Do Chlub, Do Chontae - Caith do Gheansaí!
Do Chlub, Do Chontae - Caith do Gheansaí!

Mí Eanáir na nGeansaithe i bPáirc an Chrócaigh


Le Jamie Ó Tuama

Caith do gheansaí agus tú i mbun turais staide i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo, le linn ‘GAA Jersey January’, agus gheobhaidh tú an turas ar leathphraghas. Níl le déanamh agat ach geansaí do chlub, do chontae nó geansaí de chuid na ‘Cúl Camps’ a chaitheamh agus gheobhaidh tú an margadh speisialta tús bliana seo.

San áireamh sa margadh seo, a mhairfidh go dtí deireadh mhí Eanáir, tá turas thimpeall na staide ina gclúdaítear cuairt ar sheomraí feistis na n-imreoirí, ar ionad na meán cumarsáide agus ar thaobhlíne na páirce. Tá cead isteach chuig Músaem Chumann Lúthchleas Gael san áireamh, freisin.

Tá gach eolas faoin turas staide le fáil ag an nasc seo a leanas https://crokepark.ie/gaa-museum-tours/stadium-tour. Tá an margadh ar fáil dóibh siúd a cheannaíonn a gcuid ticéad ag an Músaem, amháin. Chomh maith leis sin, más ticéad teaghlaigh atá uait caithfidh chuile dhuine sa teaghlach a bheith ag caitheamh geansaí! Bainigí taitneamh as.