Labhraíonn Liam Rushe faoin tabhacht a bhaineann le bia ceart a ithe ar lá cluiche
D’fhéadfadh an méid a itheann imreoirí ar lá cluiche tionchar mór a imirt ar an gcaoi a n-imríonn siad. Sa ghearrfhíseán seo a rinneadh mar chuid den chúrsa idirbhliana de chuid Chumann Lúthchleas Gael, Ceannairí don Todhchaí nó ‘Future Leaders’, faigheann muid léargas ar an gcineál bia ar cheart do imreoirí a ithe ar lá cluiche.
Labhraítear anseo le hAoife Ní Chasaide, Sleacht Néill agus Doire, le Liam Rushe, Áth Cliath, le Sinéad Finnegan, Áth Cliath, agus leis an saineolaí cothúcháin Kate McDaid.
Breathnaigh ar an bhfíseán anseo.