Seosamh Mac Donncha, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael 1997-2000
Seosamh Mac Donncha, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael 1997-2000

Oidhreacht Sheosaimh Mhic Dhonncha fós le brath trí GAAgaeilge


Le Jamie Ó Tuama

Seosamh Mac Donncha 1953-2016

Beidh cuimhne ag lucht Chumann Lúthchleas Gael agus ag lucht earnáil na Gaeilge i gcoitinne ar Sheosamh Mac Donncha go deo. Tógadh uainn Seosamh agus gan é ach 63 bliain d’aois ach is iomaí éacht a bhain sé amach mar Ghael, mar iománaí agus mar riarthóir le linn a shaoil. An tseachtain seo, bronnfar aitheantas i bhfoirm bonn ar 34 club mar chomhartha ar a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun sa Chlub agus mar chuid d'Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha - scéim Ghaeilge de chuid an Chumainn agus Ghlór na nGael. Breathnaíonn muid siar ar shaol 'Joe' anseo agus ar agallamh a rinne sé thiar sa bhliain 2004 faoi chúrsaí Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael.

Fear mór ceoil, sean-nóis agus spóirt a bhí ann agus bíonn caint fós ar an am a chas sé ‘The West’s Awake’ ar Ardán Uí Ógáin tar éis do Ghaillimh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann a bhuachan thiar sa bhliain 1980 agus tar éis dá chara mór, Seosamh Ó Conghaile, ceann de na hóráidí buacacha is cumhachtaí a tugadh riamh a thabhairt – agus í uilig trí Ghaeilge.

Nuair a d’éirigh Seosamh as a bheith ag imirt níor chuir sé deireadh lena cheangal le Cumann Lúthchleas Gael agus sa bhliain 1979 toghadh é mar Oifigeach Gaeilge ar Bhord Contae CLG na Gaillimhe. Ina dhiaidh sin, toghadh é mar Uachtarán Tofa CLG sa bhliain 1996 agus is iomaí rud a bhain sé amach le linn a théarma mar Uachtarán, 1997 go dtí 2000, don Ghaeilge agus do na cluichí.

Ina dhiaidh, sin ceapadh Seosamh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge sa bhliain 2022, áit ar chaith sé ceithre bliana ag saothrú go dian dícheallach agus cuid mhaith d’earnáil na Gaeilge faoina stiúir aige. D’fhill sé ar an bhForas tamall de bhlianta ina dhiaidh sin mar Chathaoirleach ar an eagras trasteorainn i mí na Nollag 2015 agus bhí an ról sin aige go dtí lá a bháis ar 20 Bealtaine, 2016. Chaith sé seal ina Chathaoirleach ar TG4 chomh maith le tréimhse ina Chathaoirleach ar Choiste Idirnáisiúnta Chumann Lúthchleas Gael.

Is iomaí gaisce a rinne Seosamh ar an bpáirc imeartha féin agus i measc a chuid buaicphointí bhuaigh sé an tSraith Náisiúnta i 1975, Craobh na hÉireann i 1980 agus Corn an Iarnróid faoi dhó le foireann Chonnacht sna blianta 1982 agus 1983. Bhuaigh sé Gradam All-Star sa bhliain 1976 mar aitheantas ar a chuid gaiscí, freisin. Bhí sé an-bhródúil as an gCraobh Shóisir B a bhuaigh sé lena chlub Baile an Doirín i 1996, ina raibh a mhac Eoin ag imirt leis. Bhí Seosamh bainteach le trí chlub le linn a shaoil - Baile an Doirín, Seamróga Cortúin agus Bearna.

Bhí suim mhór ag Seosamh i dteangacha, dar ndóigh, agus bhí Breatnais líofa aige chomh maith leis an nGaeilge agus leis an mBéarla.

Bhí ardmheas ar Sheosamh i measc lucht Chumann Lúthchleas Gael agus lucht na Gaeilge araon agus ní fhéadfaí duine níos cuí ná níos feiliúnaí a roghnú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a ainmniú ina dhiaidh. Bhí Cumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge fite fuaite ina shaol agus go smior ann.

Seosamh Mac Donncha in éineacht le Micheál Ó Muircheartaigh ag Cluichí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Phádraig, 1999
Seosamh Mac Donncha in éineacht le Micheál Ó Muircheartaigh ag Cluichí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Phádraig, 1999

Cuid d'agallamh a rinneadh le Seosamh Mac Donncha – 4ú Meitheamh 2004 – le linn a ama mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

JÓT: Faoi riail a ceathair de Threoir Oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael deirtear:

1.4 Aidhmeanna Eile (a) Tacóidh an Cumann go gníomhach leis an nGaeilge, damhsa, ceol, amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, agus le gnéithe eile de chultúr na hÉireann. Cothóidh sé feasacht agus gean ar na hidéil náisiúnta i muintir na hÉireann, agus cuideoidh sé le spiorad pobail a chur chun cinn trína chlubanna.

Go ginearálta, inis dom céard a dhéanann Cumann Lúthchleas Gael, i do thuairim, leis an mír áirithe sin a chur i bhfeidhm?

Seosamh: Is dócha go mbeadh ar dhuine breathnú siar go stairiúil, i dtosach báire, roimh labhairt ar céard go díreach atá ar siúl faoi láthair ag Cumann Lúthchleas Gael maidir leis sin. Ach, aithníonn daoine ón stair, ó bunaíodh an Cumann, gur tháinig sé chun cinn in 1884 i dtaca ama go raibh athnuachan ginearálta i gcúrsaí náisiúnachais. Agus, ar ndóigh, mar chuid dhó sin bhí baint an-ghar ag an gCíosógach, Micheál Cíosóg, leis an Society for the Preservation of the Irish Language agus leis an gCumann féin.

Bhí luí eile aigesean leis agus bhí sé ar thóir uirlise chun féiniúlacht, is dócha, a mhúscailt i muintir na hÉireann arís agus an pobal trí chéile. Ghlac sé na cluichí chuige féin. Dár ndóigh, bhí fáth aige leis sin mar lúthchleasaí agus ba dhuine é a raibh suim aige sa lúthchleasaíocht.

Bhí ceist faoi dhaonlathacht chóras riaracháin na lúthchleasaíochta sa tír ag an am. Mar sin, bhí imní air agus ar roinnt dá chairde agus dá chomhghleacaithe ag an am maidir le mar a chonaiceadar féin an bhagairt a bhí ann do na cluichí Gaelacha, go háirithe don iománaíocht ag an am, agus, dar ndóigh, ansin mar gheall ar an luí a bhí aige leis na gnéithe sin agus, mar bharr air sin, leis an teanga, is dócha, i gcairteanna tosaigh an chumainn, gur cuireadh béim ar chúrsaí teangan agus cultúir chomh maith trí chéile. B’in an saghas cúlra ar tháinig an rud as.

Is trí na blianta sin a d’fhás Conradh na Gaeilge agus, dár ndóigh, bhí na Gaeilgeoirí sin ins an nGluaiseacht as a dtáinig saoirse an tsaorstáit dá bharr. Bhí baint ag Cumann Lúthchleas Gael leis sin agus thacadar go fonnmhar le cúrsaí cultúrtha i gcoitinne – ag glacadh leis, ar ndóigh, go raibh a bpríomhchúram dírithe ar an lúthchleasaíocht agus ar na cluichí Gaelacha ag an am.

De réir mar a d’fhorbair an cumann ansin bhí an-bhéim ar chúrsaí Gaeilge sa mhéid is gur Gaeilgeoirí, cuid mhaith acu Gaeilgeoirí dúchasacha, nó daoine a raibh an Ghaeilge ina nglaic acu a bhí mar cheannairí agus mar phríomhoifigigh ag an gCumann trí chéile; agus bhí luí riamh ag an gCumann le cúrsaí na Gaeilge chomh maith leis an mórphictiúr cultúrtha.

Dar ndóigh, bhí cuid mhaith de na rialacha ansin a bhí dírithe ar stair Chumann Lúthchleas Gael agus ar an nGaeilge a chur chun cinn. Go dtí an lá atá inniu ann, ar ndóigh, tá rialacha ann a bhaineann le foirmeacha oifigiúla, le síniúcháin oifigiúla agus, dar ndóigh, le liostaí na n-imreoirí agus mar sin de le clárú na bhfoirne; agus feiceann tú an tábhacht a bhaineann fiú leis na clárachaí a bhíonn ag na cluichí inniu a mbíonn an dátheangachas go mór i dtreis iontu.

Dealbh Mhichil Uí Chíosóig atá le feiceáil taobh amuigh de Mhúsaem Chumann Lúthchleas Gael
Dealbh Mhichil Uí Chíosóig atá le feiceáil taobh amuigh de Mhúsaem Chumann Lúthchleas Gael

Aithníodh go raibh gá le rud éigin eile agus, mar sin, faoi lár na seachtóidí, thart ar 1978 nó 1979, i gcomhar, go deimhin, le Bord na Gaeilge nuair a bunaíodh é, beartaíodh ar oifigigh Ghaeilge a cheapadh ins na contaetha ar fad agus bheadh sé mar chúram orthu an Ghaeilge a chur chun cinn agus deiseanna aitheantais don Ghaeilge a chur chun cinn. Chabhraigh, ar ndóigh, Bord na Gaeilge, faoi scéim chomhpháirtíoch ag an am sin, leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tharla sé, go deimhin, go raibh mé féin tofa mar Oifigeach Gaeilge taca an ama sin – 1969 – le mo chomhghleacaithe ar fad. Tugadh le chéile muid ag seimineáir éagsúla chun teacht suas le bealaí chun úsáid na Gaeilge agus chun cur chun cinn na Gaeilge a aithint.

Mhair sé sin ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ach gur athraíodh agus gur cuireadh leis an ngné áirithe sin nuair a tugadh oifigigh Ghaeilge agus chultúrtha air. Dár ndóigh, ag an am sin bhí Coiste na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh faoi stiúir Niocláis Mhic Craith agus bhí sé ina Chathaoirleach air ar feadh bliana nó mar sin i 1978.

Mhair an Coiste sin ar feadh sé bliana déag le cúram na Gaeilge agus Scór le chéile faoina chúram. Is dócha, ar bhealach, i bhfianaise gur ceapadh roinnt oifigigh Ghaeilge ar choistí na gcontaetha ar fad a raibh an-ionchur acu sa dea-obair. Go bunúsach, ba léir go raibh deacrachtaí ag baint leis an scéim seo agus, go háirithe, nuair a cuireadh an ghné chultúrtha leis, mar gur ghlacadh muga go béil a bhí i gcuid mhaith de na hoifigigh a toghadh ina dhiaidh sin ar an gcultúr agus ar Scór seachas ar an teanga, agus go díreach, an ceol is an damhsa, is cúrsaí spóirt agus na comórtais a bhí á riar seachas an Ghaeilge a chur chun cinn; agus ba dhá réir, i ndáiríre, a thugas féin deighilt a dhéanamh arís idir Coiste na Gaeilge agus An Coiste Cultúrtha.

Nuair a tháinig an péire le chéile le díriú isteach ar chúrsaí na Gaeilge tar éis 1985, le Coiste a bheadh dírithe go huile is go hiomlán ar an nGaeilge a chur chun cinn, bhí sé faoi chathaoirleacht Chaoimhín Mhic Ghiolla Easpaig, iar-Chathaoirleach de chuid Dhún na nGall i gCumann Chill Chartha agus Peadar Mac an Iomaire, Stiúrthóir na Gaeilge labhartha in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar rúnaí ar an gCoiste sin. Ní raibh aon bhaint i ndáiríre ag Peadar le cúrsaí riaracháin Chumann Lúthchleas Gael, seachas bheith mar go leor daoine eile, mar thacaí más mian leat, agus mar dhuine de na daoine a leanann ár gcluichí agus a bhfuil suim ar leith acu, is dócha, in imeachtaí an Chumainn ina Choláiste féin agus sa Chonradh féin.

Ach thugas, is dócha, téarmaí tagartha réasúnta cuimsitheacha dó ag an am sin agus d’iarras orthu teacht aníos le creatlach de phlean forbartha in imeacht de thrí bliana a d’aithneodh bealaí praiticiúla leis an nGaeilge a chur chun cinn. Dhéanfadh an creatlach sin, i gcomhar leis na heagrais eile, an Ghaeilge a chur chun cinn. Is mar sin, is dócha a chaitheadar na trí bliana. Chaitheadar formhór an ama, i ndáiríre, ag plé leis an gcreatlach sin agus chuireadar le chéile é mar phlean oifigiúil.

JÓT: Plean na Mílaoise ab ea?

Seosamh: ’Sea. Plean na Mílaoise. Ina dhiaidh sin, d’fhág Seán Mac Thaidhg an grúpa le chéile.

Séard a bhí ann ná creatlach a mhíneodh agus a bhéarfadh Ardchomhairle Chumann Lúthchleas Gael leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcomhar leis na heagrais eile agus, mar gheall air sin, glacaim féin leis go bhfuil an bhunchloch fós ansin agus is dócha, le cúnamh Dé, anois go bhfuil an Coiste Comhairleach bunaithe ag an Aire agus ionadaíocht ag Cumann Lúthchleas Gael ann, go ndéanfar iarracht é sin agus oiread sin de phleananna agus ceachtanna a thabhairt isteach i lár an Bhoird arís le go bhfeice muid cén chaoi gur féidir linn dul chun cinn.

Léiríonn, mar a dúirt mé, mo chomhghleacaí féin, Seán Mac Thaidhg an tiomantas don Ghaeilge féin agus don tréimhse féin le leanacht leis an gcuid is mó de na nósanna a bhí agam féin, ó thaobh cleachtais teanga a bhí agam féin is ó thaobh bhronnadh na gcorn agus ó thaobh an chaoi go ndearna sé pointe de, is dócha, tús agus deireadh a chuid cainteanna ar fad a bheith trí mheán na Gaeilge amháin.

Tá go leor leor daoine ar fud na tíre, ar Gaeilgeoirí aitheanta iad, le linn mo thréimhse féin mar Uachtarán, atá tiomanta don teanga, a chleachtaíonn an teanga pé deis a fhaigheann siad agus is dócha tuar dóchais dom féin go minic ’s mé ag gabháil chuig cuid de na hócáidí a raibh mé féin ag freastal orthu, ar nós cruinnithe nó oscailtí nó rudaí mar sin de, gur éirigh liom cuid mhaith de mo ghnóthaí féin agus de mo chaidreamh sóisialta ins na hionaid sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tháinig Seán Mac Thaidhg i gcomharbacht ar Sheosamh Mac Donncha mar Uachtarán CLG agus bhí fear na Botha an-tiomanta don Ghaeilge, freisin
Tháinig Seán Mac Thaidhg i gcomharbacht ar Sheosamh Mac Donncha mar Uachtarán CLG agus bhí fear na Botha an-tiomanta don Ghaeilge, freisin

Dár ndóigh, mar bharr air sin, ba cheart dhom a lua gur ceann de na rudaí a thaitin liom féin go raibh mé in ann cuid mhaith de mo ghnóthaí pearsanta féin a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh féin trí mheán na Gaeilge – leis an Ard-Stiúrthóir, leis an rúnaí pearsanta aigsean a bhí mar rúnaí pearsanta agamsa, ar as an nGaeltacht di féin i gCill na Martra. Ins an oifig chéanna tá Róisín Ní Mhainín ó Ros Muc. Tá Máire Ní Lochlainn as Gaoth Dobhair mar Oifigeach Cultúir agus Oideachais ag Cumann Lúthchleas Gael agus tá anois mar Rúnaí pearsanta ag an Uachtarán ó d’fhágasa. Is é Seán Ó Laoire oifigeach na gcluichí agus tá sé ar Choiste Riaracháin na gCluichí agus daoine eile, dár ndóigh, Séamas Ó Fiaich, atá mar mhaor páirce agus daoine eile is dócha Jeaicí Mac Aodha, a bhfuil aithne ag leor leor daoine air, a bhíonn ag obair le cúrsaí ticéad agus ag cabhrú leis an bhfeidhmeannas sin go minic.

D’éirigh liom roinnt mhaith de mo shaol pearsanta féin agus mo shaol gnóthaí féin le linn mo thréimhse le Cumann Lúthchleas Gael a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Ní hamháin sin, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, thíos tríd an eagraíocht ar fad in áiteanna éagsúla nó le dreamanna éagsúla agus le grúpaí éagsúla. Le muintir Chumann na mBunscol ach go háirithe agus, dár ndóigh, le gairid, cé nach bhfuil sé faoi Chumann Lúthchleas Gael – Cumann Camógaíochta na nGael – bhí cuid mhaith de mo ghnóthaí féin leis na hArd-Oifigigh trí mheán na Gaeilge.

Go ginearálta, is dócha go bhféadfadh duine a rá, cé nach é príomhchúram an Chumainn a bheith ag plé leis an ngnó seo, nach bhfuil siad ag déanamh faillí ann, ach ag an am céanna, go n-aithnítear go ginearálta go bhfuil go leor leor deiseanna eile agus féidearthachtaí eile a d’fhéadfadh an Cumann, b’fhéidir, a chur chun cinn i gcomhar leis na grúpaí atá ag cur na Gaeilge chun cinn le freastal ar an gcuspóir atá leagtha síos sa gcairt.

JÓT: Céard go díreach a dhéanann Coiste na Gaeilge agus cad iad na spriocanna atá acu? An bhfuil níos mó i gceist acu ná na hOifigigh Ghaeilge amháin nó Scór agus an Coiste Cultúrtha – nó an bhfuil plean straitéiseach nó spriocanna leagtha amach acu taobh istigh den Chumann do na blianta atá le teacht?

Seosamh: Bhíos ag caint ar Oifigeach Forbartha Gaeilge a cheapadh laistigh de Chumann Lúthchleas Gael féin. Níor tháinig sé sin chun cinn mar gheall ar, mar a dúirt mé, na deacrachtaí, bhuel, na dúshláin airgeadais a bhí ag an gCumann go lárnach – mar gheall ar athnuachan agus ar atógáil agus ar fhorbairt i bPáirc an Chrócaigh. Níl aon dabht ann ach go gcaithfí tógáil air sin.

Ceapaim, mar a déarfaí, agus an fhís agus an chomhairle nua seo agus an phleanáil straitéiseach atá ar siúl i bhForas na Gaeilge – an tAire leis an gCoiste Comhairleach nua seo a bhunú agus na moltaí atá ag teacht chun a bhfeidhmiú ó Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta – gur chóir díriú ar an rud seo ar fad a thabhairt le chéile agus Plean straitéiseach a chur ar fáil, ní hamháin Plean do Chumann Lúthchleas Gael amháin, cé go n-aithníonn siad, ar ndóigh, go gcaithfidh siad spriocanna áirithe a leagan síos chomh maith, seachas na téarmaí tagartha sonracha sin a d’fhágasa chun an plean a ullmhú.

Bhíodar chomh maith leis sin ag tacú le scéimeanna na nOifigeach Gaeilge agus Cultúir ar fud na tíre a thabhairt le chéile agus seimineáir á n-eagrú acu ag iarraidh, más mian leat, spriocanna áirithe a aithint ó thaobh comórtais a eagrú laistigh de na contaetha éagsúla. Comórtais iad seo a tharlódh laistigh de na coistí contae agus comórtais a bhíonn ag tacú le cúrsaí scoláireachtaí do dhaoine óga go dtí na Gaeltachtaí.

JÓT: Leithéidí Ghlór na nGael, mar shampla?

Seosamh: Go díreach. Glór na nGael i gcomhar le cuid de na coláistí aitheanta chomh maith. Bíonn cuid de na contaetha a mbíonn gaol acu leis na coláistí samhraidh sa chaoi is go n-éiríonn leo na coláistí a chur ar fáil agus forbairt a dhéanamh ar scéimeanna scoláireachtaí. Ar ndóigh, ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar Chomhairle Uladh. Is dócha gur ceann de na tionscnaimh mhóra a d’eascair as a cuid oibre siúd agus as obair Shéamais de Faoite, ach go háirithe, a bhí ón tús mar Oifigeach Gaeilge ar Thír Chonaill… Tá sé tar éis éirí as anois tar éis, is dóigh liom, beagnach 30 bliain caite aige leis. Ach bhí Séamas chomh maith ar an bhFochoiste a bhí ag Comhairle Uladh, an Coiste Gaeilge, agus mar chuid dá chuid oibre siúd bíonn cúrsa Gaeilge bliantúil a reáchtáil sna Dúnaibh i dTír Chonaill agus tá an-éileamh air sin. Bíonn suas le céad duine ag freastal air sin sna Dúnaibh gach bliain ar feadh seachtaine agus bíonn an-obair déanta ag Séamas agus ag Comhairle Uladh. Agus bhí ceann speisialta acu anuraidh don chomóradh i rith 2003 – céad bliain de Chomhairle Uladh.

Bhí cúrsa ar leith acu dó sin. D’fhreastail mé féin air agus is dóigh liom go bhfuil sé i gceist ag Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ar a laghad freastal air uair amháin i rith na tréimhse trí bliana. Ach, gan dabht ar bith, sa gcúrsa Gaeilge sin tá cúrsa Gaeilge ann a bhíonn ag plé leis an stair áitiúil sa Ghaeltacht agus is cúrsa cultúrtha é go ginearálta. Bíonn ranganna á gcur ar fail do dhaoine a bhfuil éilimh éagsúla acu agus a bhfuil leibhéil éagsúla chumais acu chomh maith. Tá súil ag an reachtaire go bhféadfaidís leanacht leis sin.

Na deartháireacha Ó Conghaile - cairde móra Sheosaimh
Na deartháireacha Ó Conghaile - cairde móra Sheosaimh

JÓT: Mar a luaigh tú níos túisce ansin bhí cineál d’fheachtas mór náisiúnachais i lár na gcaogaidí agus na seascaidí agus, ar ndóigh, sin an t-am ar bunaíodh Scór. Cén tábhacht a bhaineann le Scór?

Seosamh: Tá an-tábhacht ag baint le Scór. Ba é 1970 an chéad cheann a bhí ann. Bhí an-tábhacht ag baint leis mar, arís, maidir leis an ngné eile a bhaineann leis an gCumann, a bheith ag cur chun cinn an chultúir i gcoitinne chomh maith leis an nGaeilge fhéin, ach díreach ag freastal ar na gnéithe eile den chultúr – an damhsa, an ceol, an amhránaíocht is mar sin de, an scéalaíocht mar a bhí ag an am agus, go deimhin, bhí an óráidíocht fhéin ann, bhí sé i gceist is dócha i bhfianaise go raibh forbairt ollmhór ag teacht ar fhorbairt na nIonad sóisialta i gclubanna, go raibh an deis anois ag Cumann Lúthchleas Gael, sna hallaí agus sna hionaid éagsúla a bhí acu, caitheamh aimsire a chur ar fáil i rith an gheimhridh ach go háirithe do dhaoine óga agus, ar ndóigh, do lucht na Gaeilge.

Agus, as sin, is dócha, a tháinig an fráma ar ar bunaíodh é, cé go raibh corrathrú anseo is ansiúd ó thaobh na gcomórtas. Tá fráma mór ann mar a chéile agus, go deimhin, bíonn daoine ag tabhairt amach faoi ó thaobh an leagan amach de agus ag rá go bhfuil a sheal caite. Ach, é sin ráite, ceapaim go gcabhraíonn, is dócha, an Cumann go mór, agus Scór ach go háirithe, le forbairt ceoil is damhsa agus amhránaíochta agus níor thóg sé ó imeachtaí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tháinig sé i dtír ar an mborradh a tháinig ar imeachtaí an Chomhaltais agus ar an athnuachan a tháinig sa gceol traidisiúnta i rith na seachtóidí ach go háirithe.

Ba ghné eile é seo agus chuir sé barr slachta más mian leat ar go leor leor de na himeachtaí eile a bhí ag tarlú ag na féilte agus na fleánna agus mar sin de. Ina bhealach fhéin tháinig sé i dtír ar chomhoibriú a chothú idir craobhacha de chuid an Chomhaltais agus an Cumann féin rud a bhí thar a bheith moltach.

Cén fáth? Go príomha, mar gheall ar an ngréasán de chlubanna atá ag Cumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre ar fad. Tríd an tsuim seo a músclaíodh na seiteanna, ar ndóigh, thosaigh na ceardlanna agus theastaigh foireann ins na damhsaí seite fiú sa Chomhaltas féin.

Ach, tríd is tríd, chabhraigh sé go mór. Tá go leor daoine ann a deir gur chóir eagraíocht a dhéanamh do na comórtais agus mar sin de agus is díospóireacht leanúnach é sin agus, ó bhliain go bliain, agus ó na comhdhálacha bliantúla a bhíonn ag Cumann Lúthchleas Gael, bíonn siad ag iarraidh breathnú air seo agus, cosúil le go leor leor rudaí eile i gCumann Lúthchleas Gael, bhí siad coimheádach faoi leagan amach agus cur i láthair comórtas.

Tá sé níos éasca, b’fhéidir, a bheith ag caint faoin rud ná gníomhú ó thaobh leasú a dhéanamh ar na comórtais. Ach, gan dabht ar bith, bhí an-ionchur acu, dar liomsa, leis an gcur chun cinn ón tús mar a fheicim é.

Thuig Seosamh go maith an tábhacht a bhain le Scór
Thuig Seosamh go maith an tábhacht a bhain le Scór

JÓT: Maidir leis na heagrais Ghaeilge. Tá cuid mhór acu ann agus is léir go ndéanann siad uilig méid áirithe i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael an Ghaeilge a chur chun cinn, mar shampla, an tOireachtas. Bhí an comórtas iománaíochta ar siúl acu ar feadh na mblianta. Má amharcann tú ar Ghael Linn, chuir siad na ‘pools’ar fáil sna caogaidí. An ndéanann Cumann Lúthchleas Gael go leor i gcomhar leis na heagrais Ghaeilge? Do bharúil faoi sin agus meas tú ar cheart níos mó comhoibrithe a bheith ann?

Seosamh: Gan dabht bhí riamh comhoibriú, is dócha, ar leibhéil éagsúla, idir na heagrais éagsúla. B’fhéidir nach raibh an comhoibriú a theastódh le bheith ag feidhmiú ar shlí straitéiseach leis an teanga a chur chun cinn muna raibh sé sin i gceist. Ach gan dabht ar bith más é an ceangal a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael le Gael-Linn nó go deimhin le Conradh na Gaeilge fhéin a bhíodh ag reáchtáil chomórtas an Oireachtais. Is é ceann de na rudaí móra a mhothaím uaim fhéin mar tráth den saol go háirithe sna caogaidí bhíodh sluaite móra ag teacht chuige mar atá ag tarlú leis an bhéim atá ar chomórtas na craoibhe agus comórtas na sraithe. Feicfidh muid an rud a tharla do chomórtas an Bhóthair Iarainn, go bhfuil sé sin tite i léig…agus níl daoine ag teacht leis na cluichí seo a fheiceáil mar níl éileamh ar na cluichí ann agus is dócha, inghlacthacht, mar a déarfá go raibh teilifís ar fáil agus feictear na réalta ar an teilifís seachtain i ndiaidh seachtaine, ach go háirithe, comórtas an Oireachtais fhéin, agus, go deimhin an t-airgead a caitheadh ar an Oireachtas dá bharr.

Tháinig sé sin i dtír ar an leanúint mhór a bhí ag na cluichí seo i rith na gcaogaidí ach go háirithe a bhí ag na cluichí sin. É sin ráite, leanann Cumann Lúthchleas Gael ar aghaidh fós ag cur deontas ar fáil don Oireachtas agus, dár ndóigh, ní miste a lua go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta aitheanta ag Cumann Lúthchleas Gael mar cheann de chomórtais oifigiúla an Chumainn agus cuireann siad, arís, maoiniú ar fáil agus deontas flaithiúil ar fáil do reáchtaíocht an chomórtais sin bliain i ndiaidh bliana. Ag caint ar an ngné a luaigh tú, ceapaim i ndáiríre don am i láthair, nó don todhchaí, go gcuirfear tús leis an gcomhoibriú sin a chothú, a threisiú agus, thar rud ar bith, a chomhordú agus ceapaim, i ndáiríre, nach iad na heagrais ná Cumann Lúthchleas Gael ná an Comhaltas fhéin amháin a dhéanfaidh sin.

Ceapaim go mbeadh sé tábhachtach agus go n-aithneodh an tAire féin, tríd an aitheantas atá tugtha do Chumann Lúthchleas Gael, an tábhacht atá ag an bhféidearthacht gur féidir le Cumann Lúthchleas Gael teacht chun boird. Tá sé luaite ag an Aire Ó Cuív go minic, go bhfuil an-rath ar na campaí samhraidh atá anois ar fud na tíre agus go deimhin thar lear. Agus tá a fhios agam, ar ndóigh, faoin tacaíocht atá tugtha ag an Roinn fhéin do na campaí samhraidh éagsúla – gníomhaíochtaí a bhíonn ins na Gaeltachtaí – go bhfeiceann sé sin deiseanna le tacú leo siúd agus le tacú ach go háirithe leis na campaí samhraidh de chuid Chumann Lúthchleas Gael atá á reáchtáil sna Gaeltachtaí agus le cinntiú, ar ndóigh, thar rud ar bith go mbíonn an Ghaeilge ina teanga cumarsáide, go mbíonn an Ghaeilge ina teanga oiliúna agus gur féidir teacht air sin.

Ní aithním laistigh den Ghaeltacht go bhfuil féidearthachtaí ansin i gcomhar le heagrais ar nós Chonradh na Gaeilge go háirithe na cumainn óige atá ag feidhmiú ar fud na tíre tacú leo siúd béim a chur ar spórt i gcoitinne.

Bíonn Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael ag comhoibriú le chéile agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha á chur chun cinn
Bíonn Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael ag comhoibriú le chéile agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha á chur chun cinn

JÓT: Mar a luaigh mé níos túisce is tusa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge le cúpla bliain anuas agus feicim fhéin go ndéantar neart urraíochtaí agus rudaí beaga mar sin i gcomhar le clubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus, ar ndóigh, tá urraíocht á déanamh agaibh ar chraobhchomórtas Camógaíochta na hÉireann don deichiú bliain as a chéile. Cén tábhacht a bhaineann leis an urraíocht sin?

Seosamh: Tá an-tábhacht leis mar go léiríonn sé, is dócha, an saghas gaoil atá eadrainn fhéin agus leithéidí Chumann Camógaíochta na nGael. B’fhéidir rud níos tábhachtaí fós é agus rud nach gcuirtear béim go minic air, mar gheall go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ar an eagraíocht spóirt is cultúrtha agus is láidre sa tír le ballraíocht ollmhór. Tá mé ag caint is dócha ar suas le milliún ball ar fud na tíre. Tá tú ag caint ar suas le 300,000 imreoir idir óg agus sean, mar eagraíocht…a bhfuil luach áirithe ag baint lena dearcadh…i sochaí na hÉireann. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an tacaíocht mhórálta, fiú tacaíocht mhórálta an Chumainn, léirithe in Acht an Chumainn – i rialacha an Chumainn – go mbeadh an tacaíocht sin taobh thiar den teanga.

Dá mbainfí an cúltaca sin ón teanga ar maidin bheadh cúltaca mór caillte ag an nGaeilge. Mar sin de, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an tacaíocht sin, ó thaobh stádais de, ag an teanga le gur féidir gníomhú ar bhealaí eile, le straitéisí, b’fhéidir, nach mbeadh chomh mór le straitéisí eile. Ach an tacaíocht mhórálta sin tá sé fíorthábhachtach mar go léiríonn sé tacaíocht mhórphobal don teanga agus tá sé mar íomhá ar bhealach ar an tacaíocht mhórálta sin atá á tabhairt ag an Rialtas don teanga, do chur chun cinn na teanga, i.e. an tacaíocht a thugtar don Ghaeilge sa chóras oideachais trí go bhfuil an Ghaeilge mar ábhar, mar ábhar éigeantach sna bunscoileanna, go bhfuil rialacha áirithe ann a bhaineann le cumas sa Ghaeilge a bheith ag múinteoirí agus araile. Chomh maith leis sin tá an traenáil a chuirtear ar fáil agus an tacaíocht a thugtar do choláistí samhraidh. Sin ar fad! Muna mbeadh tacaíocht ón mórphobal do na straitéisí sin bheadh an Ghaeilge go mór chun deiridh agus bheadh an Ghaeilge thíos leis.

Mar sin, tá sé fíorthábhachtach. i ndáiríre, ar bhealach, is é an rud atá siúl againn i gcás Chumann Camógaíochta na nGael, ag tacú leis an modh sin atá léirithe ag Cumann Camógaíochta na nGael agus ag Cumann Lúthchleas Gael leis an nGaeilge mar theanga. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an ceangal sin eadrainn agus go bhfeictear go bhfuil an ceangal sin eadrainn agus muid ag iarraidh tograí agus miontionscadail, agus mar sin de, a chur chun cinn.

Ach, mar a cheapaim fhéin, tá féidearthachtaí ann ó thaobh úsáid agus cothú na teanga agus d’fhéadfaí is dócha a bheith ag díriú ar na campaí samhraidh seo agus go bhfeicfí muidne, b’fhéidir, istigh ag tacú chomh maith le campaí samhraidh taobh amuigh den Ghaeltacht ach go háirithe chomh maith le struchtúir a chur ar bun ag tacú le leithéidí Chonradh na Gaeilge atá ag eagrú na gcampaí samhraidh, go ndéanfadh an Conradh ansin, b’fhéidir, i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael iarracht iad seo a dhíol i dtreo na gcluichí Gaelacha.

Dá n-éireodh leo bheadh féidearthachtaí ann do na spóirt eile chomh maith. I láthair na huaire tá comórtais éagsúla ar siúl sna bunscoileanna – comórtais ar bhonn áitiúil agus comórtais ar bhonn náisiúnta – agus cuireann na rudaí seo leis an ngréasán de Ghaeilgeoirí agus cuid acu ag gníomhú, más maith leat, sna gaelscoileanna agus sna scoileanna Gaeltachta, feictear dhom – an cineál oibre den sórt sin, mar caithfidh muid a chinntiú go dtuigtear an teanga, príomhtheanga na ngasúr, mar sin más spórt é, más gníomhaíochtaí i gcoitinne é, nó campaí gníomhaíochtaí nó campaí samhraidh tá réimse mór féidearthachtaí ansin gur féidir linne tacú leo mar phríomheagraíocht na Gaeilge. Feicim go bhfuil deiseanna comhoibrithe ansin leis na hEagrais.

Foireann Camógaíochta Chorcaí a d'imir in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann 2005
Foireann Camógaíochta Chorcaí a d'imir in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann 2005

JÓT: A Sheosaimh, meas tú céard a tharlóidh amach anseo maidir le cur chun cinn na Gaeilge taobh istigh de Chumann Lúthchleas Gael agus céard is féidir déanamh.

Seosamh: Le bheith dáiríre faoi leat, is dócha, ach an oiread le chuile ghné de shaol na hÉireann i láthair na huaire, níl dabht ar bith ach go bhfuil dúshlán don Ghaeilge, dúshlán an fód a sheasamh i réimsí éagsúla saoil, mar sin, san oideachas fhéin, cúrsaí ginearálta, gan dabht cabhróidh achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla i réimsí stáit, i réimsí poiblí, ach beidh sé fíorthábhachtach go seastar an fód maidir le stádas na teanga san Eoraip.

Dá bharr sin, ó thaobh Chumann Lúthchleas Gael féin de mar íomhá ar an tsochaí agus íomhá ar an tsochaí atá ann, níl aon dabht faoi ach go bhfuil daoine laistigh den Chumann a shíleann nár chóir go mbeadh aon bhagáiste breise in imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael seachas na cluichí fhéin agus ba chóir an aird ar fad a dhíriú air agus séard a tháinig chun cinn insa phleanáil straitéiseach agus sa bplé a bhí ansin agus mar gheall air sin a rinne comhlacht pobalbhreithe suirbhé ag an am sa Chumann i measc an phobail i gcoitinne, fiú i measc an fhíorbheagáin sa Tuaisceart nach raibh ag tacú le Cumann Lúthchleas Gael.

Tháinig mórán acu ag rá go bhfaca siad ról don Chumann i gcur chun cinn na teanga agus an phobail i gcoitinne agus go raibh sé suimiúil go raibh mórán mór acu ag rá go bhfaca siad Cumann Lúthchleas Gael ag déanamh níos mó don teanga ag cur leis na himeachtaí agus na straiteisí a bhí acu agus na tograí a bhain leis an teanga ag tacú le chuile dhuine.

Is mór an figiúr suntasach 75% ag teacht as an suirbhé sin agus go bhfuil sé sin mór dóibh siúd a bhí ag iarraidh theacht ar bord agus cé go raibh cúpla duine ag iarraidh theacht ar bord ba iad daoine ón taobh amuigh, ach go háirithe, a léirigh gur chóir don Chumann a bheith ag díriú air.

Nuair a tháinig an plean chun cinn ba léir gur tugadh aird ar an tsaghas ionchuir a tháinig ón mórphobal maidir le pleananna Chumann Lúthchleas Gael.

Ach é sin ráite, ní féidir bheith riamh, is dócha, faillíoch agus caithfidh tú bheith airdeallach i gcónaí ar na rúin éagsúla agus na tuairimí a bhíonn á gcleachtú i gCumann Lúthchleas Gael, mar atá sa tsochaí go ginearálta. Le leanacht leis sin agus le tógáil air sin, mar a deirim, caitear scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí do Chumann Lúthchleas Gael i gcomhar linn féin (Foras na Gaeilge), leis an Roinn nó leis na heagrais eile an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá súil agam féin b’fhéidir, go dtiocfaidh cuid de na deiseanna sin chun cinn ins an chomhairle nua a bheidh ag teacht le chéile go luath – Coiste na Gaeilge.

Iománaí clúiteach Átha Cliath ag Seoladh Mór na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh thiar sa bhliain 2019
Iománaí clúiteach Átha Cliath ag Seoladh Mór na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh thiar sa bhliain 2019