Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Lá Mór GAAgaeilge Geallta ag ‘Virtual Scór’ Dé Domhnaigh

Buaiteoirí Rince Foirne Scór Sinsir 2019 ó CLG an Chaisleáin Nua, Co. Thiobraid Árann

Buaiteoirí Rince Foirne Scór Sinsir 2019 ó CLG an Chaisleáin Nua, Co. Thiobraid Árann

Beidh lá mór #GAAgaeilge ar shuíomh Facebook Scór, @GAASCórOifigiúil, Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá Coiste Náisiúnta Scór ag tabhairt cuiridh do mhórphobal Chumann Lúthchleas Gael a gcuid amhrán, scéalta, aithrisí agus dánta a chur chugainn. Ní gá ach taifeadadh a dhéanamh díbh féin ag casadh poirt nó ag aithriseoireacht, an taifead a uaslódáil ar bhur gcuid suíomhanna Facebook féin, GAA Scór Oifigiúil a chlibeáil agus roinnfear é ar shuíomh Facebook Scór. Luaigh do ainm, do chlub agus do chontae más féidir!

NÍ MÓR DO THUISMITHEOIR/CHAOMHNÓIR AON IARRATAS Ó AOINNE FAOI 18 BLIAIN D’AOIS A UASLÓDÁIL AR A SUÍOMH FACEBOOK FÉIN

Tá os cionn 200 duine tar éis páirt a ghlacadh i ‘Virtual Scór go dtí seo agus is iad seo leanas na socruithe don chéad choicís eile:

25 Aibreán Lá ‘Ceol Clainne’ ar ‘Virtual Scór’ – beidh píosa ceoil ó bheirt cheoltóirí, nó níos mó, ón teaghlach céanna ag teastáil le páirt a ghlacadh ann.

25 Aibreán Tráth na gCeist ar líne (ina bhfuil neart ceisteanna Gaeilge i measc na gceisteanna ann) arna reáchtáil ag Scór Chonnacht ar a leathanach Facebook.

26 Aibreán Lá ‘GAAgaeilge’ ar ‘Virtual Scór’ – amhráin, dánta, aithrisí agus scéalta i nGaeilge amháin.

30 Aibreán Craobh Scór na nÓg 2020 á taispeáint ar Facebook a bhuíochas do TG4.

2 Bealtaine ‘County Day’ ar ‘Virtual Scór’ – beidh amhráin ina bhfuil contaetha luaite sna hamhráin ag teastáil le páirt a ghlacadh ann – an mbeidh ionadaíocht ann ó gach contae sa tír??

3 Bealtaine ‘Rince Timpeall an Tí’ ar Virtual Scór – beidh damhsaí, nó rincí, ina bhfuil beirt nó níos mó ón teaghlach céanna páirteach iontu ag teastáil le páirt a ghlacadh ann.

6 Bealtaine Buaicphointí ó Bhabhtaí Ceannais Scór 2019 á dtaispeáint ar Facebook a bhuíochas do TG4.