cluiche mór eile ó James Conlon.
Beidh Lú ag súil le taispeántais mhóra ó leithéidí Sam Mulroy, Craig Lennon agus ó Ryan Burns má tá siad chun an beart a dhéanamh.
Craobhchomórtas Chorn Tailteann
Cuirfear tús leis an rás le haghaidh Chorn Tailteann Dé Sathairn.
I nGrúpa A tabharfaidh Cill Dara agus Liatroim aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Connladh Cedral Dé Sathairn agus tabharfaidh Sligeach agus Tiobraid Árann aghaidh ar a chéile i dTobar an Choire Dé Domhnaigh.
Imreoidh Uíbh Fhailí in aghaidh Chill Mhantáin i bPáirc Uí Chonchubhair Glenisk agus imreoidh Laois in aghaidh Phort Láirge i bPáirc Uí Mhórdha Laois Hire i nGrúpa 2 Dé Sathairn.
Cuirfear tús leis an aicsean i nGrúpa 3 Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Luimneach agus Londain aghaidh ar a chéile sa Chaisleán Nua Thiar. Imreoidh an Iarmhí agus Aontroim sa chluiche eile sa ghrúpa Dé Domhnaigh i bPáirc Uí Chíosóig TEG.
I nGrúpa 4 imreoidh Loch Garman in aghaidh an Longfoirt i bPáirc Loch Garman Chadwicks Dé Sathairn agus imreoidh Fear Manach in aghaidh Cheatharlach i bPáirc Brewster Dé Domhnaigh.
Cluiche Ceannais Peile Uladh
Dé Sathairn
Ard Mhacha agus Dún na nGall, Páirc Naomh Tighearnach, 17.25, RTÉ/BBC
Cluiche Ceannais Peile Laighean
Dé Domhnaigh
An Mhí agus Lú, Páirc an Chrócaigh, 16.15, RTÉ
Craobhchomórtas Chorn Tailteann
Grúpa 1
Dé Sathairn
Cill Dara agus Liatroim, Páirc Naomh Connladh Cedral, 17.00
Dé Domhnaigh
Sligeach agus Tiobraid Árann, Tobar an Choire, 13.30
Grúpa 2
Dé Sathairn
Uíbh Fhailí agus Cill Mhantáin, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk, 13.30
Laois agus Port Láirge, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 15.00
Grúpa 3
Dé Sathairn
Luimneach agus Londain, An Caisleán Nua Thiar, 13.00
Dé Domhnaigh
An Iarmhí agus Aontroim, Páirc Uí Chíosóig TEG, 14.00, GAA+
Grúpa 4
Dé Sathairn
Loch Garman agus An Longfort, Páirc Loch Garman Chadwicks, 18.30
Dé Domhnaigh
Fear Manach agus Ceatharlach, Páirc Brewster, 14.00