Tabharfaidh Ryan O'Donoghue agus peileadóir Bhéal an Mhuirthead aghaidh ar Bhaile an Tobair an deireadh seachtaine seo i gCraobh Shinsear Connacht Gold Mhaigh Eo Dé Domhnaigh
Le Jamie Ó Tuama
Beidh cluichí craobhchomórtais ar siúl i sé cinn ar fad de na conteatha Gaeltachta agus contaetha ina bhfuil clubanna lán-Ghaeilge ag imirt iontu an deireadh seachtaine seo.
Craobhchomórtais Peile Dhún na nGall
Tá deireadh seachtaine mór millteach peile amach romhainn i mBabhta 3 de Chraobh Shinsear Peile Dhún na nGall de chuid Michael Murphy Sports.
Imreoidh Gleann Fhinne in aghaidh Sheáin Mhic Cumhaill, Baile na nGallóglach in aghaidh Naomh Conaill agus Cill Chartha in aghaidh Naomh Náille Dé Sathairn. Imreoidh Ard an Rátha in aghaidh Naomh Adhamhnáin, Gleann tSúilí in aghaidh an Chlocháin Léith agus Gaoth Dobhair in aghaidh Chloich Cheann Fhaola Dé Domhnaigh.
I gCraobh Idirmheánach Michael Murphy Sports, Grúpa A, imreoidh Naomh Bríd in aghaidh Naomh Columba Dé Sathairn agus imreoidh Na Dúnaibh in aghaidh Ghaeil Fhánada agus An Tearmann in aghaidh Réalt na Mara Dé Domhnaigh.
Imreoidh Naomh Muire, Íochtar na Rosann, in aghaidh Mhálanna i nGrúpa B Dé Sathairn.
Craobhchomórtais Iomána na Gaillimhe
Imreoidh Cumann Iománaíochta Mhaigh Cuilinn in aghaidh Cheapaigh an tSeagail i nGrúpa 3 de Chraobh Shinsear Iomána na Gaillimhe ag meán lae i gCill Bheaganta Dé Domhnaigh. Tá muintir Mhaigh Cuilinn ar thóir a gcéad bhua sa tsraith tar éis do Chill Chon Iarainn agus Bhaile Loch Riach an ceann is fearr a fháil orthu roimhe seo.
Tabharfaidh an Spidéal aghaidh ar Chinn Mhara sa Chrann Mór sa Chraobh Idirmheánach Dé Sathairn agus tabharfaidh Bearna-Na Forbacha aghaidh ar Chumann Iománaíochta Liam Uí Mhaoilíosa i gCluiche Leathcheannais Chraobh Shóisear A anocht i bPáirc na bhForbacha.
Craobhchomórtais Peile Mhaigh Eo
Tabharfaidh Béal an Mhuirthead aghaidh ar Bhaile an Tobair i gCraobh Shinsear Peile Mhaigh Eo de chuid Connacht Gold Dé Sathairn ar 2.00in agus beidh muintir Bhéal an Mhuirthead ar thóir a ndara bua tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an nGarraí Mór sa chéad chluiche craoibhe.
I gcath mór idirmheánach na Gaeltachta Dé Sathairn tabharfaidh Acaill aghaidh ar Chill Chomáin i nGrúpa 2 agus beidh an cluiche sin ar siúl in Acaill ar 6.00in.
Imreoidh Cill tSéadhna in aghaidh Bhaile an Róba i nGrúpa 3 de Chraobh Idirmheánach Egan Jewellers Dé Domhnaigh agus imreoidh Tuar Mhic Éadaigh in aghaidh Bhaile an Chaisil i nGrúpa 3 de Chraobh Shóisear Peile an TF Royal Hotel and Theatre an lá céanna.
Craobhchomórtais Shinsear Iomána na Mí
I gCraobh Shinsear Iomána na Mí Dé Sathairn tabharfaidh na comarsana béal dorais Clann na nGael agus Dún Doire aghaidh ar chéile agus é mar dhuais ag na buaiteoirí a bheith slán sábháilte i gCraobh na Sinsear an bhliain seo chugainn.
Tabharfaidh Bhulf Tón aghaidh ar Chill Scíre Maigh Locha ag meán lae Dé Domhnaigh.
Craobhchomórtas Sóisear C Iomána Átha Cliath
I gCraobh Shóisear C Iomána Átha Cliath Dé Domhnaigh tabharfaidh Na Gaeil Óga aghaidh ar Na Géanna Fiáine. Tá dhá bhua as trí cinn cláraithe ag Na Gaeil Óga go dtí seo agus iad ag súil le bua eile an deireadh seachtaine seo agus gan fágtha sa ghrúpa ach dhá chluiche.
Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sóisear C Iomána Phort Láirge
Imreofar Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sóisear C Iomána Phort Láirge de chuid The Local Western idir an Seanphobal agus Cill Rosanta i bPáirc na dTor Dé Domhnaigh, 3 Meán Fómhair ar 12.00pm.
Cluichí Gaeltachta Dheireadh na Seachtaine
Craobhchomórtais Peile Dhún na nGall
02/09 Craobh Peile Shinsear – Gleann Fhinne v Seán Mac Cumhaill
02/09 Craobh Peile Shinsear – Baile na nGallóglach v Naomh Conaill
02/09 Craobh Peile Shinsear – Cill Chartha v Naomh Náille
03/09 Craobh Peile Shinsear – Naomh Adhamhnáin v Ard an Rátha
03/09 Craobh Peile Shinsear – Gleann tSúilí v An Clochán Liath
03/09 Craobh Peile Shinsear – Gaoth Dobhair v Cloich Cheann Fhaola
02/09 Craobh Peile Idirmheánach – Naomh Muire, Íochtar na Rosanna v Málainn
02/09 Craobh Peile Idirmheánach – Naomh Bríd v Naomh Columba
03/09 Craobh Peile Idirmheánach – Na Dúnaibh v Gaeil Fhánada
03/09 Craobh Peile Idirmheánach – An Tearmann v Réalt na Mara
Craobhchomórtais Iomána na Gaillimhe
03/09 Craobh Peile Shinsear – Maigh Cuilinn v Ceapaigh an tSeagail
02/09 Craobh Peile Idirmheánach – An Spidéal v Cinn Mhara
01/09 Craobh Peile Shóisear – Bearna-Na Forbacha v Liam Mellows
Craobhchomórtais Peile Mhaigh Eo
02/09 Craobh Peile Shinsear – Béal an Mhurthead v Baile an Tobair
03/09 Craobh Peile Shinsear – Baile an Róba v Cill tSéadhna
03/09 Craobh Peile Shinsear – Baile an Chaisil v Tuar Mhic Éadaigh
02/09 Craobh Peile Idirmheánach – Acaill v Cill Chomáin
Craobhchomórtais Iomána na Mí
02/09 Craobh Iomána Shinsear – Dún Doire v Clann na nGael
03/09 Craobh Iomána Idirmheánach – Bhulf Tón v Cill Scíre/Maigh Locha
Cuiche Ceannais Chraobh Iomána Shóisear C Phort Láirge
03/09 Craobh Iomána Shóisear– An Seanphobal v Cill Rosanta
Craobh Iomána Shóisear C Átha Cliath
03/09 Craobh Iomána Shóisear – Na Géanna Fiáine v Na Gaeil Óga