Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Craobhchomórtais Peile agus Iomána faoi sheol – Torthaí Dheireadh na Seachtaine

Kevin Moran, Port Láirge, á chur faoi bhrú ag Cathal Malone, An Clár

Kevin Moran, Port Láirge, á chur faoi bhrú ag Cathal Malone, An Clár

Le Jamie Ó Tuama

Tá na Craobhchomórtais peile agus iomána faoi sheol agus neart spórt agus spraoi amach romhainn uaidh seo go ceann deich seachtaine.

Tar éis an chéad bhabhta cluichí sna craobhchomórtais cúige peile bhí buanna ag Dún na nGall, Ciarraí, Luimneach, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, An Longfort agus ag Loch Garman.

Fuair Áth Cliath an ceann is fearr ar Aontroim agus fuair Loch Garman an ceann is fearr ar Laois i gCraobhchomórtas Iomána Laighean. Bhí bua iontach ag an gClár ar Phort Láirge i gCraobhchomórtas Iomána na Mumhan.

Thíos tá torthaí uile dheireadh na seachtaine ó na Craobhchomórtais Iomána agus Peile.

Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Chonnacht

Maigh Eo 3-23 Sligeach 0-12

Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile na Mumhan

Luimneach 4-18 Port Láirge 0-12

Ciaraí 3-22 An Clár 1-11

Craobhchomórtas Iomána Laighean

Áth Cliath 3-31 Aontroim 0-22

Loch Garman 5-31 Laois 1-23

Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha

Ceatharlach 2-22 Cill Dara 3-16

Ciarraí 2-24 An Dún 1-21

Corn Christy Ring – Grúpa A

Cill Mhantáin 2-18 Ros Comáin 1-11

Corn Nickey Rackard – Grúpa A

Maigh Eo 2-14 Dún na nGall 0-17

Corn Lory Meagher – Grúpa A

An Longfort 8-25 Lú 3-19

Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Laighean

Uíbh Fhailí 3-19 Lú 0-19 (tar éis am breise)

Loch Garman 2-11 Cill Mhantáin 0-14

An Longfort 0-25 Ceatharlach 2-13

Réamhbhabhta Chraobhchomórtas Peile Uladh

Dún na nGall 2-25 An Dún 1-12

Craobhchomórtas Iomána na Mumhan

An Clár 1-22 Port Láirge 0-21