'Scéalta na gCorn' ag tosú anocht
Gráinne McElwain leis an iarpheileadóir de chuid na Gaillimhe, Seán Óg de Paor, le Corn Canon Oliver Hughes.
Cuirfear tús le sraith úr teilifíse, Scéalta na gCorn, anocht 14 Meán Fómhair 2022 ar 8.30i.n. Tá an tsraith a léiriú ag Imagine Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán TÉ agus beidh sé le feiceail gach Céadaoin uaidh seo go ceann sé seachtaine.
Má chuireann tú ceist ar aon duine in Éirinn fá Liam nó Sam, gach seans go bhfuil siad ar an eolas faoin dá chorn seo a bhronntar ar churaidh Uile-Éireann san iomáint agus sa pheil gach bliain. Ach cad faoin 2,000 corn eile de chuid CLG ar fud na tire? An bhfuil scéalta na gcorn sin ag mórán againn? Cá has a dtáinig siad agus cén dóigh a bhfuair siad a gcuid ainmneacha?
Sa tsraith seo, Scéalta na gCorn, taistealaíonn an láithreoir, Gráinne McElwain, trasna na tíre ag tabhairt cuairte ar chlubanna agus ar pháirceanna contae, ag foghlaim na scéalta is lú cloiste faoi thrófaithe an náisiúin. Gheobhaidh sí amach faoi na coirn a ainmnítear i gcuimhne ar thírghrátheoirí na hÉireann ar nós Ruairí Mhic Áismint agus Tarlach Mac Suibhne, an dóigh go bhfuil trófaithe eile ainmnithe i ndiaidh cléire, cuid eile a bhfuil ainm riarthóir CLG ceangailte leofa a thug an méid sin d’fhorbairt na heagraíochta, agus an méid sin eile atá ainmnithe i gcuimhne imreoirí agus baill club.
Tosaíonn an tsraith le Gráinne McElwain ar cuairt ar phríomhchathair na hÉireann. Bronnta don chéad uair in 1886, foghlaimíonn sí fán trófaí is sine CLG atá ar eolas – Corn Bhéal Átha Gabhann. Téann sí chuig Cumann CLG Fág an Bealach le corn a bhfuil ardmheas air atá ainmnithe i ndiaidh fir thábhairne áitiúil, Tommy Moore, a fheiceáil, fear a d’imir tionchar ar fhorbairt na hiomána. Cluineann sí fosta fán chorn peile sinsir a bhronn siopa ilrannach Clerys ar CLG Bhaile Átha Cliath. Faigheann sí amach fá Chorn Kathleen Mills in ómós do dhuine de na himreoirí is mó gradam ach is lú cáil, agus tugann sí cuairt ar Pháirc an Chrócaigh le bualadh le Sam agus Liam - atá ar an dá chorn is mó le rá in Éirinn.
Cuirfear tús leis an tsraith anocht ar TG4 ar 20.30.