Saol Imeartha Sheáin Uí Dhomhnaill faoi chaibidil san eagrán is deireanaí de Phodchraoladh #GAAgaeilge
Seán Ó Domhnaill ag coinneáil Darragh Ó Sé gnóthach
San eagrán is deireanaí seo de phodchraoladh #GAAgaeilge labhraíonn Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, ón Spota Dubh, le Seán Ó Domhnaill faoina laethanta imeartha le Gaillimh. Tugann sé léargas iontach dúinn ar na blianta maithe a bhí aige le Gaillimh agus ar na blianta 1998 agus 2001, ach go háirithe, nuair a bhuaigh Gaillimh Craobh na hÉireann. Labhraíonn sé, freisin, ar 1996 nuair a bhuaigh an Cheathrú Rua Craobh Shinsir na Gaillimhe.
‘Ar dheis, ar chlé, thuas, thíos’ na treoracha a thugadh sé dá chuid comhimreoirí agus é ag Gaeilgeoireacht ar an bpáirc le buntáiste breise a fháil ar a chuid céilí comhraic. Bhí roinnt mhaith as Conamara ar an bpainéal ag an am. Dúirt sé, mar sin féin, nár thug an Ghaeilge mórán de bhuntáiste do Ghaillimh agus iad imirt in aghaidh Chiarraí sna blianta sin!
Bhí ardmheas ag Seán ar imreoirí lár páirce na linne sin agus molann sé leithéidí Liam McHale, Darragh Ó Sé agus Anthony Tohill go mór. Éist le scéal Sheáin Uí Dhomhnaill agus tuilleadh anseo:
https://soundcloud.com/user-147517856/an-spota-dubh-ag-caint-le-sean-o-domhnail
Craoltar Podchraoladh Oifigiúil #GAAgaeilge i gcomhar leis An Spota Dubh ó Raidió na Life.