Deireadh seachtaine spleodrach amach romhainn i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann
Imreoidh Ciarraí agus Tír Eoghain in aghaidh a chéile i gCluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Tá deireadh seachtaine mór millteach romhainn amach i bPáirc an Chrócaigh agus Cluichí Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann buailte linn. Fágtha sa rás le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir tá ocht bhfoireann agus dhá cheann as gach cúige. Corcaigh agus Ciarraí as cúige Mumhan, Maigh Eo agus Gaillimh as Connachta, Lú agus Áth Cliath as Laighin agus Tír Eoghain agus Muineachán as Ulaidh.
Corcaigh agus Maigh Eo, Páirc an Chrócaigh, 16.00, GAA+
Cuirfear tús le scléip dheireadh na seachtaine nuair a thabharfaidh Corcaigh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile ar 16.00 Dé Sathairn. Chas na foirne seo ar a chéile go deireanach sa bhliain 2023 nuair a d’éirigh le Corcaigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic ar scór 1-14 go dtí 1-11 i bPáirc na nGael TUS.
Cúig chluiche ar fad atá imeartha ag Corcaigh sa chraobh go dtí seo agus tá ceithre cinn buaite acu – in aghaidh Luimnigh, Thiobraid Árann, na Mí agus Dhún na nGall. Chaill siad i gCluiche Ceannais na Mumhan in aghaidh Chiarraí ar scór 1-23 go dtí 1-15.
Tá cúig chluiche imeartha ag Maigh Eo chomh maith. D’eirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Londain, ar Mhuineachán agus ar an Mí an tseachtain seo caite. Chaill siad in aghaidh Ros Comáin i gCluiche Leathcheannais Chonnacht agus, ina dhiaidh sin, in aghaidh Thír Eoghain.
13 uair ar fad a chas na foirne seo ar a chéile sa chraobh go dtí seo agus faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá ocht mbua ag Corcaigh agus cúig cinn ag Maigh Eo. D’éirigh le Maigh Eo na cluichí leathcheannais a bhaint amach go deireanach sa bhliain 2021 agus ní raibh Corcaigh sna cluichí leathcheannais ó 2012 i leith.
CORCAIGH: Patrick Doyle; Maurice Shanley, Daniel O'Mahony, Seán Meehan; Brian O'Driscoll, Tommy Walsh, Luke Fahy; Ian Maguire, Colm O'Callaghan; Paul Walsh, Dara Sheedy, Seán McDonnell; Mark Cronin, Chris Óg Jones, Steven Sherlock. Ionadaithe: Micheál Aodh Martin, Jacob O'Driscoll, Seán Brady, Rory Maguire, Seán Walsh, David Buckley, Conor Cahalane, Eoghan McSweeney, Ruairi Deane, Conor Corbett, Brian Hurley.
MAIGH EO: Jack Livingstone; Jack Coyne, Donnacha McHugh, Eoin McGreal; Sam Callinan, David McBrien, Enda Hession; Bob Touhy, Jack Carney; Stephen Coen, Conor Loftus, Jordan Flynn; Darragh Beirne, Ryan O'Donoghue, Kobe McDonald. Ionadaithe: Rob Hennelly, Diarmuid Duffy, John McMonagle, Rory Brickenden, Conal Dawson, Aidan O'Shea, Matthew Ruane, Paul Towey, Fergal Boland, Tommy Conroy, Cian McHale.
Ciarraí agus Tír Eoghain, Páirc an Chrócaigh, 18.15, GAA+
Ina dhiaidh sin casfaidh Ciarraí agus Tír Eoghain ar a chéile ar 18.15. Is é seo an 11ú cluiche craoibhe idir na foirne agus faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá sé cinn buaite ag Ciarraí agus ceithre cinn buaite ag Tír Eoghain.
Cúig chluiche ar fad atá imeartha ag Ciarraí go dtí seo agus tá ceithre cinn buaite acu – in aghaidh an Chláir, Chorcaí, Chill Dara agus Ard Mhacha. Chaill siad in aghaidh Dhún na nGall i mBabhta 1 de Chraobh na hÉireann, dar ndóigh.
Trí chluiche craoibhe ar fad atá imeartha ag Tír Eoghain go dtí seo. Tá péire buaite acu in aghaidh Ros Comáin agus Mhaigh Eo agus chaill siad in aghaidh Ard Mhacha i gCraobh Uladh.
CIARRAÍ: Shane Murphy; Paul Murphy, Jason Foley, Dylan Casey; Brian Ó Beaglaoich, Mike Breen, Graham O'Sullivan; Mark O'Shea, Seán O'Brien; Joe O'Connor, Paudie Clifford, Diarmuid O'Connor; David Clifford, Paul Geaney, Dylan Geaney. Ionadaithe: Shane Ryan, Evan Looney, Tony Brosnan, Keith Evans, Cillian Trant, Armin Heinrich, Gavin White, Tadhg Morley, Killian Spillane, Seán O'Shea, Micheál Burns.
TÍR EOGHAIN: Niall Morgan; Cormac Quinn, Peter Teague, Joey Clarke; Michael McKernan, Niall Devlin, Kieran McGeary; Brian Kennedy, Conn Kilpatrick; Seanie O'Donnell, Ronan Cassidy, Ciaran Daly; Eoin McElholm, Mattie Donnelly, Ethan Jordan. Ionadaithe: Oisin O'Kane, Michael Rafferty, Aidan Clarke, Frank Burns, Ben Cullen, Ruairi McHugh, Oisin McCann, Conor O'Neill, Ciaran Bogue, Lorcan McGarrity, Darren McCurry.
Lú agus Muineachán, Páirc an Chrócaigh, 13.45, RTÉ Sport
Cuirfear tús leis an scléip Dé Domhnaigh nuair a imreoidh Lú in aghaidh Mhuineacháin ar 13.45. Is é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile a chasfaidh na foirne seo ar a chéile. Bhuaigh Muineachán an cluiche anuraidh agus chríochnaigh an cluiche idir na foirne ar comhscór sa bhliain 2024.
Ceithre chluiche ar fad atá imeartha ag Lú go dtí seo i mbliana. Bhuaigh siad trí cinn acu – in aghaidh Loch Garman, Átha Cliath agus Ard Mhacha – agus chaill siad ceann amháin acu ina aghaidh Átha Cliath níos luaithe sa bhliain i gCraobh Laighean.
Sé chluiche atá imeartha ag Muineachán agus ceithre cinn buaite acu – in aghaidh an Chabháin, Dhoire tar éis am breise, Ros Comáin agus in aghaidh na hIarmhí. Chaill siad i gCluiche Ceannas Uladh in aghaidh Ard Mhacha tar éis am breise agus in aghaidh Mhaigh Eo i mBabhta 1 de Chraobh na hÉireann.
Tá Lú ag iarraidh Cluiche Leathcheannais na hÉireann a bhaint amach don chéad uair ó 1957 i leith – an bhliain dheireanach a bhuaigh siad Craobh na hÉireann. Bhí Muineachán sa chluiche leathcheannais go deireanach sa bhliain 2023 nuair a chaill siad in aghaidh Átha Cliath.
LÚ: Niall Mc Donnell; Emmet Carolan, Donal McKenny, Daire Nally; Conal McKeever, Dara McDonnell, Craig Lennon; Paul Matthews, Sean Callaghan; James Maguire, Sam Mulroy, Conor Grimes; Kieran McArdle, Ciaran Downey, Ryan Burns. Ionadaithe: Tiarnan Markey, Ciaran Byrne, Tommy Durnin, Conor Early, Leonard Grey, Ciaran Keenan, Conall McCaul, Conor Mac Criosta Tadgh Mcdonnell, Padric Tinnelly, Anthony Williams.
MUINEACHÁN: Rory Beggan; Ryan Wylie, Killian Lavelle, Dylan Byrne; Dessie Ward, Ryan O'Toole, Conor McCarthy; Mícheál McCarville, Karl Gallagher, Aaron Carey; Mícheál Bannigan, Stephen O'Hanlon, Jack McCarron. Ionadaithe: Andrew Woods, Stephen Mooney, Kian Mulligan, Fionan Carolan, Robbie Hanratty, Cameron Dowd, Oisin McGorman, Ryan McAnespie, Darragh McElearney, Thomas Hughes, Max Maguire, David Garland, Tom Doherty.
Áth Cliath agus Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 16.00, RTÉ Sport
Ansin, le clabhsúr a chur leis na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo, tabharfaidh Áth Cliath agus Gaillimh aghaidh ar a chéile don tríú bliain i ndiaidh a chéile i gCraobh na hÉireann ar 16.00.
Tá Áth Cliath sna cluichí ceathrú ceannais seo a bhuíochas le buanna ar Chill Mhantáin agus ar Lú i gCraobh Laighean agus ar an gCabhán agus ar Dhún na nGall i gCraobh na hÉireann. Chaill siad in aghaidh na hIarmhí i gCluiche Ceannais Laighean agus in aghaidh Lú i mBabhta 1 de Chraobh na hÉireann.
Maidir le Gaillimh bhuaigh siad ar Liatroim i gCraobh Chonnacht ach chaill siad in aghaidh Ros Comáin sa chluiche ceannais. Ó shin i leith tá dhá bhua faighte acu i gCraobh na hÉireann – ar Chill Dara agus ar an Iarmhí.
12 uair ar fad a chas na foirne seo in aghaidh a chéile sa chraobh cheana. Tá naoi gcinn de na cluichí sin buaite ag Áth Cliath agus trí cinn buaite ag Gaillimh.
ÁTH CLIATH: Evan Comerford; Seán MacMahon, Eoin Kennedy, David Byrne; Lee Gannon, Theo Clancy, Charlie McMorrow; Peadar Ó Cofaigh Byrne, Brian Howard; Colm Basquel, Con O'Callaghan, Niall Scully; Paddy Small, Ciaran Kilkenny, Cormac Costello. Ionadaithe: Hugh O'Sullivan, Tom Lahiff, Liam Smith, Greg McEneaney, Cian Murphy, Seán Guiden, Josh Bannon, Ross McGarry, Alex Gavin, Seán Bugler, Tim Deering.
GAILLIMH: Connor Gleeson; Jack Glynn, Cian Hernon, Liam Silke; Dylan McHugh, John Daly, Sean Kelly; Paul Conroy, John Maher; Cein Darcy, Shane McGrath, Cillian McDaid; Robert Finnerty, Matthew Tierney, Shane Walsh. Ionadaithe: Conor Flaherty, Brian Cogger, Séan Ó Maoilchiaráin, Johnny McGrath, Kieran Molloy, Fionn McDonagh, Daniel Ó Flaherty, Finnian Ó Laoi, Jack Mullen, Damien Comer, Liam Ó Conghaile.