Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Traidisiúin shaibhre iomána á gcruthú i gCumann Micheál Breathnach

Cárthach Bán Breathnach, Bainisteoir Chumann Micheál Breathnach 2021

Cárthach Bán Breathnach, Bainisteoir Chumann Micheál Breathnach 2021

Le Jamie Ó Tuama

Tá Cumann Micheál Breathnach suite in Indreabhán ar chósta Chonamara agus é ag breathnú ar Aigéan mór an Atlantaigh. Go traidisiúnta ba chumann láidir peile a bhí ann i gcónaí ach de réir a chéile tá an iomáint ag fás go tréan sa chlub, freisin.

Sa tsraith is déanaí de ‘Chroí an Chlub’, clár faisnéise de chuid Aniar TV a bheidh á chraoladh ar TG4 ón oíche anocht ar aghaidh, leantar foireann iomána Chumann Micheál Breathnach thart don bhliain chomh maith le trí chlub eile – Naomh Abán as Corcaigh, Naomh Muire as Dún na nGall agus Cumann an Chloigthí, Cluain Dolcáin, as Áth Cliath.

Bunaithe ar bhlúirín beag den chlár a chonaic mé agus le tuilleadh a fhoghlaim faoin gclub agus faoin dul chun cinn ata á dhéanamh ag ‘Na Breathnaigh’ maidir le cúrsaí iomána, labhair mé le hiarbhainisteoir na foirne, Cárthach Breathnach, a bhfuil ról lárnach aige sa chlár.

Thosaigh mé le hiarraidh air cén uair ar thosaigh an club ag leagan béime ar an iomáint agus cén uair ar thosaigh siad ag cruthú traidisiún iomána i measc an phobail.

‘Is dóichí gur thosaigh an fhoireann iomána siar sna hochtóidí ag an ngrád is ísle, dar ndóigh, i nGaillimh’, a deir Cárthach. ‘Tógann sé roinnt mhaith blianta an cineál traidisiúin sin agus na scileanna a fhorbairt.

‘Is dóichí thart ar 20 bliain ó shin a raibh dul chun cinn le feiceáil ag an gclub faoi aois. Bhí campaí iontacha againn. Ní na Cúl Camps, bhí ár gcampaí féin trí Ghaeilge againn ag an am – rud a bhí eisceachtúil ó chuile chlub eile. Thug muid isteach leithéidí Cathal Moore, Mattie Murphy, daoine mar sin a bhí cumasach i mbun traenála agus rinne siad an-fhorbairt.

‘Ba sna hochtóidí a thosaigh an club. Bhí roinnt mhaith imreoirí ag imirt leis an Spidéal anonn ‘is anall ach ba sna hochtóidí a thosaigh cúrsaí iomána. Is le roinnt blianta anuas atá an dul chun cinn le feiceáil.’

Dar ndóigh, cosúil le gach club atá ag iarraidh síolta nua a chur nó traidisiúin nua a fhorbairt bíonn go leor dúshlán roimhe ‘Na Breathnaigh’.

‘Is dóichí ceann de na deacrachtaí atá ann ná an meon a athrú, ní hamháin sa gclub féin ach i measc an phobail, freisin, mar bíonn tú ag gabháil in aghaidh foirne a bhfuil traidisiúin mhóra acu agus seantraidisiúin. Níl sé sin éasca’, a mhíníonn Cárthach.

‘Má tá an obair á déanamh agat, agus tá muid théis teacht aníos na grádannaí go minic, bhí buanna maithe faoi aois againn, beidh na torthaí le feiceáil. Tá an-fhorbairt air sin ach is dóichí ceann de na rudaí is mó a thug cúnamh dhúinne ná roinnt de na himreoirí óga a bhí againn – Maidhc Ó Conghaile ag imirt le mionúir na Gaillimhe ‘is faoi 20 na Gaillimhe agus ag gnóchtáil Chorn Mhic Giobúin. Is rudaí mar sin a thugann muinín don chlub, agus leithéidí Naoise Ó Lionáird a ghnóthaigh Craobh Mionúir na hÉireann chomh maith.

‘Tá sé tábhachtach go mbeadh imreoirí mar sin ag teacht chun cinn ach tá sé dúshlánach mar níl an stair sin againn. Níl aon fhoireann iomána níos faide siar ná muide. Léiríonn sé sin an chaoi a bhfuil muid eisceachtúil, cé go bhfuil an Spidéal ar an taobh eile dínn agus tá stair an Spidéil ag gabháil siar na blianta i gcúrsaí iomána.’

Bhí roinnt laethanta móra ag iománaithe an chlub le tamall de bhlianta anuas. Labhair Cárthach le bród faoi na laethanta sin agus faoin tionchar a bhí ag na buanna mór sin ar an bpobal trí chéile.

‘Dhá bhliain ó shin, b’in an bhliain ab fearr a bhí againn riamh’, a deir sé. ‘D’éirigh linn Craobh Shóisear 1 Iomána na Gaillimhe a ghnóchtáil istigh i Staid an Phiarsaigh. Fuair muid an ceann is fearr ar na Forbacha ceann de na comharsana béal dorais atá againn. Ansin, bhuamar Craobh Chonnacht don chéad uair.

‘Cliseadh orainn i gCluiche Ceannais Chonnacht trí bliana roimhe sin agus is dóichí gur thóg sé cúpla bliain orainn teacht ar ais as sin ach d’éirigh linn é a ghnóchtáil in aghaidh Naomh Eoin agus ansin gabháil síos go Luimneach in aghaidh Fhánaithe an Ruiséalaigh, a bhí mar rogha láidir na n-údar, dhairíre.

Foireann Bhuacach Chumann Micheál Breathnach 2019

Foireann Bhuacach Chumann Micheál Breathnach 2019

‘Bhí beirt théis a bheith ag imirt le Corcaigh ag grád na sinsear. Bhí fear amháin ag imirt i 2013 nuair a bhí Corcaigh i gCraobh na hÉireann agus cé nár éirigh linn an lá sin, tá mé ag ceapadh go raibh muid naoi bpointe taobh thiar ag leath ama, tháinig muid ar ais agus bhí muid pointe amháin chun cinn le sé nóiméad d’am cúitimh ghortaithe imrithe!’

‘Níor éirigh linn théis am breise ach is dóichí gur thug sé sin deis do dhaoine nach mbeadh, b’fhéidir, théis muid a fheiceáil cheana sa gclub, mar ní bhíonn mórán deiseanna againn cluichí baile a bheith againn. Is dóichí gur oscail sé sin suas deiseanna do dhaoine teacht le breathnú ar an bhfoireann iomána.’

Club iad Cumann Micheál Breathnach atá tar éis dul chun cinn mór millteach a dhéanamh ó thaobh na hiomána de, dar ndóigh, ach céard is féidir leo a dhéanamh leis na nascanna agus na craobhacha iomána sa chlub a láidriú amach anseo.

‘Is dóichí go bhfuil sé eisceachtúil mar gheall go bhfuil muid i gcontae láidir iomána’, a deir Cárthach, ‘ach nach bhfuil muid, b’fhéidir, ar an gclub is láidre. Ach, ceann de na rudaí atá tábhachtach ná go mbeadh dul chun cinn sa gclub agus go mbeadh cóitseálaithe ar fáil.

‘Tuigim go mbíonn contaetha eile ag fáil deiseanna le forbairt a dhéanamh le cóitseálaithe, leithéidí Martin Fogarty a bhí sa ról sin le roinnt blainta, ach b’fhéidir gur cheart dúinn breathnú ar chuid de na foirne atá ar nós muid féin – Bearna, Na Forbacha nó foirne atá i gcontaetha láidre ach a dteastaíonn breis cúnaimh uathu.

‘Go háirithe sna ceantair Ghaeltachta mar níl an méid sin clubanna Gaeltachta ann. Tá muid féin, An Spidéal, Na Forbacha, Bearna, Maigh Cuilinn agus ansin tá na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, An Rinn i bPort Láirge, na Laochra in iarthar Chorcaí agus Clann na nGael agus CLG Bhulf Tón i gcontae na Mí. Sin iad an t-aon fhoirne Gaeltachta iomána atá ann agus is dóichí go b’in rud ar cheart a bheith ag breathnú air.

‘Tá a fhios agam go bhfuil an Clochán Liath athbhunaithe i nDún na nGall. Sin rud ar cheart d’fhoirne a bheith ag breathnú air agus b’fhéidir nascanna a bhunú idir na clubanna sin.’

Maidir leis an mbliain atá amach romhainn, tá tréimhse Chárthach mar bhainisteoir ar an bhfoireann tagtha chun deiridh ach, mar sin féin, tá sé dóchasach go mbeidh dul chun cinn le feiceáil óna chlub ar an bpáirc imeartha sna blianta amach romhainn. Is cinnte go n-aireoidh sé uaidh a bheith ag filleadh ar ais ag traenáil leis an gclub an t-am seo bliana.

‘Is dóchí, an chéad chlár a bhí ann ní raibh mise théis a bheith sa mbaile ó mhí na Nollag’, a deir Carthach. ‘Bhí sé deas a bheith ar ais agus na leaids a fheiceáil. Déanann muid dearmad ar an tábhacht pobail sin agus an chraic a bhíonn agat ag plé le foirne, más imreoir tú, nó bainisteoir nó roghnóir nó cibé ar bith fáth a mbíonn tú á dhéanamh, mar gheall go mbíonn tú i measc do phobail féin.

‘Is dóichí go bhfuil na leaids ag filleadh ar ais faoi cheann cúpla seachtain. Ní bheidh mé féin ag filleadh ar ais i mbliana. Tá mé théis seasamh síos tar éis trí bliana mar tá mé lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn sé deacair a bheith i do bhainisteoir ag filleadh abhaile chuile dheireadh seachtaine.

‘Is dóichí go bhfuil deacrachtaí againn féin de bharr go bhfuil roinnt de na leaids ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Bíonn orainn a bheith ag traenáil in Áth Luain i rith na seachtaine agus ní raibh sé sin éasca i mbliana de bharr Covid.

‘Tá mé cinnte gurb é an chéad chéim a bheidheas ag Diarmaid agus Ruairí atá fanta, bhí siad mar roghnóirí agamsa agus tá siad ag fanacht ann anois, ná gabháil suas céim eile ar an dréimire agus b’fhéidir gabháil ar ais go Cluiche Ceannais an Chontae mar a bhí muid anuraidh agus an bua a fháil.

‘Tá foirne maithe faoi aois againn ag teacht aníos agus b’fhéidir forbairt a dhéanamh ar roinnt de na himreoirí sin.’

Beidh tuilleadh le feiceáil de Chárthach agus d’iománaithe Chumann Micheál Breathnach ar an gclár ‘Croí an Phobail’ a thosaíonn anocht agus a bheidh ar siúl gach Déardaoin ar a hocht ar TG4. Seo chugaibh ANSEO blúirín beag dá bhfuil sa chlár!

Maidhc Ó Conghaile ó Chumann Micheál Breathnach ag imirt sna cúil do mhionúir na Gaillimhe in aghaidh Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh thiar sa bhliain 2012

Maidhc Ó Conghaile ó Chumann Micheál Breathnach ag imirt sna cúil do mhionúir na Gaillimhe in aghaidh Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh thiar sa bhliain 2012