Micheál Ó Muircheartaigh.
Le Conchúr Ó Sé
Rugadh Micheál Ó Muircheartaigh sa bhliain 1930 agus ba mhac le beirt fheirmeoirí é. Is as Dún Síon dó, baile bheag lasmuigh den Daingean a bhíodh ina bhreac-ghaeltacht ach a bhfuil mar chuid den Ghaeltacht anois. Deireann Micheál gur fhás sé aníos ag labhairt na Gaeilge agus an Béarla: ‘Bhíodh an meascán ann ach bhí níos mó Gaeilge, bhí an-Ghaeilge ag na seandaoine go léir a bhí sa Ghaeltacht, ach an chéad ghlúin eile ní raibh sé acu, sin mar a tharlaíonn sé.’’
Ag labhairt faoina óigeacht admhaíonn sé gur thaitin an obair amuigh faoin aer úr ‘go mór’ leis agus cuimhníonn sé go cruinn ar na haonaigh móra a bhíodh ann sa Daingean le daoine ‘ann go moch ar maidin ag ceannach agus ag díol’ ainmhithe iontu. Níor imir sé móran peile agus é ina pháiste: ‘Beagánín ach ní raibh mórán peile sa scoil ag an am. Ní raibh aon pheil in aon chor sa bhunscoil i gCiarraí ach bhí sé mar sin ar fud na tíre.’’
Agus é críochnaithe sa scoil ní raibh mórán fostaíochta ar fáil sa Daingean ach deireann Michéal go raibh ‘an-mheas ar oideachas’ sa bhaile, rud a chabhraigh leis áit a sholáthar i gcoláiste ullmhúcháin i mBaile Bhúirne i gCorcaigh sa bhliain 1945 i ndiaidh na Meánteiste agus é dírithe ar mhúinteoireacht. Labhraíonn sé go fonnmhar faoin tréimhse a chaith sé ansin agus faoin gcaoi a d’fhorbair an tréimhse seo a chuid Ghaeilge: ‘Ní raibh ann ach 80 scoláire ar fad ann ach an rud iontach mar gheall air, bhí gach rud trí Ghaeilge. Bhí daoine ó gach aon chúige ann, bhí duine ó gach aon Ghaeltacht ann, d’fhoghlaimíomar go léir na ceithre chanúintí óna chéile agus ag déanamh aithris ar a chéile, rud maith é an meascán a bhí ann.’’
Chaith sé trí bhliain ansin sular thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus an dhá bhliain ag síneadh amach uaidh i gColáiste Phádraig i nDroim Chonrach. ‘Bhí sé go deas bheith i mBaile Átha Cliath agus cleachtadh múinteoireachta a fháil i scoileanna difriúla.’ Ba i mBaile Átha Cliath a d’oscail geata dó, geata a dhéanfaidh cáiliúil é agus a dhaingneoidh é mar chuid mhór de shaol Chumann Lúthchleas Gael agus na hÉireann i gcoitinne.
Chonaic se fógra sa choláiste faoi thrialach tráchtaireachta i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Phádraig na bliana 1949. Chuaigh sé faoi choimirce na cinniúna agus d’fhreastal sé ann chomh maith le scoláirí eile ó thimpeall na tíre. Admhaíonn sé faoin tráchtaireacht: ‘Ní raibh suim agam dul isteach ann riamh, ach bhíomar ag féachaint air mar sort eachta, adventure, dul ann gan aon bhrú nó aon rud, beimid istigh sa bhosca, bosca Micheál O’Hehir.’’
Nuair a tháinig triail Mhichíl, léirigh sé a chuid cumais tráchtaireachta agus é ach 19 bliain d’aois, rud a thug an deis dó dul i mbun na tráchtaireachta níos minicí. Ba é an chéad thasc dó ná tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais an Bhóthair Iarainn an Déardaoin i ndiaidh Lá Fhéile Phádraig, níor bhreathnaigh sé siar ó shin.
Deireann sé gurbh iad foireann iománaíochta Thiobraid Árann ó 1958 go 1965 an fhoireann ab fhearr a bhfhaca sé sular tháinig foireann Chill Chainnigh a bhuaigh ceithre Chraobh na hÉireann as a chéile faoi Brian Cody. D’éirigh leis an bhfoireann sin cúig Chraobh na hÉireann a bhuachan le linn na tréimhse sin. Spreagann sé seo scéalín uaidh ar an gcluiche idir Port Láirge agus an fhoireann Thiobraid Árann sin sa bhliain 1959.
"Bhí Micheál O’Hehir ag obair sa Ghaillimh ag cluiche peile, b’fhéidir Maigh Eo agus Gaillimh sa pheil, sin an cluiche a bhí ar an aer ach déanadh socrú go dtabharfaí an scór i gCúige Mhumhan idir Port Láirge agus Tiobraid Árann san iomáint thar an teileafóin. Ag leatham léadh an scór amach dó, Port Láirge ocht gcúl Tiobraid Árann no score. Cheap sé go raibh duine ag magadh leis agus shocraigh sé glaoch a chur ar an mbeairic in aice Pháirc Uí Chaoimh le seiceáil an raibh sé seo fíor. D’fhreagair an fear ar an taobh eile den líne, ‘níl sé fíor, tá naoi gcinn acu anois.’ Bhuadar glan orthu, sa Championship sin scóráil siad 23 cúl agus 23 cúilín.’’
Bhí an-mheas ag Micheál ar a réamhtheachtaí; O’Hehir, a bhí mar guth na gcluichí Gaelacha ag an am sular ghlac an Chiarraíoch leis an teideal sin. Nuair a cuireadh ceist air faoina thionchar air admhaíonn sé: "Ní raibh, dhéanas rudaí mo bhealach féin ach bhí sé an-chabhrach. Chuir sé aithne orm agus chuir sé ceisteanna orm d’aon ghnó faoi Chiarraí ag leatham chun mé a chur ar mo shuaimhneas agus chun eolas a thabhairt dom. Sin an sórt duine a bhí ann, bhí sé go maith ag cabhrú le daoine.’’
Nuair a d’éirigh O’Hehir as ón tráchtaireacht i 1985 tar éis dó stróc a fháil tháinig an Chiarraíoch ina áit mar an príomhthráchtaire ar na cluichí Gaelacha do RTÉ agus b’iomaí ráiteas de chuid Uí Mhuircheartaigh a choimeád a lucht éisteachta ag gáire agus ag éisteacht go cíocrach leis. D’fhéadfaí a rá gurbh é an ráiteas ba cháiliúla ná: ‘Seán Óg ó hAilpín, his mother’s from Fiji and his father’s from Fermanagh, neither a hurling stronghold.’
Bhí stíl ceolmhar aige a sheas amach agus nuair a cuireadh ceist air faoin stíl seo d’fhreagair sé: "Nuair atá suim agat i rud, beidh tú ag foghlaim an t-am ar fad, beidh tú ag buaileadh le daoine agus beidh siad ag caint faoi chúrsaí peile agus iománaíochta agus ag caint mar gheall ar dhaoine, bhaileofá a lán eolais mar sin. An chuid is mó dó ná ag caint le daoine roimh agus tar éis cluichí. Bíonn suim ag muintir na hÉireann i ndaoine agus is breá leo eolas a fháil ar dhaoine, ní mar sin a bhíonn sé i dtíortha eile.’’
Ní hamháin go ndearna sé tráchtaireacht ar na laethanta móra i bPairc an Chrócaigh ach thraenáil sé cuid de na himreoirí a bhí ag imirt ar na laethanta úd sin; laochanna Chiarraí de chuid fhoireann Mick O’Dwyer a bhí lonnaithe sa phríomhchathair sna 1970idí go háirithe. Daoine de na peileadoirí ab fhearr ariamh le hiliomaid boinn Uile-Éireann acu: Jack O’Shea, Charlie Nelligan, Ger Power, Paudie Mahony agus Mick Spillane ina measc.
"Bhínn i gcónaí leo. Gerald McKenna a bhí mar Chathaoirleach a cheap Mick O’Dwyer mar bhainisteoir Chiarraí. Ghlaoigh sé ormsa ag rá: ‘Would you like to be our ambassador away from home?’ Bhíodar go léir in Átha Cliath, thógas daoine ó Mhaigh Eo agus ó Liatroim, daoine nach raibh éinne acu le dul ag traenáil leo, bhídís linn i gcónaí. Dúramar go léir: seo traenáil, nuair a thagann an cluiche beidh dearcadh amháin agatsa agus dearcadh eile agamsa. D’oibrigh sin go breá."
D’éirigh an Chiarraíoch as ón tráchtaireacht i nDeireadh Fómhair 2010 tar éis chluiche Rialacha Idirnáisiúnta idir Éire agus an Astráil ach deireann sé nach n-airíonn sé uaidh an tráchtaireacht toisc go dtéann sé go dtí na cluichí uilig fós agus leanann sé iad leis an bpaisean céanna a bhí aige.
"Bhíos i gcónaí ag dul go dtí cluichí go léir. Beidh mé i dTurlas don chluiche faoi 21 an tseachtain seo chugainn. Níl athrú mór i mo shaol toisc go dtéim go háit an phreas anois. Bhíos tamall fada ag obair, 62 bliain a bhíos ag obair ann, cheapas gur am maith é sin éirí as."
Cé go bhfuil Ó Muircheartaigh éirithe as le seacht mbliana anois níl mórán ama aige suí os comhair na teilifíse ar an tolg ag ligint scíthe. Tá sé sáite i go leor rudaí, is Cathaoirleach é ar Choláiste Íde sa Daingean, tá baint aige leis an obair in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí chun áiseanna spóirt a bhunú do dhaoine atá i gcathaoir rotha, tá sé bainteach leis an ospís i gCiarraí chomh maith leis an Institiúid Néareolaíochta i mBaile Átha Cliath, cúiseanna a bhfuil cion aige orthu.
"Tá an-iomarca ar siúl agam. Beidh mé ag dul anois go dtí Bangkok le haghaidh Cluichí na hÁise le himreoirí ann ó Dubai, Singapór, San Francisco agus ó gach áit ann.’’
Is cosúil le reacaire uilefheasach é Ó Muircheartaigh gan dabht. D’athraigh sé thar na blianta, ón mbuachaill óg ón Daingean a thosaigh amach i 1945 go dtí laoch an lae inniu ach d’fhan rud amháin buan i gcónaí; an paisean agus an grá ata ag ‘Guth na gCluichí Gaelacha’ do chluichí Chumann Lúthchleas Gael.