Imreoidh Daingean Uí Chúis in aghaidh Neidín i gCluiche Ceannais Peile Sinsear Chiarraí ar an deireadh seachtaine
Le Jamie Ó Tuama
Beidh cluichí craobhchomórtais ar siúl in ocht gcinn ar fad de na contaetha Gaeltachta agus contaetha ina bhfuil clubanna lán-Ghaeilge ag imirt iontu an deireadh seachtaine seo agus tá am na cinniúna buailte le go leor acu.
Cluiche Ceannais Sinsear Peile Chiarraí
Tabharfaidh Daingean Uí Chúis aghaidh ar an Neidín i gCluiche Ceannais Sinsear Peile Chiarraí Dé Sathairn i bPáirc Aibhistín de Staic. Beidh neart laochra móra de chuid pheil Chiarraí ar taispeáint sa chluiche seo agus na foirne ar thóir áite i gCraobh Peile na Mumhan.
Craobhchomórtais Peile Dhún na nGall
Beidh neart foirne Gaeltachta amuigh an deireadh seachtaine seo i gCraobhchomórtais Shinsear agus Idirmheánach Peile Dhún na nGall. I gCraobhchomórtas na Sinsear Dé Sathairn, imreoidh Seán Mac Cumhaill in aghaidh Chill Chartha, Naomh Náille in aghaidh na gCeall Beag, An Clochán Liath in aghaidh Ghaoith Dobhair, Ard an Rátha in aghaidh Bhaile na nGallóglach, Naomh Conaill in aghaidh Ghleann tSúilí, Cloich Cheann Fhaola in aghaidh Na gCeithre Mháistrí agus Aodh Ruadh Béal Átha Seanaidh in aghaidh Ghleann Fhinne.
I nGrúpa B den Chraobh Idirmheánach Dé Domhnaigh, tabharfaidh Naomh Muire, Íochtar na Rosann aghaidh ar Bhun Cranncha agus tabharfaidh Gaeil Fhánada aghaidh ar an Tearmann agus imreoidh Naomh Columba in aghaidh na nDúnaibh i nGrúpa A.
Craobhchomórtais Peile na Gaillimhe
Tá Craobhchomórtais Peile na Gaillimhe go maith faoi lánseol faoin tráth seo. I gCraobh na Sinsear Dé Sathairn, imreoidh Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach in aghaidh Bhearna i Staid an Phiarsaigh. Níl aon chluiche buaite ag Bearna sa Chraobh fós in ainneoin go raibh dhá chomhscór acu in aghaidh Uachtar Ard agus Chill Ainnín. Beidh siad ar a seacht ndícheall ag iarraidh an dá phointe seo a fháil.
I Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh, imreoidh Naomh Séamus in aghaidh An Spidéil agus Maigh Cuillinn in aghaidh Naomh Anna-Leitir Móir. Tá trí bhua as trí ag na seaimpíní reatha, Maigh Cuilinn, agus tá Naomh Anna-Leitir Móir ar thóir a gcéad bhua mar atá an Spidéal.
I nGrúpa 1 den chraobh idirmheánach Dé Sathairn, tabharfaidh an Cheathrú Rua aghaidh ar Bhaile Liam sa Chreig agus i nGrúpa 3 imreoidh Cill Chonla in aghaidh Mhíchil Breathnach. Tá muintir na Ceathrún Rua ar thoir a gcéad bhua sa ghrúpa agus tá na Breathnaigh ar thóir a dtríú bua ó thrí chluiche.
Imreoidh Oileáin Árann in aghaidh an Uaráin Mhóir-Mheáraí Dé Domhnaigh. Tá dhá chluiche buaite ag an dá fhoireann go dtí seo agus iad ag barr an ghrúpa.
Craobhchomórtais Peile Chorcaí
Imreoidh Cill na Martra in aghaidh na bPiarsach agus imreoidh Uíbh Laoire in aghaidh Naomh Abán i gCraobh Phríomhidirmheánach Peile Chorcaí Dé Sathairn. Imreoidh Béal Átha an Ghaorthaidh in aghaidh Choiscéim na Caillí Dé Domhnaigh sa Chraobh Shinsear A.
Craobhchomórtais Peile na Mí
Imreoidh Dún Doire in aghaidh Naomh Micheál i gCluiche Ceathrú Ceannais Íslithe Céime sa Chraobh Idirmheánach anocht agus imreoidh Bhulf Tón in aghaidh Bhaile Shíomóin agus iad ag iarraidh áit sa chluiche ceannais a bhaint amach.
Craobhchomórtas Sóisear Átha Cliath
In Áth Cliath agus i nGrúpa 3 de Chraobh Shóisear 1 Dé Domhnaigh, imreoidh Na Gaeil Óga in aghaidh Naomh Marc. Tá cluiche amháin caillte agus cluiche amháin buaite ag Na Gaeil Óga go dtí seo agus tá Naomh Marc ag barr an ghrúpa le dhá bhua.
Craobhchomórtas Sóisear Peile Aontroma
Tabharfaidh Laochra Loch Lao aghaidh Naomh Malachaí i gCluiche Ceathrú Ceannais Chraobh Shóisear Aontroma Dé Sathairn.
Craobhchomórtas Iomána Phort Láirge
Imreofar Cluiche Ceannais Iomána Sóisear C Phort Láirge Dé Sathairn nuair a thugann An Seanphobal aghaidh ar an Ruán Mór.
Cluichí Gaeltachta Dheireadh na Seachtaine
Craobhchomórtas Peile Chiarraí
09/09 Cluiche Ceannais Chraobh Peile Shinsear – Neidín v Daingean Uí Chúis
Craobhchomórtas Peile Dhún na nGall
09/09 Craobh Shinsear Peile – Seán Mac Cumhaill v Cill Chartha
09/09 Craobh Shinsear Peile – Naomh Náille v Na Cealla Beaga
09/09 Craobh Shinsear Peile – An Clochán Liath v Gaoth Dobhair
09/09 Craobh Shinsear Peile – Ard an Rátha v Baile na nGallóglach
09/09 Craobh Shinsear Peile – Naomh Conaill v Gleann tSúilí
09/09 Craobh Shinsear Peile – Cloich Cheann Fhaola v Na Ceithre Mháistrí
09/09 Craobh Shinsear Peile – Aodh Ruadh Béal Átha Seanaidh v Gleann Fhinne
10/09 Craobh Idirmheánach Peile – Naomh Muire, Íochtar na Rosann v Bun Cranncha
10/09 Craobh Idirmheánach Peile – Gaeil Fhánada v An Tearmann
10/09 Craobh Idirmheánach Peile – Naomh Columba v Na Dúnaibh
Craobhchomórtais Peile na Gaillimhe
09/09 Craobh Shinsear Peile – Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach v Bearna
10/09 Craobh Shinsear Peile – Naomh Séamus v An Spidéal
10/09 Craobh Shinsear Peile – Maigh Cuilinn v Naomh Anna-Leitir Móir
09/09 Craobh Idirmheánach Peile – An Cheathrú Rua v Baile Liam
09/09 Craobh Idirmheánach Peile – Cill Chonla v Mícheál Breathnach
10/09 Craobh Idirmheánach Peile – Oileáin Árann v Uarán Mór
Craobhchomórtais Peile na Mí
09/09 Craobh Shinsear Peile – Baile Shíomóin v Bhulf Tón
08/09 Craobh Idirmheánach Peile – Naomh Micheál v Dún Doire
Craobhchomórtas Peile Átha Cliath
10/09 Craobh Shóisear Peile – Naomh Marc v Na Gaeil Óga
Craobhchomórtas Peile Aontroma
08/09 Craobh Shóisear Peile – Laochra Loch Lao v Naomh Malachaí
Craobhchomórtas Iomána Phort Láirge
09/09 Cluiche Ceannais Chraobh Iomána Shóisear C – An Ruán Mór v An Seanphobal