Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Súil chun cinn ar chluichí chlubanna na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Darach Ó Cathasaigh na Rinne agus Phort Láirge

Darach Ó Cathasaigh na Rinne agus Phort Láirge

Le Jamie Ó Tuama

Beidh cluichí craobhchomórtais ar siúl i sé cinn ar fad de na contaetha Gaeltachta agus contaetha a bhfuil clubanna lán-Ghaeilge ag imirt iontu an deireadh seachtaine seo. Tá cúrsaí ag gabháil i ndéine i gcraobhchomórtais ar fud na tíre.

Caitheann muid súil chun tosaigh anseo ar na mórchluichí a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo ina mbeidh clubanna Gaeltachta páirteach iontu.

Craobhchomórtais Iomána na Gaillimhe

Tabharfaidh iománaithe Mhaigh Cuilinn aghaidh ar an Turlach Mór i réamhbabhta Cheathrú Ceannais Chraobh Shinsear na Gaillimhe Dé Sathairn i Staid an Phiarsaigh. Tá dul chun cinn mór déanta ag club Chonamara le tamall de bhlianta anuas agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh cur leis an dul chun cinn sin ar an deireadh seachtaine.

Imreoidh an Spidéal in aghaidh Chreachmhaoile Dé Sathairn, freisin, i gCluiche Leathcheannais Íslithe Céime Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe agus beidh siad ar a seacht ndícheall ag iarraidh a n-áit a dhaingniú i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe don chéad bhliain eile.

Tabharfaidh Bearna-Na Forbacha aghaidh ar Mhicheál Breathnach i gCraobh Shóisear Iomána 1 na Gaillimhe i bPáirc na bhForbacha Dé Domhnaigh.

Craobhchomórtais Peile Mhaigh Eo

I nGrúpa 3 de Chraobh Shinsear Mhaigh Eo de chuid Connacht Gold Dé Domhnaigh, tabharfaidh Béal an Mhuirthead aghaidh ar an Éill.

Imreoidh Cill tSéadhna in aghaidh Bhuiríos Umhaill Dé Domhnaigh, freisin, sa Chraobh Idirmheánach.

I nGrúpa 1 de Chraobh Shóisear TF Royal Hotel & Theatre Dé Sathairn imreoidh Tuar Mhic Éadaigh in aghaidh Ghaeil an Tuaiscirt agus imreoidh Acaill in aghaidh Ardach i nGrúpa 2 Dé Domhnaigh.

Craobh Shinsear Peile Chiarraí

Tar éis do Dhaingean Uí Chúis an ceann is fearr a fháil ar Neidín i gCluiche Ceannais Chraobh Peile na gClubanna Dé Sathairn seo caite, imreoidh siad in aghaidh na gCrócach ina gcéad chluiche i gCraobh an Chontae i bPáirc Aibhistín de Staic Dé Domhnaigh. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh tógáil ar an mbua mór a bhí acu an tseachtain seo caite sa chraobh eile seo de chuid Chiarraí.

Craobh Shinsear Peile Dhún na nGall

Imreoidh Naomh Náille in aghaidh na gCeall Beag i gCluiche Leathcheannais Íslithe Céime Dhún na nGall ar an Satharn agus tá cath mór os a gcomhair amach agus iad ag iarraidh a stádas sinsir a choinneáil don chead bhliain eile.

Craobh Shinsear Peile Phort Láirge

Imreoidh an Rinn in aghaidh an tSráidbhaile i nGrúpa B de Chraobh Shinsear Peile Phort Láirge Dé Sathairn i bPáirc Uí Fhearachair. Seo é a gcéad chluiche craoibhe i mbliana.

Craobh Shóisear Iomána Átha Cliath

Imreoidh Na Gaeil Óga in aghaidh Thomáis Daibhís i gCraobh Shóisear Iomána C Átha Cliath Dé Domhnaigh. Tá dhá chluiche an fhoireann buaite ag na foirne agus péire eile caillte acu. Beidh na pointí ag teastáil go géar ó na Gaeil Óga má tá seans le bheith acu dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh i mbliana.

Cluichí Dheireadh na Seachtaine

Craobhchomórtais Iomána na Gaillimhe

16/09 Craobh Shinsear Iomána – Turlach Mór v Maigh Cuilinn

16/09 Craobh Idirmheánach Iomána – An Spidéal v Creachmhaoil

17/09 Craobh Shóisear Iomána – Bearna-Na Forbacha v Micheál Breathnach

Craobhchomórtais Peile Mhaigh Eo

17/09 Craobh Shinsear Peile – Béal an Mhuirthead v An Éill

17/09 Craobh Idirmheánach Peile – Buiríos Umhaill v Cill tSéadhna

16/09 Craobh Shóisear Peile – Tuar Mhic Éadaigh v Gaeil an Tuaiscirt

17/09 Craobh Shóisear Peile – Acaill v Ardach

Craobhchomórtas Peile Contae Chiarraí

17/09 Craobh Shinsear Peile – Daingean Uí Chúis v Na Crócaigh

Craobhchomórtas Peile Dhún na nGall

16/09 Craobh Shinsear Peile – Na Cealla Beaga v Naomh Náille

Craobhchomórtas Peile Phort Láirge

16/09 Craobh Shinsear Peile – An Rinn v An tSráidbhaile

Craobhchomórtais Iomána Átha Cliath

16/09 Craobh Shóisear Iomána – Tomás Daibhís v Na Gaeil Óga