Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Ceithre Chluiche Ceannais le socrú ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn inniu

Cuid de na foirne a ghlac páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 25

Cuid de na foirne a ghlac páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 25

Le Jamie Ó Tuama

Tar éis 22 cluiche i gcúig ionad éagsúla i nGaeltacht Ráth Chairn agus sa cheantar máguaird, tá muid fágtha anois le hocht bhfoireann agus le ceithre cinn de chluichí ceannais ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn inniu. Craolfar na cluichí uilig ar beo TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta.

Imríodh cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan inné dar ndóigh.

Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan

Ba iad Gaeil Fhánada agus Naomh Anna Leitir Móir a thug aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Idirmheánach na mBan. D’éirigh le club Chonamara an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Dhún na nGall sa cheann seo agus gan ach t-aon chúilín amháin ag scaradh na bhfoirne ag an bhfead dheiridh. Scór deiridh: Naomh Anna Leitir Móir 0-07 Gaeil Fhánada 0-06.

Naomh Columba agus Bhulf Tón

Imreoidh Naomh Columba in aghaidh Bhulf Tón i gCluiche Ceannais Sóisear na mBan ar 10.00 ar Pháirc Ráth Chairn inniu. Bhain Naomh Columba an cluiche ceannais amach a bhuíochas le buanna ar Ghráinne Mhaol agus ar an bhfoireann baile agus curaidh 2024, Clann na nGael. D’éirigh le Bhulf Tón an cluiche ceannais a bhaint amach a bhuíochas le buanna ar Laochra Loch Lao agus ar Bhéal an Mhuirthead.

An Clochán Liath agus Baile Cláir

I gCluiche Ceannais Sinsear na mBan inniu, tabharfaidh an Clochán Liath agus Baile Cláir aghaidh ar a chéile ar Pháirc Ráth Chairn. Seo an chéad chluiche sa chomórtas ag an dá fhoireann, dar ndóigh.

Clann na nGael agus Naomh Náille

Imreoidh an fhoireann baile, Clann na nGael, agus Naomh Náille in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais Sóisear na bhFear inniu ar 14.00. Tá an cluiche ceannais bainte amach ag Naomh Náille a bhuíochas le buanna ar Lios Póil agus ar churaidh shóisear na hÉireann, An Cheathrú Rua, sa chluiche leathcheannais. D’éirigh le Clann na nGael an cluiche ceannais a bhaint amach a bhuíochas le bua ar sheaimpíní sóisear Mhaigh Eo, Cill Chomáin.

Bhulf Tón agus An Tearmann

Is iad Bhulf Tón na Mí agus Tearmann Dhún na nGall a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Sinsear na bhFear inniu ar 16.00. D’éirigh le Bhulf Tón an cluiche ceannais a bhaint amach a bhuíochas le buanna ar an Rinn sa chluiche ceathrú ceannais agus ar Chill na Martra sa chluiche leathcheannais. Bhuaigh an Tearmann ar an nGaeltacht agus ar an Spidéal leis an gcluiche ceannais a bhaint amach.

Sceideal an lae

Cluiche Ceannais Chomórtas Sóisear na mBan, Naomh Columba agus Bhulf Tón, 10.00, YouTube TG4

Cluiche Ceannais Chomórtas Sóisear na mBan, An Clochán Liath agus Baile Cláir, 12.00, TG4

Cluiche Ceannais Chomórtas Sóisear na bhFear, Clann na nGael agus Naomh Náille, 14.00, TG4

Cluiche Ceannais Chomórtas Sinsear na bhFear, Bhulf Tón agus An Tearmann, 16.00, TG4