
Seán Ó Maoilchiaráin, Réalta Óg na Gaillimhe, ar an Spota Dubh
San eagrán is deireanaí seo de phodchraoladh oifigiúil CLG i gcomhar leis An Spota Dubh ó Raidió na Life, labhraíonn Cárthach agus Cian le lánchúlaí agus réalta óg na Gaillimhe agus Oileáin Árann, Seán Ó Maoilchiaráin.
Insíonn Seán dúinn faoin mbealach a bhfuil sé ag caitheamh a chuid ama faoi láthair agus an bealach a bhfuil muintir Oileáin Árann ag déileáil leis an ngéarchéim atá buailte linn le roinnt seachtainí anuas. Labhraíonn sé, freisin, faoi tréimhse atá caite aige le peileadóirí na Gaillimhe.
Éist leis an bpodchraoladh anseo:
Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ón Spota Dubh ar soundcloud nó is féidir iad a leanacht ar na meáin shóisialta.
An Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht
Éist leis an bpodchraoladh thuas agus freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Conas a mhothaíonn Seán faoi gan a bheith ag traenáil?
2. Cén fáth a bhfuil an briseadh go deas?
3. Céard iad na rudaí is féidir le daoine a dhéanamh faoi láthair leis an am breise atá acu, dar le Seán?
4. Cad tá á dhéanamh ag muintir Árann?
5. Cén rud nach bhfuil dúnta?
6. Cén saghas bliana a bhí ag Seán go dtí seo?
7. Cén sórt aithne a bhí ag Seán ar na himreoirí óga eile?
8. Cén caitheamh aimsire eile atá ag Seán?
Gluais / Glossary
eagrán is deireanaí – latest edition* podchraoladh* – podcast lanchúlaí – full back réalta óg – young star géarchéim – crisis tréimhse – period tuilleadh – more leanacht – follow meáin shóisialta – social media mothaíonn – feel briseadh – break muintir Árann – the people of Árainn