Na Craobhchomórtais ar ais arís
Tabharfaidh Aontroim aghaidh ar Áth Cliath i gCraobh Iomána Chúige Laighean Dé Sathairn i bPáirc Tailteann
Le Jamie Ó Tuama
Tá na craobhchomórtais iomána agus peile ar ais arís an deireadh seachtaine seo agus imreofar cluichí i gCraobhacha Peile na Mumhan, Laighean agus Uladh. Imreofar cluichí, freisin, i gCraobhacha Iomána na Mumhan agus Laighean, i gCoirn Sheosaimh Mhic Dhonncha, Christy Ring, Nickey Rackard agus Lory Meagher. Beidh scléip againn uaidh seo go ceann deich seachtaine nuair a bhronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir ar 29 Lúnasa.
I measc na gcathanna mór a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo beidh Áth Cliath in aghaidh Aontroma i gCraobh Iomána Laighean Dé Sathairn agus tabharfaidh an Clár aghaidh ar Phort Láirge i gCraobh Iomána na Mumhan Dé Domhnaigh. Imreoidh an Dún in aghaidh Dhún na nGall i gCraobh Peile Chúige Uladh Dé Domhnaigh agus tabharfaidh An Clár aghaidh ar Chiarraí i gCraobh Peile na Mumhan an lá roimhe.
Seo thíos cluichí uile dheireadh na seachtaine:
Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Chonnacht
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Sligeach v Maigh Eo, Páirc Markievicz, 16.30, Sky Sports
Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile na Mumhan
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Luimneach v Port Láirge, Páirc na nGael, ITL, 15.00, GAAGO
Ciaraí v An Clár, Staid an Ghearailtigh, 19.00, Sky Sports
Craobhchomórtas Iomána Laighean
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Áth Cliath v Aontroim, Páirc Tailteann, 15.00, GAAGO
Loch Garman v Laois, Páirc Uí Nualláin, UPMC, 18.00, GAAGO
Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Cill Dara v Ceatharlach, Páirc Naomh Conlaith, 16.00 (Grúpa A)
Ciarraí v An Dún, Pairc Aibhistín de Staic, 12.30 (Grúpa B)
Corn Christy Ring
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Grúpa A
Cill Mhantáin v Ros Comáin, Eachroim, 16.00
Corn Nickey Rackard
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Dún na nGall v Maigh Eo, Páirc Uí Dhónaill, 14.30 (Grúpa A)
Corn Lory Meagher
Dé Sathairn, 26 Meitheamh
Grúpa A
An Longfort v Lú, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers, 16.00
Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Laighean
Dé Domhnaigh, 27 Meitheamh
Uíbh Fhailí v Lú, Páirc Tailteann, 13.30, GAAGO
Cill Mhantáin v Loch Garman, Eachroim, 15.00, GAAGO
Ceatharlach v An Longfort, Pairc Uí Chonchubhair Bhord na Móna, 16.30, GAAGO
Réamhbhabhta Chraobhchomórtas Peile Uladh
Dé Domhnaigh, 27 Meitheamh
An Dún v Dún na nGall, Pairc Esler, 13.00, RTÉ agus BBC
Craobhchomórtas Iomána na Mumhan
Dé Domhnaigh, 27 Meitheamh
An Clár v Port Láirge, Staid Semple, 15.30, RTÉ