Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Ó Chathair na Mart go Nua-Eabhrac: Cuimhní Cinn Phiarais Uí Raghallaigh ar a laethanta imeartha

Piaras Ó Raghallaigh, ceathrú duine ó chlé agus ar chúl, agus foireann Nua-Eabhrac roimh an gcluiche craoibhe in aghaidh na Gaillimhe thiar i 2000

Piaras Ó Raghallaigh, ceathrú duine ó chlé agus ar chúl, agus foireann Nua-Eabhrac roimh an gcluiche craoibhe in aghaidh na Gaillimhe thiar i 2000

Le Jamie Ó Tuama

Mar chuid den fheachtas ar líne Trasna na dTonnta labhair GAA.ie le Piaras Ó Raghallaigh faoina aistear peile a thosaigh amach ar fhoirne iomána agus peile faoi aois Chathair na Mart agus a thóg chomh fada siar le Nua-Eabhrac é.

Dar ndóigh, bhí neart blianta agus eachtraí suimiúla aige idir an dá linn, ina n-áirítear blianta maithe ag imirt lena scoil Coláiste Naomh Iarfhlatha, le Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus lena chontae dúchais, Maigh Eo.

Chuaigh mé ar siar ar bhóthar na smaointe le Piaras agus thosaigh sé le cur síos a thabhairt dom ar na laethanta sona a bhí aige is é ag imirt ina ghasúr agus a athair mar bhainisteoir aige.

‘Thosaigh mé ag imirt le mo chlub, Cathair na Mart, nuair a bhí mé sé bliana’, a deir Piaras. ‘Bhí m’athair mar bhainisteoir agus mar chóitseálaí ag an am agus thug seisean an spreagadh, an inspioráid agus an grá don pheil agus don iomáint dom. Bhí an t-ádh orm go raibh an pheil agus an iomáint sa chlub ag an am agus thaithin an saghas dúshláin sin go mór liom. Chomh maith leis sin, mhothaigh mé go raibh an club mar chlann, go raibh gach duine ag cabhrú le chéile, ag feabhsú le chéile agus ag comhoibriú le chéile.’

Cé go raibh plúr imreoirí Chonnacht ar scoil le Piaras i gColáiste Naomh Iarfhlatha, d’airigh mé go raibh aiféala air nár éirigh leis an scoil Corn Uí Ógáin a bhuachan lena linn.

‘Tar éis roinnt blianta a chaitheamh le mo chlub chuaigh mé ar aghaidh chuig mo scoil dara leibhéil, scoil chónaithe i dTuaim, Coláiste Naomh Iarfhlatha. Is cuimhneach liom go maith an chéad lá a chuaigh mé isteach ann. Bhí imreoirí ann ar nós Derek Duggan, Karl Kearins, Pat O’Malley, Tommy Geraghty. Bhí Enda Feeney ann agus ba réaltaí iad ina gcontaetha féin ag an am.

‘Bhí Derek Duggan ag imirt le mionúir Ros Comáin. Bhí Tommy Geraghty mar chaptaen ar mhionúir na Gaillimhe. Bhí Enda Feeney mar chaptean ar an bhfoireann a bhí sa scoil ag an am. Bhí Karl Kearins ag imirt le Sligeach. B’in mac le Mickey Kearins, an réalta is mó a bhí ag Sligeach le fada an lá.

‘Sa scoil, bhí béim ar leith ar an bpeil agus, buíochas le Dia, bhí béim freisin ar an iomáint. Bhí imreoirí ó cheann ceann na tíre ann agus bhí sé iontach breathnú ar an réimse scileanna a bhí acu. Bhí orm a bheith chomh maith leo.

‘Thosaigh mé ag imirt le Coláiste Naomh Iarfhlatha agus d’éirigh liom a bheith ar na foirne éagsúla. Bhí stair dhochreidte sa scoil ó thaobh Chorn Uí Ógáin agus chuaigh muid gar dó cúpla uair, ach, nuair a bhí mise sa scoil níor eirigh linn riamh Corn Uí Ógáin a thabhairt abhaile. Thaithin an scoil go mór liom agus tháinig feabhas ar mo chuid imeartha.’

Nuair a bhí Piaras críochnaithe le Coláiste Naomh Iarfhlatha, chuaigh sé ar aghaidh go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar imir sé le foireann Sigerson na hOllscoile. Bhí cóitseálaithe agus peileadóirí iontacha timpeall air an t-am sin.

‘Chuaigh mé go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh,’ a deir Piaras, ‘agus bhí fear ansin darb ainm Tony Regan a thug muinín, cabhair agus spreagadh dom. Dúirt sé ‘is cuma cé has thú, is cuma cé chomh maith ‘is a bhí tú, tá deis nua agat anois tú féin a chur chun cinn agus áit a bhaint amach ar an bhfoireann’.

‘Nuair a bhí mé sa chéad bhliain san ollscoil d’éirigh liom áit a bhaint amach ar an bhfoireann Sigerson agus bhí sé sin dochreidte. Dar ndóigh, bhí imreoirí ar nós Gary Fahy, a chuaigh ar aghaidh agus a bhí ina chaptean ar Ghaillimh nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann, ann.

‘Bhí Lorcan Dowd ann ó Ros Comáin. Bhí Tony Maher ann ó Laois. Chuile dhuine a bhí ag imirt ar an bhfoireann, bhíodar ag imirt lena gcontaetha éagsúla. Shíl mé agus chonaic mé gurbh é sin an sprioc a bhí agam féin, a ghabháil ar aghaidh agus feabhsú i gcónaí. Bhí an dúshlán sin agam i gcónaí – imirt le mo chontae.’

Foireann Nua-Eabhrac ag gabháil pairce i bPáirc na nGael

Foireann Nua-Eabhrac ag gabháil pairce i bPáirc na nGael

Níorbh fhada go raibh foireann faoi 21 Mhaigh Eo ag bualadh ar dhoras Phiarais agus a bhrioglóid á fíorú aige.

‘Nuair a bhí mé san ollscoil chuir Martin Carney glaoch orm’, a mhíníonn Piaras. ‘Thug sé cuireadh dom gabháil isteach le foireann faoi 21 Mhaigh Eo agus bhí sé sin iontach. Bhí an caighdeán ardaithe. Bhí Martin iontach mar bhainisteoir agus thug sé muinín bhreise dom, go raibh mé ar an turas ceart agus go raibh mé ag gabháil sa treo cheart.

‘Ina dhiaidh sin, chuir John Maughan glaoch orm agus bhí Tomás Tierney mar roghnóir leis ag an am. Fuair mé deis i 1998 dul isteach agus traenáil le Maigh Eo agus bhí mé ar an bpainéal ar feadh dhá bhliain – 1998 agus 1999.’

Mar a tharlaíonn le go leor leaideanna óga sna fichidí, tagann fonn taistil orthu agus b’in é a tharla do Phiaras agus é réidh le haghaidh a thabhairt ar an Astráil.

‘Bhí fonn orm a ghabháil ag taisteal agus bhí sé ar intinn agam gabháil chun na hAstrála,’ a deir sé. ‘Mar sin, chuaigh muid go Nua-Eabhrac ar feadh coicíse ar ár mbealach chun na hAstrála. Creid nó ná creid é, d’fhan muid ann ar feadh trí biana – in áit nach raibh i gceist againn ach coicís a chaitheamh ann! Chaith mé féin agus mo bhean Mairéad trí bliana i Nua-Eabhrac.’

Níorbh fhada go raibh Piaras socrathe isteach i gclub agus ag imirt peile an athuair.

‘Thosaigh mé ag imirt leis an gclub láithreach’, a mhíníonn Piaras. ‘Maigh Eo ar ndóigh a bhí i Nua Eabhrac agus bhí foireann an-láidir againn ag an am. D’éirigh linn gabháil chomh fada le Craobh Idirmheánach Nua-Eabhrac.’

Tá Cumann Lúthchleas Gael iontach ag tarraingt Éireannach le chéile thar lear agus labhraíonn Piaras go geanúil faoin mbealach ar thug lucht an Chumainn aire dó agus é i Nua-Eabhrac.

‘Thug mé faoi deara go raibh rud éicint speisialta bainteach le bheith ag imirt le club i Nua-Eabhrac. Bhí postanna ann. Bhí gach duine ag iarraidh a bheith ag cabhrú le chéile. Cuireadh lóistín ar fáil dúinn agus nuair a tháinig daoine i mo dhiaidh, rinne mé féin agus na leaids a bhí ag imirt an rud céanna.

‘Bhí muid i gcónaí ag faire amach do dhaoine nua a bhí tar éis teacht, ag cabhrú leo agus b’in an draíocht, b’in an rud speisialta faoi bheith páirteach i gCumann Lúthchleas Gael thar lear. Bíonn gach duine ag faire amach dá chéile agus ag cabhrú le chéile.’

Bhí dul chun cinn mór á dhéanamh ag Piaras ar an bpáirc imeartha agus níorbh fhada gur glaodh isteach ar phainéal Nua-Eabhrac é mar aitheantas ar a chuid gaiscíoch peile.

‘Nuair a bhí mé ann fuair mé deis, nó cuireadh, gabháil isteach agus traenáil le Nua-Eabhrac. Thaitin sé sin go mór liom. Bhí deis againn faoi dhó teacht abhaile agus imirt i gCraobhchomórtas Chonnacht.

‘Tháinig muid abhaile i 2000 agus i 2001. I 2000 d’imir muid i gcoinne na Gaillimhe agus bhí sé sin draíochtúil. Bhí sé iontach mar bhí Gaillimh díreach théis Craobh an hÉireann a bhaint agus bhí na réaltaí uilig acu – Paul Clancy, Pádraig Joyce, Seán Ó Domhnaill, Michael Donnellan agus Derek Savage.

‘Is cuimhneach liom rith amach ar Pháirc Naomh Iarfhlatha i dTuaim agus bhí mé ag breathnú ar Paul Clancy. B’in a bhí mar chéile comhraic agam an tráthnóna sin agus bhí sé iontach go raibh muid ann. Bhí sé speisialta go raibh an cuireadh sin faighte againn agus go raibh an nasc sin ann idir Craobh Chonnacht agus Nua-Eabhrac. Ar ndóigh, d’imir muid thar cionn sa chluiche agus an bhliain ina dhiaidh sin, i 2001, d’imir muid i gcoinne Ros Comáin.'

Tá go leor cuimhní iontacha ag Piaras ar na laethanta a chaith sé i Nua-Eabhrac agus tá neart buanchairde aige dá bharr.

‘Is cuimhneach liom go maith na himreoirí eile a bhí againn agus a bhí ag imirt linn i Nua-Eabhrac ag an am,’ a deir Piaras. ‘Bhí Martin agus Mickey Slowey ó Mhuineachán ar an bhfoireann. Bhí Johnny Driscoll agus ‘Bingo’ Driscoll as Ciarraí ag imirt linn. An chuid is mó de na himreoirí a bhí ag Nua-Eabhrac, bhíodar théis imirt lena gcontaetha dúchais tríd na blianta. Bhí an caighdeán an-ard.

‘Is dócha an cairdeas sin, bhí Frank Brady agus Paddy Carney mar bhanisteoirí agus go dtí an lá inniu tá mé fós i dteagmháil leofa agus tá mé fós caidriúil leofa. Anruaidh, chas mé le Paddy Carney thíos i gCiarraí agus chaith muid cúpla uair an chloig ag plé agus ag gabháil siar ar na cumhní a bhí againn, ar an gcraic agus ar an spórt. Bhí sé dochreidte go raibh an cairdeas sin eadrainn fós, cé go raibh muid ag gabháil siar fiche cúig bliain roimhe sin.’

Liam Ó Laochdha, Piaras Ó Raghallaigh, Siobhán Ní Chuana agus Aodán Ó Braonáin ag Babhtaí Ceannais Scór Sinsir na hÉireann thiar i 2015

Liam Ó Laochdha, Piaras Ó Raghallaigh, Siobhán Ní Chuana agus Aodán Ó Braonáin ag Babhtaí Ceannais Scór Sinsir na hÉireann thiar i 2015

Tháinig deireadh le laethanta taistil Phiarais cúpla bliain ina dhiaidh sin agus tháinig sé abhaile ar deireadh thiar – tríd an Astráil. Bhí ceann scríbe bainte amach aige trí bliana níos deireanaí!

Choinnigh fear Chathair na Mart air ag imirt nuair a tháinig sé abhaile agus tá sé bainteach le Cumann Lúthchleas Gael ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ó shin i leith.

‘Nuair a tháinig mé abhaile ansin, chuaigh mé ar ais chuig mo chlub. Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach mar mhothaigh mé le bheith mar pháirt den phobal, caithfidh tú rud éicint a thabhairt ar ais, go gcaithfidh tú cabhrú le do chlub agus go gcaithfidh tú an spreagadh agus an ionsparáid a fuair tú féin a thabhairt do dhaoine eile, do dhaoine óga agus sin an rud a rinne mé.

‘Thosaigh mé ag imirt arís agus thosaigh mé ag cabhrú leis an traenáil. Thosaigh mé ag cabhrú leis an gclub, freisin.'

Chaith Piaras roinnt blianta ar Choiste Contae Mhaigh Eo ina dhiaidh sin tar éis dó ceird an oifigigh a fhoghlaim ina chlub féin.

‘Fuair mé post mar Oifigeach Gaeilge agus Cultúir sa chlub’, a deir sé. ‘Bhí mé mar leas-Chathaoirleach agus, ar ndóigh, bhí mé mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí.

‘D’éirigh liom ina dhiaidh sin dul chomh fada le Coiste Contae Mhaigh Eo agus b’in rud mór i mo shaol mar bhí ról lárnach agam i gcur chun cinn na Gaeilge, an chultúir agus na peile. Bhí mé ann mar Oifigeach Gaeilge ar feadh deich mbliana le Coiste Contae Mhaigh Eo agus, ar ndóigh, bhí mé mar Chathaoirleach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i Maigh Eo, freisin.'

Tá ról an-tábhachtach ag an nGaeilge i saol Phiarais agus tá sé an-bhródúil as an mbaint atá aici leis an gCumann.

‘Ó thaobh na Gaeilge de, tá sé feicthe agam go bhful sé thar a bheith tábhachtach an Ghaeilge a nascadh agus a chur chun cinn sna clubanna agus sna contaetha éagsúla.

‘Nuair a fheiceann tú CLG Bhréachmhaigh, CLG Chathair na Mart nó CLG an Chnioc Mhóir tuigeann tú go bhfuil stair, go bhfuil cultúr, go bhfuil an spórt fite fuaite ina chéile agus b’in an bhunchloch a bhí ann nuair a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael.’

Maidir le comhrá mór ar líne Trasna na dTonnta, tá Piaras an-mholtach faoina bhfuil ag tarlú leis.

‘Ní cumann spóirt amháin atá i gceist agus is eagraíocht leis an gcultúr, an teanga agus an spórt a chur chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach nach ndéanann muid dearmad air sin.

‘Is rud iontach go bhfuil an nasc le pobail Chumann Lúthchleas Gael ar fud an domhain, go bhfuil muid ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta le muid a nascadh le chéile, go bhfuil scéalta á scaipeadh, go bhfuil scéalta á roinnt againn, go bhfuil na smaointe agus na cuimhní a bhí againn, ní hamháin ó thaobh na peile agus ó thaobh an chraic agus an chultúir de, agus go bhfuil an teanga fós beo.

‘Is cuimhneach liom go maith nuair a bhí mise i Nua-Eabhrac, nuair a bhí mé i Meiriceá agus nuair a bhí mé san Astráil. Ba í an Ghaeilge agus an pheil a cheangail pobal na hÉireann le chéile agus sin é an rud is tábhachtaí, dar liomsa.’

Le bheith mar chuid den chomhrá domhanda Trasna na dTonnta cuir giolc chuig #TrasnaNadTonnta. Inis dúinn faoi do chlub agus faoin bpaisean atá agat do na cluichí mar atá déanta ag Piaras!

D'imir Nua-Eabhrac in aghaidh Mhaigh Eo go deireanach sa bhliain 2019

D'imir Nua-Eabhrac in aghaidh Mhaigh Eo go deireanach sa bhliain 2019