Straitéis CLG don Ghaeilge Seolta ag Comórtas Peile na Gaeltachta
Do Chlub, Do Chontae, Do Fháinne
Sheol Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Sean Ó hÓráin, straitéis an Chumainn don Ghaeilge mar chuid de fháiltiú Chomórtas Peile na Gaeltachta inné, 3 Meitheamh in Óstán Cheann Sibéal, Baile an Fheirtéaraigh, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Leagann an straitéis seo síos aidhmeanna agus dúshláin shoiléire maidir le ról CLG i gcur chun cinn na Gaeilge agus tá tiomantas an Chumainn don Ghaeilge daingnithe sa straitéis seo.
I measc na nithe is suntasaí atá luaite sa straitéis, tá sprioc de chuid an Chumainn na struchtúir don Ghaeilge a neartú ó Choiste Náisiúnta na Gaeilge síos go dtí na cúigí, go dtí na contaetha agus uaidh sin chuig na clubanna. Tá comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge luaite sa straitéis, chomh maith le húsáid éifeachtach a bhaint as ardáin chumarsáide an Chumainn leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Ag labhairt dó faoin straitéis mhaígh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin: ‘Tá an Ghaeilge ag croílár Chumann Lúthchleas Gael agus aithníonn muid an tábhacht a bhaineann léi sa Chumann. Tá spriocanna soiléire inláimhsithe luaite sa straitéis seo agus tá ríméad orm go bhfuil tiomantas Chumann Lúthchleas Gael do chur chun cinn na Gaeilge le feiceáil ann. Cúis bróid dúinn uilig sa gCumann an Ghaeilge a bheith le feiceáil ag croílár ardáin chumarsáide an Chumainn ar bhonn laethúil.’
Dúirt Seosamh Mac Donncha, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael: ‘Tá an-áthas orm go bhfuil an straitéis seo á seoladh. Leagann sí síos fís shoiléir do ról na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael. Cinnteoidh sí go dtaispeánfaidh an Cumann cinnireacht i gcur chun cinn na Gaeilge agus go ndéanfar freastal ar bhaill an Chumainn a bhfuil Gaeilge acu. Cinnteoidh sé, freisin, go mbeidh áit ar leith ann don Ghaeilge sa Chumann i gcónaí.
Is féidir cóip den straitéis seo a fháil thíos nó is féidir cóip chrua den straitéis a ordú trí scéal a chur jamie.otuama@gaa.ie