Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Tóg ‘Céim Ar Aghaidh’ agus gabh amach i mbun cóitseála leis na páistí!

Céim Ar Aghaidh

Céim Ar Aghaidh

An bhfuil páistí óga sa bhaile agat nach bhfuil in ann gabháil ag traenáil de bharr an chóróinvíris? Ná bíodh aon imní ort! Beidh tú féin, mar thuismitheoir, in ann an traenáil uilig a dhéanamh leis na páistí a bhuíochas do ‘Céim Ar Aghaidh’, cúrsa cóitseála de chuid Chumann Lúthchleas Gael atá dírithe ar pháistí bunscoileanna.

Ní hamháin go bhfuil an acmhainn iontach seo dírithe ar an bpeil, ar an iománaíocht agus ar ar an gcamógaíocht ach tá sé dírithe ar chluichí eile CLG, cluiche corr agus liathróid láimhe, freisin.

Cabhróidh an cúrsa seo leat druileanna éagsúla a leagan amach do na páistí gach lá a thabharfaidh dúshláin éagsúla dóibh le linn an ama éiginnte seo. Tá gach eolas faoin leagan GAAgaeilge de ‘Chéim Ar Aghaidh’ ar fáil ó shuíomh idirlín an Chumainn anseo: