Babhta 2 de Shraitheanna Iomána Allianz – súil chun cinn ar chluichí dheireadh na seachtaine
Tabharfaidh Gaillimh agus Corcaigh aghaidh ar a chéile tráthnóna i Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz
Le Jamie Ó Tuama
Tá seachtain mór eile amach romhainn an deireadh seachtaine i Sraitheanna Iomána Allianz. Caitear súil chun tosaigh anseo ar an aicsean ar fad.
Roinn 1A
Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1A Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Gaillimh agus Corcaigh aghaidh ar chéile i Staid an Phiarsaigh ar 7.00in. Tá dhá phointe ag foireann Ben O’Connor go dtí seo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge an tseachtain seo caite agus tá foireann Micheál Donoghoe fós ar thóir a gcéad phointí sraithe tar éis do na Tiobradaigh an ceann is fearr a fháil orthu.
I Roinn 1 Dé Domhnaigh, tabharfaidh Uíbh Fhailí agus Tiobraid Árann aghaidh ar chéile i bPáirc Uí Chonchubhair Glenisk, ar 2in. Tá dhá phointe ag Tiobraid Árann go dtí seo agus tá Uíbh Fhailí fós ar thóir a gcéad phointí sraithe tar éis do Chill Chainnigh an ceann is fearr a fháil orthu an tseachtain seo caite.
Imreoidh Port Láirge in aghaidh Luimnigh i Páirc an Bhreathnaigh Azzurri ar 2in sa chluiche eile i Roinn 1A. Seo an chéad chluiche ag Luimneach go dtí seo sa tsraith agus beidh na Deisigh ag súil le taispeántas níos fearr a thabhairt tar éis gur bhuaigh Corcaigh orthu an tseachtain seo caite.
Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair i Roinn 1A, tá Corcaigh, Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh ag barr na sraithe le dhá phointe. Beidh briseadh ag na Cait an tseachtain seo.
Roinn 1B
I Roinn B Dé Sathairn, tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chill Dara i bPáirc Parnell ar 7.30in. Seo an chéad chluiche sraithe ag Cill Dara agus beidh siad ag iarradh tús buacach a bheith acu in aghaidh a gcomharsan. Beidh Áth Cliath ar a seacht ndícheall a gcéad phointí sraithe a fháil tar éis don Chlár an ceann is fearr a fháil orthu an tseachtain seo caite.
Imreoidh Aontroim agus An Clár in aghaidh a chéile i mBun Abhann Dalla ar 1.00in Dé Domhnaigh agus imreoidh an Dún agus Loch Garman in aghaidh a chéile i bPáirc Mhic Cionnaith ar 2in an lá céanna.
Tar éis Babhta 1 de Roinn 1B, tá Ceatharlach, an Clár agus Loch Garman ar bharr na sraithe le dhá phointe. Ní imreoidh an Dún an tseachtain seo.
Roinn 2
Imreofar trí chluiche i Roinn 2 Dé Domhnaigh - Laois in aghaidh Dhoire, Londain in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh na hIarmhí. Tá dhá phointe an taobh ag Laois, Ciarraí agus an Mhí go dtí seo cé nár imir an Iarmhí aon chluiche fós.
Roinn 3
I Roinn 3 de Shraitheanna Iomána Allianz, tabharfaidh Dún na nGall agus Fear Manach, agus Lú agus Tír Eoghain aghaidh ar a chéile Dé Sathairn. Imreoidh Cill Mhantáin agus Ard Mhacha in aghaidh a chéile Dé Domhnaigh. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá Dún na nGall, Lú agus Ros Comáin ag barr na sraithe le dhá phointe.
Roinn 4
I Roinn 4 imreoidh Liatroim in aghaidh Shligigh, an Longfort in aghaidh an Chabháin agus Lancaisír in aghaidh Mhuineacháin Dé Sathairn. Tar éis an chéad bhabhta cluichí is iad Sligeach, an Longfort agus an Cabhán atá ag barr na sraithe le dhá phointe.
Dé Sathairn 31 Eanáir
Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz
Gaillimh agus Corcaigh, Staid an Phiarsaigh, 7in, TG4
Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz
Áth Cliath agus Cill Dara, Páirc Parnell, 7.30in
Roinn 3 de Shraitheanna Iomána Allianz
Dún na nGall agus Fear Manach, Páirc Uí Dhomhnaill, 2in
Lú agus Tír Eoghain, Protection & Prosperity Lú, 2in
Roinn 4 de Shraitheanna Iomána Allianz
Liatroim agus Sligeach, Páirc Seán Heartland Credit Union, 2in
An Longfort agus An Cabhán, Páirc Mhichíl Uí Fhéich, 2in
Lancaisír agus Muineachán, Baile an Aba, 1in
Dé Domhnaigh 1 Feabhra
Roinn 1A de Shraitheanna Iomána Allianz
Uíbh Fhailí agus Tiobraid Árann, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk, 2in
Port Láirge agus Luimneach, Páirc an Bhreathnaigh Azzurri, 2in, Seinnteoir TG4
Roinn 1B de Shraitheanna Iomána Allianz
Aontroim agus An Clár, Bun Abhann Dalla, 1in, GAA+
An Dún agus Loch Garman, Páirc Mhic Cionnaith, 2in
Roinn 2 de Shraitheanna Iomána Allianz
Laois agus Doire, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 1in
Londain agus Maigh Eo, Páirc Mhig Shamhráin, Ruislip, 1in
Ciarraí agus An Iarmhí, Páirc Aibhistín De Staic, 2in
Roinn 3 de Shraitheanna Iomána Allianz
Cill Mhantáin agus Ard Mhacha, Páirc Echelon, 2in