Is iad Daingean Uí Chúis na seaimpíní tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Neidín i gCluiche Ceannais Chraobh Shinsear Peile Chiarraí ar an deireadh seachtaine
Le Jamie Ó Tuama
Bhí deireadh seachtaine gnóthach ag clubanna Gaeltachta peile agus iomána ar an deireadh seachtaine. I measc na mbuaiteoirí móra bhí Daingean Uí Chúis a bhuaigh Craobh Shinsear Peile Chiarraí nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Neidín agus An Seanphobal a bhuaigh Cluiche Ceannais Iomána Chraobh Shóisear C Phort Láirge in aghaidh an Ruáin Mhóir.
Tá áit bainte amach, freisin, ag CLG Bhulf Tón i gCraobh Shinsear Peile na Mí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana béal dorais, Baile Shíomóin, sa chluiche ceathrú ceannais.
Seo thíos cuid de na torthaí móra ón deireadh seachtaine.
Ciarraí
Cluiche Ceannais Chraobh Peile Shinsear
Daingean Uí Chúis 1-09 Neidín 0-11
Dún na nGall
Craobh Shinsear Peile
Seán Mac Cumhaill 0-14 Cill Chartha 0-14
Naomh Náille 1-12 Na Cealla Beaga 0-14
Gaoth Dobhair 0-09 An Clochán Liath 0-08
Ard an Rátha 0-12 Baile na nGallóglach 0-10
Naomh Conaill 0-15 Gleann tSúilí 2-05
Cloich Cheann Fhaola 2-09 Na Ceithre Mháistrí 2-07
Aodh Ruadh Béal Átha Seanaidh 1-09 Gleann Fhinne 0-05
Craobh Idirmheánach Peile
Bun Cranncha 2-14 Naomh Muire, Íochtar na Rosann 0-10
Gaeil Fhánada 1-13 An Tearmann 0-14
Na Dúnaibh 3-10 Naomh Columba 2-12
Gaillimh
Craobh Shinsear Peile
Bearna 0-09 Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach 0-08
Naomh Séamus 1-09 An Spidéal 0-07
Maigh Cuilinn 2-16 Naomh Anna-Leitir Móir 3-07
Craobh Idirmheánach Peile
Baile Liam 1-13 An Cheathrú Rua 0-10
Cill Chonla 2-13 Mícheál Breathnach 0-16
Oileáin Árann 1-11 Uarán Mór-Meáraí 1-04
Corcaigh
Craobh Shinsear A Peile
Coiscéim na Caillí 1-11 Béal Átha an Ghaorthaidh 0-13
Craobh Phríomh-Idirmheánach Peile Chorcaí
Uíbh Laoire 2-09 Naomh Abán 0-10
Cill na Martra 5-13 Na Piarsaigh 2-07
An Mhí
Craobh Shinsear Peile
Bhulf Tón 2-11 Baile Shíomóin 1-05
Craobh Idirmheánach Peile
Naomh Micheál 2-10 Dún Doire 0-08
Áth Cliath
Craobh Shóisear Peile
Naomh Marc 2-14 Na Gaeil Óga 2-05
Aontroim
Craobh Shóisear Peile
Naomh Maolmhaodhóg 0-12 Laochra Loch Lao 1-08
Port Láirge
Cluiche Ceannais Chraobh Iomána Shóisear C
An Seanphobal 1-13 An Ruán Mór 1-08