Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Slán fágtha ag Kevin Walsh le peileadóirí na Gaillimhe

Kevin Walsh imithe ó Ghaillimh

Kevin Walsh imithe ó Ghaillimh

Le Jamie Ó Tuama

D’fhógair Kevin Walsh inné, 3 Meán Fómhair 2019, go raibh sé tar éis éirí as mar bhainisteoir ar pheileadóirí na Gaillimhe. 5 bliana ar fad a chaith Walsh ag an stiúir agus i ráiteas a d’eisigh sé dúirt sé gur mhór an phribhléid a bhí ann. Ghabh fear Chill Ainnín buíochas leis an himreoirí uilig as ucht a gcuid tiomantais lena linn.

Ó tháinig Walsh i gcomharbacht ar Alan Mulholland thiar sa bhliain 2014 d’éirigh le Gaillimh dhá Chraobh Chonnacht a bhuachan (2016 agus 2018) agus agus d’éirigh leo gabháil a fhaid le Cluiche Leathcheannais na hÉireann anuraidh.

Bhuaigh Gaillimh Roinn 2 den tSraith Allianz sa bhliain 2017 agus bhain siad Cluiche Ceannais Roinn 1 den tsraith amach i 2018 nuair a chaill siad in aghaidh Átha Cliath. D’éirigh le Walsh dul chun cinn mór a dhéanamh le Gaillimh ó tháinig sé isteach sa bhliain 2014.