Taiseáin do mhórphobal CLG go bhfuil Gaeilge agat - caith an fáinne
Taiseáin do mhórphobal CLG go bhfuil Gaeilge agat - caith an fáinne

Taispeáinimis do dhomhan mór CLG go bhfuil Gaeilge againn - caithimis an Fáinne!


Bíonn na mílte daoine a bhfuil Gaeilge acu, ó lucht an chúpla focal go lucht na Gaeilge briste go cainteoirí rialta Gaeilge – ag freastal ar ár gcuid cluichí seachtain i ndiaidh seachtaine fud fad na tíre. Dar ndóigh, is minic a bhíonn cainteoirí Gaeilge ag suí in aice a chéile ag cluichí agus gan a fhios acu go bhfuil Gaeilge ag an duine eile. Nár dheas go mbeadh bealach le tabhairt le fios do dhaoine eile go bhfuil Gaeilge agat?

Tá bliain imithe ó seoladh feachtas Chumann Lúthchleas Gael don fháinne agus ta sé i gceist an feachtas a threisiú d’fhonn tuilleadh Gaeilge a spreagadh ag cluichí de chuid an Chumainn. Taispeáinimis don domhan mór CLG go bhfuil Gaeilge againn. Caithimis an fáinne.

Nuair a sheoil Paul Conroy agus Declan Hannon feachtas an fháinne i mí Márta na bliana seo caite dúirt siad:

‘Tá an Ghaeilge le feiceáil gach áit i gCumann Lúthchleas Gael. Bíonn sí le feiceáil ar na geansaithe, ar na comharthaí timpeall na staide agus, ar ndóigh, bíonn sí le cloisteáil nuair a chastar Amhrán na bhFiann. Is rud annamh é sin agus tá freagracht orainn ár dteanga a spreagadh agus a chur chun cinn. Is minic a thagann daoine suas chugam ag inseacht dom faoin ngrá atá acu don Ghaeilge agus deireann siad liom go bhfuil siad ag iarraidh í a fhoghlaim arís.’

Paul Conroy, Gaillimh

‘Ba cheart dúinn uilig a bheith fíorbhródúil as ár dteanga náisiúnta agus as ár dteanga dúchais. Is cuid dár n-oidhreacht agus dár gcultúr í. Úsáidigí an ‘cúpla focal’ chomh minic agus is féidir. Beatha Teanga í a labhairt!’

Declan Hannon, Luimneach

Ag fógairt oifigiúil an phlean dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin;

‘Tá ról lárnach ag na nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus tá seifteanna dearfacha den chineál seo iontach le daoine a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. Gach seachtain, bíonn Gaeilgeoirí ag freastal ar chluichí de chuid an Chumainn agus níl aon amhras faoi ach go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag na cluichí dá gcaithfí an Fáinne agus dá mbeadh bealach ag daoine Gaeilgeoirí eile a aithint.’

Gael Linn agus Conradh na Gaeilge

Is féidir an fáinne a fháil ó Gael Linn ag https://siopa.gael-linn.ie/ga/an-fáinne agus ó Chonradh na Gaeilge ag https://www.cnag.ie/ga/scoileanna/acmhainní-scoile/fainne.html