
Leagan Gaeilge de Future Leaders CLG/PDST Seolta
Seoladh leagan Gaeilge de Chlár Cheannairí don Todhchaí CLG/PDST i gcomhar le TG4 agus COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) inniu, Déardaoin, 30 Eanáir i bPáirc an Chrócaigh.
- Is comhfhiontar é Clár Cheannairí don Todhchaí idir CLG agus an PDST (learning.gaa.ie/futureleaders)
- Is clár traschuraclaim é ina bhfuil sraith modúlacha ann chun aibíocht, tionscnaíocht, freagracht agus scileanna cinnireachta a spreagadh i measc scoláirí.
- Le cúnamh ó TG4 agus ó COGG, aistríodh an clár ar fad go Gaeilge ina n-áirítear na ceachtanna, na hacmhainní, na físeáin chomh maith leis an ardán foghlama ar líne ina mbíonn ábhair an chláir á stóráil.
- Cuireann an seoladh seo in iúl go hoifigiúil go bhfuil an clár seo ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna ina mbíonn Ceannairí don Todhchaí ar fáil, fud fad na tíre.
- Is é Clár Cheannairí don Todhchaí CLG/PDST an clár idirbhliana is mós fáis sa tír agus tá na mílte múinteoirí agus scoláirí ó gach cearn den tír ag glacadh páirte ann. Tá ríméad orainn go bhfuil rogha acu anois idir an clár a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla.
- Tabharfaidh an leagan Gaeilge de Chlár Cheannairí don Todhchaí CLG/PDST deis do mhúinteoirí Gaeilge glacadh le modheolaíochtaí Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Is cur chuige foghlama teangacha é FCÁT ina múintear ábhair trí Ghaeilge, mar shampla, mata, corpoideachas, eacnamaíocht bhaile srl…
- Tá os cionn 330 scoil ag déanamh Chlár Cheannairí don Todhchaí CLG/PDST i láthair na huaire.
- Is scoileanna Gaeltachta nó Gaelcholáistí 32 cinn de na scoileanna seo. Tá 65 scoil Ghaeltachta agus Gaelcholáistí scaipithe ar fud an tíre. Tá an clár seo ar fáil ina leath acu.
- Tá os cionn 1,250 múinteoir ann a fuair an traenáil chuí ónár gcomhpháirtithe sa PDST chun an clár a mhúineadh.
Dúirt Ciara O' Donnell, Stiúrthóir an PDST:
As proud partners of the Future Leader Programme and as it continues to go from strength to strength, the Professional Development Service for Teachers are delighted to have these wonderful resources available to all schools in our native language. Táimid cinnte go mbeidh na hacmhainní seo an- úsáideach d’aon scoil gur mian leo páirt a ghlacadh sa chlár seo as Ghaeilge. Gach rath ar an obair!
Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Comhpháirtíochta TG4:
Bhi áthas ar TG4 físeáin a chuir ar fáil don leagan Gaeilge de Future Leaders. Is clár iontach é Future Leaders, do dhaltaí agus do scoileanna, agus molann muid go mór an réimse scileanna a thugann sé do dhaltaí. Tá súil againn go spreagfaidh sé an chéad ghlúin eile do thráchtairí Gaeilge ar chluichi GAA ar TG4, idir fir agus mná.
Dúirt Dónal Ó hAiniféin Cathaoirleach COGG:
"Cuireann COGG fáilte mhór roimh chlár idirbhliana 'Ceannairí don Todhchaí' na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus Cumann Lúthchleas Gael - clár a bheidh ar fáil anois go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
_Níl aon amhras ach go rachaidh an clár réimsiúil seo chun tairbhe agus chun sochair na scoláirí sna hiar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. _
Aithníonn COGG an ról criticiúil a d'imir TG4 agus Nemeton agus gabhaimid buíochas leo as a ndúthracht i leith an chúraim sin. Tréaslaímíd le chuile eagraíocht a bhí rannpháirteach ar bhonn na comhpháirtíochta leis an soláthar suntasach seo don oideachas lán-Ghaeilge a fhíorú. Buíochas ar leith le Muireann Ní Mhóráin agus Pádraig Ó Beaglaoich as COGG ach go háirithe. Tá an obair déanta ag Eoghan Ó hÁinle (Comhordaitheoir Náisiúnta an Chláir), Jamie Ó Tuama (Oifigeach Gaeilge, CLG), Lís Ní Dhálaigh (TG4), Foireann Nemeton, na himreoirí éagsúla a chuaigh faoi agallamh, na scoláirí a rinne an láithreoireacht agus na haistritheoirí a d'aistrigh an t-ábhar. Is meitheal ar leith sibh, nár laga Dia sibh uilig.''
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin:
Tá an-áthas ar Chumann Luthchleas Gael go ndeachaigh muid i mbun oibre le COGG agus le TG4 leis an acmhainn seo, Clár Idirbhliana Cheannairí don Todhchaí, a chur ar fáil i gcomhar leis an PDST. Tá an tiomantas seo dár gcuid cultúir ceangailte go dlúth lenár dteanga. Coinneoidh muid orainn ag obair lenár gcuid páirtnéirí chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí thograí den chineál seo a chur ar bun atá feiliúnach agus a chothaíonn an tsochaí inár gclubanna, scoileanna inár bpobail.