Cothrom an lae seo 175 bliain a rugadh Micheál Cíosóg, duine de bhunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael
Cothrom an lae seo 175 bliain a rugadh Micheál Cíosóg, duine de bhunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael

Oidhreacht Mhichil Cíosóg fós le brath 175 bliain tar éis a bhreithe


Le Jamie Ó Tuama

Ceannródaí a bhí i Micheál Cíosóg a bhfuil a oidhreacht agus a fhís fós le brath 175 bliain tar éis a bhreithe. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea é a rugadh agus a tógadh i bPoll an Phúca, An Carn, i gContae an Chláir. Ba ar 20 Meán Fómhair, 1847, a tháinig sé ar an saol. Is iomaí rud a bhain sé amach le linn a 59 bliain ar an bhfód – agus a rian le feiceáil go soiléir i gcónaí i saol spóirt na hÉireann.

Múinteoir bunscoile a bhí ann ina laethanta tosaigh oibre a mhúin i go leor áiteana difriúla ar fud na tíre. Bhí an-suim aige san oideachas agus san fhoghlaim agus in 1874 ceapadh é ina ollamh sa Choláiste Fraincise nó i gColáiste na Carraige Duibhe mar a thugtar air sa lá atá inniu ann. Ina dhiaidh sin, chuir sé ‘Acadamh an Chíosógaigh’ nó ‘Cuack’s Academy’ ar bun, áit ar réitigh sé daoine le haghaidh scrúduithe státseirbhíse. Bhí an-cháil air mar theagascóir.

Cuimhnítear ar an gCíosógach de bharr a chuid teagaisc ach is mó an chuimhne atá air de bharr na hoibre a rinne sé ar son ghluaiseacht na Gaeilge agus le cúrsaí spóirt agus caithimh aimsire a chur chun cinn in Éirinn.

Bhí Micheál sáite in obair na Gaeilge agus bhí se ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1876. Bhí sé ina bhall gníomhach de chuid Chonradh na Gaeilge níos faide anonn nuair a bunaíodh an t-eagras Gaeilge sa bhiain 1893.

Bhí an-suim ag an gCíosógach i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí lúthchleasaíochta i gcónaí agus ghoill sé go mór air gur do dhaoine den uasalaicme a eagraítí cruinnithe spóirt agus lúthchleasaíochta den chuid ba mhó. Ní eagraítí cruinnithe lúthchleasaíochta Dé Domhnaigh mar shampla – an t-aon lá a bhíodh feirmeoirí agus lucht oibre saor le páirt a ghlacadh ina leithéid. Bhí Micheál ag iarraidh go mbeadh deis ag gach duine páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt.

An-imreoir rugbaí a bhí ann agus bhíodh sé ag imirt cruicéid, iomána agus ag caitheamh meáchain. Bhí suim aige sna cluichí Gaelacha agus bhí sé imníoch faoi thodhchaí na hiomána ach go háirithe. Bhíodh an iomáint agus an pheil á himirt mar chaitheamh aimsire ach toisc nach raibh aon eagras nó cumann ann leis na cluichí a riar bhí rialacha éagsúla á gcur i bhfeidhm ó pharóiste go paróiste. Thuig Micheál go raibh gá le rud éicint a dhéanamh faoi sin.

Chas Cíosóg le Pádraig Mac an Fhailí sa bhliain 1879 agus bhí an bheirt acu ar aon intinn faoi na rudaí ár gha a dhéanamh le lúthchleasaíocht agus leis na cluichí Gaelacha a chur chun cinn i measc ghnáthmhuintir na hÉireann. Bhíodh siad ag plé na ceiste seo agus iad amuigh ag siúl i bPáirc an Fhionnuisce, i mBaile Átha Cliath.

Ag eascairt as na smaointe sin a bhí aige féin agus Mac an Fhailí bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ar 1 Samhain, 1884. Ceapadh an Cíosógach mar Rúnaí ar an gCumann nua agus ceapadh Muiris Ó Daimhín ina Uachtarán air. Ina dhiaidh sin, ceapadh an tArdeaspag Tomás Cróc, Micheál Daibhéid agus Charles Stewart Parnell ina bpátrúin air.

Briseadh Micheál as a ról mar Rúnaí Chumann Lúthchleas Gael de bharr aighnis idir é féin agus agus an tArdeaspag Cróc agus de bharr an gaol achrannach a bhí aige le baill eile de chuid an Chumainn.

Bhunaigh sé an nuachtán The Celtic Times ina dhiaidh sin sa bhliain 1887 le go bhféadfadh sé a chuid tuairimí a thabhairt ar chúrsaí an Chumainn agus ar na cluichí. Bhí i bhfad níos mó ná sin ag baint leis an nuachtán, mar sin féin, agus bhíodh an Ghaeilge, an ceol agus cultúr na nGael á chur chun cinn aige ann.

Cailleadh Micheál ar 28 Samhain, 1906, agus gan é ach 59.

Tá an pheil agus an iomáint á n-imirt i gclubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael ní hamháin ar fud na hÉireann ach ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann. Tá an cultúr Gaelach á chur chun cinn ag na clubanna, freisin, trí Scór agus tríd an ról atá ag an nGaeilge sa chumann. Daoine a bhíonn ag feidhmiú go deonach a choinníonn na clubanna seo ag gabháil agus na cluichí á n-imirt iontu.

Bhí lán an tí i láthair ag Cluichí Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann i mbliana. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ag na cluichí ceannais sin agus bhí spiorad an deonachais, an amaitéarchas agus an chairdis le feiceáil thimpeall ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí an lucht leanta ón dá chontae ag meascadh le chéile agus ag leanúint a bhfoirne go bródúil. Tá oidhreacht agus fís Mhíchíl Cíosóg faoi bhláth 175 bliain tar éis a bhreithe.

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, agus bláthfhleasc á leagan aige ag uaigh Mhichil Cíosóg i gcomhluadar an Mhoinsíneora, Eoin Thynne, i Reilig Ghlas Naíon inniu
Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, agus bláthfhleasc á leagan aige ag uaigh Mhichil Cíosóg i gcomhluadar an Mhoinsíneora, Eoin Thynne, i Reilig Ghlas Naíon inniu