Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

An tarraingt déanta do Chraobhchomórtais Peile na gCúigí 2027

Paddy Burns, Ard Mhacha, Sam McCartan, An Iarmhí, Shane Murphy, Ciarraí, agus Diarmuid Murtagh, Ros Comáin ag an tarraingt le haghaidh Chraobhchomórtais Peile  na gCúigí i bPáirc an Chrócaigh aréir

Paddy Burns, Ard Mhacha, Sam McCartan, An Iarmhí, Shane Murphy, Ciarraí, agus Diarmuid Murtagh, Ros Comáin ag an tarraingt le haghaidh Chraobhchomórtais Peile na gCúigí i bPáirc an Chrócaigh aréir

Connachta

Cuirfidh curaidh na hÉireann, Maigh Eo, tús le craobhchomórtais 2027 le cluiche in aghaidh Ros Comáin i gCraobhchomórtas Sinsear Peile Chonnacht 2027.

Imreoidh buaiteoirí an chluiche sin in aghaidh na Gaillimhe, a bheidh faoi stiúir Éamonn Fitzmaurice, sa chluiche leathcheannais.

Rachaidh foireann amháin as Londain, Liatroim, Sligeach nó Nua-Eabhrac ar aghaidh chuig Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Peile Chonnacht i mbliana.

Cluichí Ceathrú Ceannais Chonnacht:

Londain agus Liatroim

Nua-Eabhrac agus Sligeach

Ros Comáin agus Maigh Eo

Cluichí Leathcheannais Chonnacht:

Gaillimh agus Ros Comáin / Maigh Eo

Nua-Eabhrac / Sligeach agus Londain / Liatroim

Ulaidh

I gCraobhchomórtas Peile Uladh, cuirfidh na curaidh reatha, Ard Mhacha, tús leis an gcraobh le cluiche in aghaidh Dhoire.

Gabhfaidh buaiteoirí an chluiche sin ar aghaidh chuig an gcluiche ceathrú ceannais, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar na buaiteoirí idir Dún na nGall agus an Dún.

Cluiche Cáilithe Uladh:

An Cabhán agus Fear Manach

Cluichí Ceathrú Ceannais Uladh

Dún na nGall agus An Dún

Ard Mhacha agus Doire

Tír Eoghain agus Muineachán

Aontroim agus An Cabhán / Fear Manach

Cluichí Leathcheannais Uladh:

Dún na nGall / An Dún agus Ard Mhacha / Doire

Tír Eoghain / Muineachán agus Aontroim / An Cabhán / Fear Manach

Laighin

I gCraobhchomórtas Peile Laighean imreoirí na curaidh reatha, An Iarmhí, in aghaidh na mbuaiteoirí idir an Mhí agus Uíbh Fhailí.

Cuirfidh Áth Cliath tús leis an gcraobh nuair a imreoidh siad in aghaidh na mbuaiteoirí ón gcluiche idir Laois agus Ceatharlach.

Babhta 1 de Chraobhchomórtas Laighean:

Loch Garman agus An Longfort

Laois agus Ceatharlach

An Mhí agus Uíbh Fhailí

Cluichí Ceathrú Ceannais Laighean:

Cill Dara agus Loch Garman / An Longfort

Áth Cliath agus Laois / Ceatharlach

An Iarmhí agus An Mhí / Uíbh Fhailí

Cill Mhantáin agus Lú

Cluichí Leathcheannais Laighean:

Cill Dara / Loch Garman / An Longfort agus Áth Cliath / Laois / Ceatharlach

An Iarmhí / An Mhí / Uíbh Fhailí agus Lú / Cill Mhantáin

An Mhumhan

Imreoidh curaidh na Mumhan, Ciarraí, in aghaidh na mbuaiteoirí idir an Clár agus Port Láirge.

Imreoidh Tiobraid Árann agus Luimneach in aghaidh a chéile sa chluiche ceathrú ceannais agus beidh Corcaigh ag fanacht ar na buaiteoirí sa chluiche leathcheannais.

Cluichí Ceathrú Ceannais na Mumhan:

An Clár agus Port Láirge

Tiobraid Árann agus Luimneach

Cluichí Leathcheannais na Mumhan

An Clár / Port Láirge agus Ciarraí

Tiobraid Árann / Luimneach agus Corcaigh